Ordú 66

Cearrbhachas agus crannchuir

Míniu

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 (Uimh. 2 de 1956), arna leasú.

Ionad —

Deimhniú i leith Ceadú nais Chearrbhachais

2. (1) Maidir le hiarratas á iarraidh go ndeonófar deimhniú á údarú ceadúnas a eisiúint a cheadóidh cearrbhachas i siamsalann nó ag aonach súgraidh de bhun alt 15 (1) den Acht, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh a mbeidh ceadúnas á lorg ina leith.

Foirm an Fhógra

 

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 66.1, Sceideal C), arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána don líomatáiste agus ar anÚdarás Áitiúil a bhfuil an t-áitreabh ina limistéar riaracháin, ocht lá is fiche ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Fógra nuachtáin

(4) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin, i nuachtán a léitear sa líomatáiste.

 

(5) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, maidir leis an iarratas sin.

Fógra, etc., a thaisceadh

(6) Déanfar an chóip bhunaidh den fhógra iarratais, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta.

Ordú ón gCúirt

(7) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 66.2, Sceideal C, a bheidh an deimhniú.

Ionad —

Iarratas ar Cheadúnas Crannchuir

3. (1) Maidir le hiarratas á iarraidh go ndeonófar ceadúnas chun crannchur a thionscnamh de bhun alt 28 den Acht, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina mbeidh an crannchur le heagrú.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 66.3, Sceideal C), arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána don dúiche ina bhfuil an crannchur le heagrú ocht lá is fiche ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais. Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an chóip bhunaidh den fhógra, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(4) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 66.4, Sceideal C, a bheidh an ceadú nas.

Ionad —

Achomharc i gcoinne diúltú cead a dheonú

4. (1) Maidir le hachomharc i gcoinne diúltú ó Cheannfort den Gharda Síochána cead a dheonú chun crannchur a thionscnamh de bhun alt 27 den Acht, féadfar é a thionscnamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir.

Fógra achomhairc

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 66.5, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána lena mbaineann seacht lá ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte ag an-éistfear an t-achomharc. Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an chóip bhunaidh den fhógra, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta an tsuí sin.

 

(4) Déanfaidh an Ceannfort cóip den iarratas ar an gcead, agus cóip den bhreith a bhfuil an t-achomharc á thionscnamh ina coinne, a thaisceadh leis an gCléireach 48 n-uaire an chloig ar a laghad roimh an suí.

Ordú ón gCúirt

(5) Is de réir Fhoirm 66.6, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-achomharc.

Iarratas ar bharántas cuardaigh

— ionad

5. (1) Féadfar iarratas á iarraidh go n-eiseofar barántas cuardaigh faoi alt 39 den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an áit nó an t-áitreabh a mbeidh an barántas á lorg ina leith.

— trí fhaisnéis faoi mhionn

(2) Is tríd an bhfaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn (i bhFoirm 66.7, Sceideal C) ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire a dhéanfar an t-iarratas sin.

Foirm an bharántais

(3) Más rud é go ngéillfidh an Chúirt don iarratas, is de réir Fhoirm 66.8, Sceideal C, a bheidh barántas cuardaigh a eiseofar de bhun na faisnéise sin.