Ordú: 2

Imeachtaí agus an chúirt a chur ar atráth

O.2, r.1 - Imeachtaí a chur ar atráth

†1. Féadfaidh Breitheamh déanamh aon ghnó Cúirte ina bhfuil dlínse aige nó aici a aistriú nó a chur ar atráth—

(1) go dtí ócáid eile san áit ina raibh an gnó sin á dhéanamh aige nó aici tráth a aistrithe nó a churtha ar atráth, cibé acu an lá agus am atá ceaptha an ócáid sin nó nach ea, nó

(2) go dtí ócáid eile (cibé acu an lá agus am atá ceaptha an ócáid sin nó nach ea) in áit éigin eile ina dhúiche nó ina dúiche atá ina háit atá ceaptha chun gnó na Cúirte a dhéanamh, cibé acu an áirítear nó nach n-áirítear sa ghnó sin an gnó sin a aistríodh nó a cuireadh ar atráth amhlaidh.

2. (1) Féadfaidh Breitheamh, tráth ar bith, éisteacht aon imeachtaí a chur ar atráth ar cibé téarmaí is cuí leis nó léi agus féadfaidh sé nó sí na himeachtaí a chur ar atráth go ginearálta agus cead ag páirtí iad a ataifeadadh.

(2) Maidir le himeachtaí a bheidh curtha ar atráth go ginearálta agus cead ag páirtí iad a ataifeadadh, féadfar iad a ataifeadadh trí fhógra deich lá ar a laghad, i scríbhinn, a thabhairt don pháirtí eile agus trí chóip den fhógra sin a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta.

An Chúirt a chur ar atráth

3. (1) Más rud é nach mbeidh Breitheamh i láthair ag an am a bheidh ceaptha do shuí Cúirte, féadfaidh an Cléireach, de bhun ordaithe ón mBreitheamh sin an lá a bheidh ceaptha amhlaidh, nó roimh an lá agus an am a bheidh ceaptha amhlaidh, suí na Cúirte sin agus éisteacht na n-imeachtaí aige a chur ar atráth de réir an ordaithe sin.

(2) Más rud é nach mbeidh aon ordú den sórt sin faighte ag an gCléireach agus nach mbeidh aon Bhreitheamh i láthair uair an chloig tar éis an ama a bheidh ceaptha do shuí Cúirte, cuirfidh an Cléireach suí na Cúirte sin agus éisteacht na n-imeachtaí aige ar atráth go dtí an chéad Chúirt eile a shuífidh sa cheantar cúirte.

(3) Cuirfidh an Cléireach fógra i dtaobh an atrátha (Foirm 2.1, Sceideal B) ar dhoras theach na cúirte agus coinneoidh sé nó sí cóip den fhógra.

(4) Gach duine ar ceanglaíodh air nó uirthi le haon toghairm, ordú , toghairm shibhialta, cú irtbhanna nó fógra, freastal sa Chúirt a cuireadh ar atráth amhlaidh, measfar fógra i dtaobh an atrátha sin a bheith tugtha dó nó di agus beidh d’oibleagáid air no uirthi freastal lá an atrátha sin, gan aon toghairm, ordú , toghairm shibhialta, cúirtbhanna ná fógra eile a eisiúint ná a sheirbheáil.

O.2, r.4

*4. D’ainneoin fhorálacha riail 3, mura suífidh an Chúirt an lá a mbeidh duine athchurtha faoi choimeád chuige, beidh an duine sin arna athchur nó arna hathchur go dtí an chéad suí eile den Chúirt a bheidh ar bun sa dúiche Chúirte Dúiche chéanna, agus déanfaidh an Cléireach an deimhniú a shonraítear in Ordú 19, riail 2 (5) (a), de na Rialacha seo, i bhFoirm 19.3, Sceideal B, a tharchur láithreach chuig Rialtóir an phríosú in nó chuig an duine i gceannas an fhorais athchuir ina bhfuil an duine sin faoi choinneáil.

 

†An tAcht Cúirteanna Breithiú nais, 1953 [a.27 (3)].

*An tAcht um Nó s Imeachta Coiriú il, 1967 [a.24 (5)].

† Courts of Justice Act 1953 [s. 27 (3)]
* Criminal Procedure Act 1967 [s.24 (50)]