Ordú: 14
An pobal a ligean isteach sa chúirt agus imeachtaí a fhoilsiú : I.R. Uimh. 33 de 2010
Imeachtaí a bheith i gCúirt oscailte: Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann agus an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, alt 4I(1)
1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le dlí, measfar gur Cúirt oscailte a mbeidh, faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, rochtain ag an bpobal i gcoitinne uirthi a mhéid a bheidh cóiríocht inti dóibh go caoithiúil an áit ina suífidh an Chúirt chun imeachtaí achoimre a éisteacht agus chun imeachtaí a sheoladh faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967.
Cumhacht chun an pobal a eisiamh: An tAcht um Cheartas Coiriúil 1951, alt 20(3) agus (4)
2. (1) In aon imeachtaí coiriúla i leith ciona is dóigh leis an gCúirt a bheith de chineál mígheanasach nó graosta, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-riail (2), gach duine a eisiamh ón gCúirt le linn na héisteachta ach amháin oifigigh don Chúirt, daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí, ionadaithe bona fide ón bPreas agus cibé daoine eile a dtabharfaidh an Chúirt, dá rogha féin, cead dóibh fanacht i láthair.
(2) In aon imeachtaí den sórt sin—
(a) más duine faoi bhun ocht mbliana déag d’aois an cúisí, nó
(b) más cion de chineál mígheanasach nó graosta an cion agus má líomhnaítear gur duine faoi bhun na haoise sin nó gur baineannach an duine lena ndearnadh nó ar a ndearnadh é,
beidh duine de thuismitheoirí an duine sin nó gaol eile nó cara don duine sin i dteideal fanacht sa Chúirt le linn iomlán na héisteachta.
Cumhacht chun an pobal a eisiamh: An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, alt 4I(2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil 1999, alt 9); an tAcht um Bannaí 1997, alt 4(2)(b)
3. (1) Le linn imeachtaí a sheoladh faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, i gcás inar deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar nádúr nó imthosca an cháis, nó ar dhóigh eile ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, nó in imeachtaí i ndáil le hiarratais faoi alt 2(1) den Acht um Bannaí 1997, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-riail (2), an pobal nó aon chuid áirithe den phobal nó aon duine nó daoine áirithe, ach amháin ionadaithe bona fide ón bPreas, a eisiamh ón gCúirt le linn na n-imeachtaí.
(2) Ní rachaidh fo-riail (1) chun dochair do cheart tuismitheora, gaoil nó carad de chuid an chúisí nó de chuid páirtí dhíobhálaithe fanacht sa chúirt in aon chás lena mbaineann alt 20(4) den Acht um Cheartas Coiriúil 1951, nó alt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981 (arna ionadú le halt 11 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990).
Cumhacht chun an pobal a eisiamh:
An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939, alt 30(4BA) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, alt 21)
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996, alt 2(3A) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, alt 22)
An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007, alt 50(4A) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, alt 23)
4. (1) I gcás gur deimhin le Breitheamh ag a bhfuil iarratas faoi na hailt seo a leanas á éisteacht:
(a) alt 30(4) den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939,
(b) alt 2(2) den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 nó, de réir mar a bheidh,
(c) alt 50(3) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007,
chun baol dochair don imscrúdú lena mbaineann a sheachaint, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh sé—
(i) a ordú go n-éistfear an t-iarratas ar shlí seachas go poiblí, nó
(ii) gach duine a eisiamh ón gCúirt le linn na héisteachta, ach amháin oifigigh don Chúirt, daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí, ionadaithe bona fide ón bPreas agus cibé daoine eile a dtabharfaidh an Chúirt cead dóibh fanacht i láthair.
