Ordú 70

Agóidí i gcoinne ar-cheadúnais mhionreacairí fíona a dheonú den chéad uair

Ionad

1. Maidir le hagóid ag comhalta den Gharda Síochána (nach ísle céim ná Cigire) i gcoinne na Coimisinéirí Ioncaim do dheonú Ar-Cheadúnais Mhionreacaire Fíona den chéad uair, de bhun alt 14 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, féadfar í a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh a mbeidh ceadúnas á lorg ina leith.

Fógra agóide —

2. (1) Sula ndéanfar an agóid sin, déanfar toghairm i bhFoirm 70.1, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an iarratasóir ar an gceadúnas sin seacht lá ar a laghad roimh an suí den Chúirt a ndearnadh an agóid a liostú lena héisteacht os a comhair.

caveat don Bhailitheoir C & M

(2) Ar an toghairm a eisiúint le haghaidh seirbheála, cuirfidh an Cléireach fógra i bhfoirm caveat i bhFoirm 70.2, Sceideal C, chuig an mBailitheoir Custam agus Máil.

(3) Nuair a bheidh an toghairm seirbheáilte, déanfar an toghairm bhunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh í, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dhá ta an tsuí sin den Chúirt.

Ordú ón gCúirt

3. (1) Is i bhFoirm 70.370.4, Sceideal C, de réir mar is cuí, a bheidh an t-ordú ó n gCúirt ar an agóid a éisteacht. Cuirfidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú sin chuig an mBailitheoir Custam agus Máil.

(2) Más rud é go ndéanfar fógra achomhairc i gcoinne ordaithe den sórt sin a thaisceadh leis an gClé ireach, déanfaidh sé nó sí fógra chuige sin a chur láithreach chuig an mBailitheoir Custam agus Máil.