Ordú 65

Iascaigh

Mínithe

1. San Ordú seo

ciallaíonn ‘‘Acht 1962’’ an tAcht Iascaigh (Leasú), 1962 (Uimh. 31 de 1962);

ciallaíonn ‘‘Acht 1978’’ an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978 (Uimh. 18 de 1978);

ciallaíonn ‘‘Acht 1980’’ an tAcht Iascaigh, 1980 (Uimh. 1 de 1980);

ciallaíonn ‘‘Acht 1994’’ an tAcht Iascaigh (Leasú), 1994 (Uimh. 23 de 1994);

ciallaíonn ‘‘an Príomh-Acht’’ an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 (Uimh. 14 de 1959);

ciallaíonn ‘‘gnó’’ bradáin agus bric, eascanna, nó éisc shliogáin mhoileascacha, de réir mar is cuí, a dhíol nó a onnmhairiú lena ndíol.

Iarratas ar dheimhniú oiriúnachta

2. (1) Féadfar iarratas de bhun alt 158 (arna leasú le halt 14 d’Acht 1962 agus leis an gceathrú sceideal a ghabhann le hAcht 1980) den Phríomh-Acht ar dheimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte ina ndéanann an t-iarratasóir, nó ina mbeartaíonn sé nó sí, gnó a sheoladh.

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 65.1, Sceideal C, arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

(3) Déanfaidh an t-iarratasóir, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh dháta éisteachta an iarratais, an fógra a sheirbheáil ar an mbord réigiúnach a ndéanann sé nó sí, nó a mbeartaíonn sé nó sí, gnó a sheoladh ina réigiún iascaigh. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha alt 324 den Phríomh-Acht.

(4) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

(5) Is i bhFoirm 65.2, Sceideal C, a bheidh deimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú, arna dheonú faoin alt sin 158.

Iarratas chun bád agus daoine a choinneáil (go ceann 48 n-uaire an chloig)

3. (1) Féadfar iarratas chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche de bhun alt 233A (arna leasú le halt 12 d’Acht 1978 agus arna ionadú le halt 11 d’Acht 1994) den Phríomh-Acht ar Ordú á údarú bád agus na daoine ar bord an bháid a choinneáil níos faide (go ceann thréimhse 48 n-uaire an chloig) a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an calafort ina bhfuil an bád agus na daoine lena mbaineann faoi choinneáil.

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfaidh an t-iarratasóir fógra i bhFoirm 65.3, Sceideal C, a chomhlánú agus a thaisceadh leis an gCléireach agus déanfaidh sé nó sí cóip den fhógra sin a sheachadadh ar gach duine de na daoine a bhfuil an t-ordú á iarraidh ina leith.

(3) Is i bhFoirm 65.4, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt más rud é go ngéillfidh an Chúirt don iarratas.

Bád agus daoine a choinneáil go dtí go ndéanfar breithniú ar imeachtaý

4. Is i bhFoirm 65.5, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 234 (1) — arna ionadú le halt 13 d’Acht 1978 — den Phríomh-Acht á cheangal bád agus daoine (lena n-áirítear an máistir) a choinneáil ar bord an bhá id sin go dtí go mbeidh breithniú déanta ag an gCúirt ar imeachtaí.

Bád a choinneáil go dtí go ndéanfar fíneáil agus costais a íoc

5. Is i bhFoirm 65.6, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 236 (1) (b) den Phríomh-Acht á cheangal bád a choinneáil níos faide go dtí go n-íocfar fíneáil agus costais (más ann).

Ordú chun bád a thochsal agus a dhíol

6. Is i bhFoirm 65.7, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 236 (1) (c) den Phríomh-Acht chun bád a thochsal agus a dhíol ar fhíneáil agus costais (más ann) a bheith gan íoc.

Bád a choinneáil go dtí go ngabhfar seilbh ar earra forghéillte

7. Is i bhFoirm 65.8, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 236 (2) den Phríomh-Acht a dhéanfar ar iarratas ón ionchúisitheoir, á údarú bád a choinneáil go dtí go ngabhfar seilbh ar earra ar bord an bháid a ordaíodh a fhorghéilleadh nó atá ar forghéilleadh.

Bád a choinneáil níos faide go dtí go gcinnfear imeachtaí (lena n-á irítear achomhairc agus trialacha)

8. Is i bhFoirm 65.965.10, Sceideal C, de réir mar is cuí, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 235 (1) — arna ionadú le halt 14 d’Acht 1978 — den Phríomh-Acht á cheangal bád a choinneá il níos faide,— i gcás achomhairc in aghaidh, nó aon imeachtaí eile i leith, ordaithe ag ciontú duine i gcion faoi Chaibidil II nó III de Chuid XIII den Phríomh-Acht nó ordaithe ag díbhe imeachtaí i ndáil le cion den sórt sin, go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó aon imeachtaí eile (agus aon imeachtaí de dhroim an achomhairc nó na n-imeachtaí eile),

 

i gcás duine a chur ar aghaidh chun a thrialach nó a trialach nó i gcomhair pianbhreithe agus é nó í cúisithe i gcion faoin gCaibidil sin II nó III, go dtí go gcinnfear an cás sa Chúirt ar cuireadh an duine sin ar aghaidh chuici agus, i gcás achomhairc nó imeachtaí eile a éiríonn as, go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó na himeachtaí eile (agus aon imeachtaí de dhroim an achomhairc nó na n-imeachtaí eile).

Ordú chun bád a scaoileadh saor

9. Is i bhFoirm 65.11, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 235 (2) (a) — arna ionadú le halt 14 d’Acht 1978 — den Phríomh-Acht á cheangal bád a scaoileadh saor.

Bád/bád agus daoine a choinneáil go dtí go ndéanfar breithniú ar imeachta

10. Is i bhFoirm 65.12, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt de bhun alt 301 (2A) — arna chur isteach le halt 53 (b) d’Acht 1980 — den Phríomh-Acht á cheangal bád agus duine nó daoine, nó gan ach an bád, a choinneáil go dtí go mbeidh breithniú déanta ag an gCúirt ar imeachtaí.

Iarratas ar bharántas 

— ionad

11. (1) Féadfar iarratas chuig Breitheamh den Chúirt Dú iche chun barántas a eisiúint de bhun alt 297 — arna leasú le halt 71 d’Acht 1980 — den Phríomh-Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an gairdín, an teach cónaithe nó cúirtealáiste an tí chónaithe a n-iarrtar an barántas a eisiúint ina leith.

— trí fhaisné is faoi mhionn

(2) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 65.13, Sceideal C, ó dhuine údaraithe de réir bhrí alt 292 — arna ionadú sa cheathrú sceideal a ghabhann le hAcht 1980 — den Phríomh-Acht a dhéanfar an t-iarratas sin.

Foirm an bharántais

(3) Is i bhFoirm 65.14, Sceideal C, a bheidh an barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin más rud é go ngéillfidh an Chúirt don iarratas.