Ordú: 8

Fianaise a thabhairt : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhar
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

O.8, r.1 Fianaise ó fhinné

1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le haon achtachán nó riail, is viva voce agus faoi mhionn a dhéanfaidh gach finné sa Chúirt fianaise a thabhairt.

2. In aon imeachtaí,ní fhanfaidh finné nach páirtí as láthair ón gCúirt gan chead. Féadfaidh an Chúirt, áfach, a ordú don fhinné sin an Chúirt a fhágáil go dtí go dteastóidh a chuid fianaise nó a cuid fianaise nó tar éis an fhianaise sin a thabhairt.