Leagtar amach sna Treoracha Cleachtais na nósanna imeachta atá le leanúint agus imeachtaí á dtabhairt os comhair na gcúirteanna. Tá treoracha cleachtais ar leithligh ann do gach dlínse.

Maidir leis na Treoracha Cleachtais

Comhlánaíonn Treoracha Cleachtais rialacha na cúirte.

Eisítear iad chun páirtithe a chur ar an eolas faoina bhfuil súil ag an gcúirt uathu maidir le cleachtas agus nós imeachta na gcúirteanna.

Tá gach iarracht déanta lena chinntiú go bhfuil na treoracha cleachtais a chuirtear ar fáil ar an suíomh seo cruinn agus cothrom le dáta.

Ba cheart fiosrúcháin maidir le treoracha cleachtais a dhíriú chuig an oifig chúirte ábhartha.