Ordú: 20

Daoine a bhfuil coinníollacha cúirtbhannaí á sárú acu a ghabháil : I.R. Uimh. 194 de 2001

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No20-S.I. No. 260 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) Rules 2010
No20-S.I. No. 565 Of 2018: District Court (Bail) Rules 2018

Duine atá ar tí coinníoll cúirtbhanna a shárú a ghabháil

1. (1) I gcás ina ndéanfaidh cúirt duine a cúisíodh i gcion a ligean faoi bhannaí ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna le hurra nó urraí nó gan urra, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chuige sin chuici ó urra nó urraí de chuid an duine chú isithe nó ó chomhalta den Gharda Síochána agus ar fhaisnéis (Foirm 20.1,  Sceideal B) a dhéanamh i scríbhinn agus faoi mhionn don urra nó don chomhalta sin nó thar a cheann nó a ceann go bhfuil an cúisí ar tí aon choinníoll de choinníollacha an chúirtbhanna a shárú, barántas (Foirm 20.2, Sceideal B) a eisiúint chun an duine cúisithe a ghabháil.

(2) Nuair a ghabhfar an cúisí, déanfar é nó í, a luaithe is féidir, a thabhairt os comhair na cúirte a rinne an t-ordú á ordú go rachfaí sa chúirtbhanna.

(3) I gcás ina dtabharfar duine os comhair cúirte mar atá ráite, féadfaidh an chúirt an duine a chimiú chun príosúin chun feitheamh lena thriail nó lena triail nó go dtí go rachaidh sé nó sí i gcúirtbhanna as an nua nó, i gcás é nó í a bheith arna athchur nó arna hathchur, é nó í a athchur arís (Foirm 20.3, 20.4 20.5, Sceideal B).

Duine atá ar tí coinníoll cú irtbhanna a shárú a ghabhá il

2. (1) I gcás ina ndéanfaidh cúirt duine a cúisíodh i gcion a ligean faoi bhannaí ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna le hurra nó urraí nó gan urra, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chuige sin chuici ó chomhalta den Gharda Síochána agus ar fhaisnéis (Foirm 20.6, Sceideal B) a dhéanamh i scríbhinn agus faoi mhionn don chomhalta sin nó thar a cheann nó a ceann go bhfuil aon choinníoll de choinníollacha an chúirtbhanna sá raithe ag an gcúisí, barántas (Foirm 20.7, Sceideal B) a eisiúint chun an duine cúisithe a ghabháil.

(2) Nuair a ghabhfar an cúisí, déanfar é nó í, a luaithe is féidir, a thabhairt os comhair na cúirte a rinne an t-ordú á ordú go rachfaí sa chúirtbhanna.

(3) I gcás ina n-eiseofar barántas faoi alt 9(2) den Acht um Bannaí, 1997, leanfaidh an cúisí agus aon urra nó urraí de bheith faoi cheangal ag a gcúirtbhannaí agus ní fhuasclófar aon airgead a bheidh íoctha isteach sa chúirt i dtaca leo sin roimh chríochnú aon imeachtaí faoin alt sin.