Leasuithe ar: Ordú 25

I.R. Uimh. 19 de 2016: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Fíneálacha), 2015

1. (1) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Dúiche (Fíneálacha), 2015, is teideal dóibh, i ngníomh an 18ú lá d’Eanáir, 2016.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997), agus i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.

(3) Na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2015, is teideal do na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

... ...

(ii) tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 2 d’Ordú 25:

“2. (1) I ngach cás dlínse achomaire, aon uair a bheidh ordú déanta, ar aon duine a chiontú i gcion faoi alt 2(1) d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, nó alt 1 den Criminal Justice Administration Act 1914 chun duine a chimiú chun príosúnachta, féadfaidh an Chúirt barántas cimithe chun príosúnachta a eisiúint (Foirm 25.5 nó 25.6, Sceideal B) láithreach nó aon tráth nach déanaí ná sé mhí ón dáta a ndearnadh an t-ordú sin.

(2) I ngach cás dlínse achomaire, aon uair a bheidh ordú déanta, ar aon duine a chiontú i gcion chun coinníoll a chomhlíonadh agus nach mbeidh an coinníoll sin comhlíonta, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón ionchúisitheoir, barántas cimithe chun príosúnachta a eisiúint mar gheall ar neamh- chomhlíonadh an choinníll (Foirm 25.7, Sceideal B) aon tráth nach déanaí ná sé mhí ó dheireadh na tréimhse ama a bheidh socraithe leis an ordú sin chun an coinníoll sin a chomhlíonadh.”.

(...)