Ordú 94

Náisiúntacht agus saoránacht Éireann

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 (Uimh. 26 de 1956);

ciallaíonn ‘‘Acht 1986’’ Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1986 (Uimh. 23 de 1986).

Ionad

2. Is i gcúirt oscailte a dhéanfar dearbhú dilseachta don náisiún agus tairiseachta don Stát de bhun alt 15 (1) (e) — (arna chur isteach le halt 4 d’Acht 1986) — den Acht, nuair is os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche a dhéanfar é, agus féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt.

Foirm an dearbhaithe

3. Tá foirm fhorordaithe an dearbhaithe sin i Rialachá in Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 (I.R. Uimh. 216 de 1956).