(2) Ar iarratas a luaitear i bhfo-riail (1) a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, uaidh féin nó ar iarratas ón oifigeach de chuid an Gharda Síochána atá ag déanamh an iarratais, i gcás go ndealraíonn sé go bhfuil feidhm ag na himthosca a luaitear sna fo-ailt seo a leanas:
(a) fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) d’fho-alt (4BA) d’alt 30 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939, nó
(b) fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) d’fho-alt (3A) d’alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 nó, de réir mar a bheidh,
(c) fomhíreanna (i) agus (ii) d’alt (b) d’fho-alt (4A) d’alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007,
a ordú go ndéanfar, ar mhaithe le leas an phobail, an fhianaise áirithe a thabhairt agus gach duine as láthair, lena n-áirítear an duine lena mbaineann an t-iarratas agus aon ionadaí dlíthiúil (cibé acu don duine sin nó don iarratasóir), seachas iad seo a leanas—
(I) an comhalta nó na comhaltaí den Gharda Síochána ar gá dó nó dóibh a bheith i láthair chun fianaise a thabhairt don Bhreitheamh; agus
(II) más cuí leis an mBreitheamh, cibé Cléireach amháin nó níos mó de Chléirigh na Cúirte a chinnfidh an Breitheamh.
Toirmeasc ar imeachtaí a fhoilsiú: An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, alt 4J(1)
5. (1) Ní fhoilseoidh aon duine, ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar, aon fhaisnéis maidir le himeacht faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, seachas ráiteas á rá gur duine ainmnithe a thionscain an t-imeacht i ndáil le cúiseamh sonraithe in aghaidh duine ainmnithe, agus ráiteas ar aon bhreith a dhéantar de thoradh an imeachta.
Toirmeasc ar imeachtaí a fhoilsiú: An tAcht um Bannaí 1997, ailt 1A(9), 2A(3) agus 4(3)
(2) In imeachtaí faoi alt 2(1) den Acht um Bannaí 1997, ní dhéanfar aon fhaisnéis i ndáil le taifead coiriúil an duine a bheidh ag déanamh iarratais chun é nó í a ligean faoi bhannaí a fhoilsiú i bhfoilseachán scríofa atá ar fáil don phobal ná a chraoladh.
(3) Féadfar ordú faoi alt 1A (9) nó 2A(3) den Acht um Bannaí 1997 a dhéanamh ar fhoriarratas ón gcúirt féin nó ar iarratas ón iarratasóir nó ón ionchúisitheoir. Déanfar téarmaí aon ordacháin a thabharfar faoi alt 1A(8) nó aon ordaithe a dhéanfar faoi alt 1A(9) nó alt 2A(3) den Acht um Bannaí 1997 a fhógairt i gcúirt oscailte.
Toirmeasc ar imeachtaí a fhoilsiú:
An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939, alt 30(4BA)(d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, alt 21)
An tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996, alt 2(3A)(d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, alt 22)
An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007, alt 50(4A)(d) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009, alt 23)
(4) Ní fhoilseoidh ná ní chraolfaidh aon duine, ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar nó go gcraolfar, aon fhaisnéis maidir le hiarratas faoi:
(a) alt 30(4) den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939, nó
(b) alt 2(2) den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 nó, de réir mar a bheidh,
(c) alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007
seachas ráiteas (i) á rá go ndearna an Garda Síochána an t-iarratas (nó, i gcás iarratais faoi alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007, á rá go ndearna duine ainmnithe an t-iarratas) i ndáil le himscrúdú áirithe, agus (ii) ar aon bhreith a dhéantar de thoradh an iarratais.
Foirm an deimhnithe
6. Is de réir Fhoirm 14.1, Sceideal B, a bheidh deimhniú de bhun Alt 4J(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967.
Ainmneacha finnéithe a choimeád ceilte
7. Féadfar fógra go bhfuil ar intinn ag páirtí iarratas a dhéanamh faoi alt 181 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 a thabhairt ar shlí eile seachas i scríbhinn agus féadfaidh an Breitheamh a mheas gur leor an fógra a tugadh in aon chás. Más rud é go ndéanfar ordú de bhun aon iarratais den sórt sin, féadfaidh an páirtí a ndearnadh an t-ordú ar iarratas uaidh nó uaithi a iarraidh ar an mBreitheamh a dheimhniú gurb ann don ordú sin aon tráth a bheidh na himeachtaí lena mbaineann an t-ordú os comhair na Cúirte.”