Ordú: 35

Cóipeanna deimhnithe d'órduithe agus de dhoiciméid eile : I.R. Uimh. 41 de 1998

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No35-S.I. No. 92 Of 2009: District Court (Forms) Rules 2009

Cóipeanna deimhnithe d'órduithe agus de dhoiciméid eile

1. (1) Más rud é, de bhun alt 14 d’Acht na gCúirteanna, 1971, go mbeidh gá le cóip d’ordú arna dhéanamh in aon chás dlínse achomaire, déanfaidh an Cléireach don cheantar cúirte ina ndearnadh an t-ordú an t-ordú a tharraingt suas agus síneoidh Breitheamh é. Coinneoidh an Cléireach an t-ordú sin ina choimeád nó ina coimeád.

(2) Aon duine a bhfuil leas bona fide aige nó aici san ábhar, féadfaidh sé nó sí, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc, cóip a fháil ón gCléireach den ordú (i bhFoirm 35.1, 35.3, nó 35.4, Sceideal B, de réir mar is cuí) arna deimhniú ag an gCléireach de réir fhorálacha riail 4 den Ordú seo.

2. Ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc, féadfaidh aon pháirtí in aon imeachtaí cóip a fháil ón gCléireach d’aon fhaisnéis, gearán scríofa nó teistíocht atá ina choimeád nó ina coimeád agus a rinneadh nó a tógadh in aon chás ina cheantar nó ina ceantar cúirte, agus d’aon ordú atá i gcoimeád an Chléirigh sin agus a rinne Breitheamh i réamhscrúdú aon chiona indíotáilte sa cheantar cúirte sin.

3. Más rud é gur deimhin le Breitheamh go bhfuil cóip d’ordú nó de dhoiciméad eile ag teastáil go réasúnach ó aon duine chun críche aon imeachtaí dlíthiúla, féadfaidh an Breitheamh sin a ordú don Chléireach cóip den ordú sin nó den doiciméad eile sin a chur ar fáil don duine sin ar an duine sin d’íoc na táille forordaithe (más ann).

4. Deimhneoidh an Cléireach gur cóip dhílis den ordú bunaidh nó den doiciméad bunaidh, de réir mar a bheidh, atá ina choimeád nó ina coimeád, cóip d’ordú nó de dhoiciméad eile a chuirfear ar fáil faoin Ordú seo