Ordú 69

Deimhnithe bialainne agus dearbhuithe maidir le hoiriúnacht áithribh

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 1927’’ an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927);

ciallaíonn ‘‘Acht 1943’’ an tAcht Deocha Meisciúla, 1943 (Uimh. 7 de 1943);

ciallaíonn ‘‘Acht 1960’’ an tAcht Deocha Meisciúla, 1960 (Uimh. 18 de 1960);

ciallaíonn ‘‘Acht 1988’’ an tAcht Deochanna Meisciúla, 1988 (Uimh. 16 de 1988).

Ionad le haghaidh iarratas

 

2. (1) Maidir le hiarratas á iarraidh go ndeonó far—

(a) deimhniú bialainne, de bhun alt 12 (1) d’Acht 1927,

(b) deimhniú bialainne, arna dhéanamh ag sealbhóir ar-cheadúnais mionreacaire fíona de bhun alt 12 (1A) d’Acht 1927 (arna chur isteach le halt 8 d’Acht 1943),

(c) deimhniú bialainne, de bhun alt 12 (1) d’Acht 1927, arna fheidhmiú le halt 12 (1B) den Acht sin (arna chur isteach le halt 48 d’Acht 1988),

(d) deimhniú bialainne teoranta, de bhun alt 12A d’Acht 1927 (arna chur isteach le halt 9 d’Acht 1960), nó

(e) dearbhú maidir le hoiriúnacht áitribh cheadúnaithe le haghaidh deimhniú bialainne nó deimhniú bialainne teoranta, de bhun alt 16 d’Acht 1960, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh dá mbeifear ag lorg an deimhnithe nó an dearbhaithe.

Foirmeacha i ndáil le fógra

(2) Sula ndéanfar gach iarratas den sórt sin, déanfar fógra i gceann de na Foirmeacha ó Fhoirm 69.1 go Foirm 69.5, Sceideal C, de réir mar a bheidh, arna shíniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don limistéar ceadúnúcháin deich lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais agus, más rud é gur iarratas ar dhearbhú maidir le hoiriúnacht áitribh cheadúnaithe le haghaidh deimhniú bialainne nó deimhniú bialainne teoranta an t-iarratas, cuirfidh an t-oifigeach faoi deara freisin go ndéanfar cóip de phlean an áitribh a thaisceadh leis an oifigeach sin.

Fógra agus léarscáil a thaisceadh

(4) Nuair a bheidh an fógra iarratais seirbheáilte, déanfar an chóip bhunaidh den fhógra sin, mar aon le léarscáil nó plean den áitreabh, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Ordú ón gCúirt

(5) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir ceann de na Foirmeacha ó Fhoirm 69.6 go Foirm 69.10, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a bheidh an deimhniú nó an dearbhú.