Ordú: 32

Mí-úsáid drugaí

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 (Uimh. 12 de 1977) arna leasú leis an Acht um Mí-Ú sáid Drugaí, 1984 (Uimh. 18 de 1984);

ciallaíonn ‘‘ciontóir’’ duine a ciontaíodh i gcion lena mbaineann alt 28 (1) den Acht.

Barántas Cuardaigh

2. (1) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn (i bhFoirm 32.1, Sceideal B) ó chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfar iarratas faoi alt 26 den Acht ar bharántas cuardaigh. Féadfar an fhaisné is sin a mhionnú os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche ar ina dhú iche nó ina Dúiche atá an t-áitreabh nó an talamh iomchuí, nó os comhair Feidhmeannaigh Shíochána ag gníomhú don Dúiche sin.

(2) Is i bhFoirm 32. 2, Sceideal B, a bheidh barántas cuardaigh a eiseofar faoin alt sin.

Cúirtbhanna

3. Más rud é, tar éis di duine a chiontú i gcion lena mbaineann alt 28 (1) den Acht, go dtabharfaidh an Chúirt cead don chiontóir dul i gcúirtbhanna faoi alt 28 (2) (a) den Acht, is i bhFoirm 32.3, Sceideal B, a bheidh an cúirtbhanna sin.

Sárú cúirtbhanna

4. (1) Is trí fhaisnéis i bhFoirm 32.4, Sceideal B, a fhéadfar a mhionnú ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte inar taisceadh an cúirtbhanna, a dhéanfar líomhain faoi alt 28 (5) den Acht gur sháraigh ciontóir cúirtbhanna.

(2) Tar éis di an fhaisnéis sin a bhreithniú, féadfaidh an Chúirt, trí bharántas i bhFoirm 32.5, Sceideal B, a eisiúint, a ordú go dtabharfar an ciontóir os comhair na Cúirte nó, más cuí lé i, in ionad barántas a eisiúint ar an gcéad ásc, féadfaidh sí toghairm i bhFoirm 32.6, Sceideal B, a eisiúint á ordú dó nó di láithriú ag suí sonraithe den Chúirt chun freagra a thabhairt ar an ngearán san fhaisné is. Féadfaidh an Chúirt, freisin, más cuí léi, tríd an bhfoirm toghairme chéanna (fara modhnuithe cuí), a ordú d’urra nó d’urraí an chiontóra, más ann, láithriú ag an suí sin.

(3) Más rud é go ndéanfar ciontóir a ghabháil de bhun barántais a eiseofar faoin riail seo, mura dtabharfar é nó í láithreach os comhair suí den Chúirt don dúiche inar eisíodh an barántas, féadfar é nó í a thabhairt os comhair suí den Chúirt don dúiche inar gabhadh an ciontóir agus féadfar é nó í a athchur faoi choimeád nó faoi bhannaí ansin chun go láithreoidh sé nó sí os comhair suí den Chúirt don dúiche chéadluaite, ar choinníoll nach ndéanfar aon chiontóir den sórt sin a athchur faoi choimeád go ceann tréimhse is faide ná ocht lá .

Iarratas chun ciontóir a thabhairt os comhair na Cúirte le haghaidh fiosrúcháin faoi alt 28 (7)

5. (1) Féadfar iarratas faoi alt 28 (6) den Acht go dtabharfar ciontóir os comhair na Cúirte a dhéanamh ex parte ag aon suí den Chúirt don dúiche ina ndearnadh an t-ordú faoi alt 28 (2) den Acht, ar fhógra roimh ré i bhFoirm 32.7, Sceideal B, a thabhairt don Chléireach.

(2) Más rud é go ngéillfidh an Chúirt don iarratas, nó ar theachtaireacht a luaitear in alt 28 (6) den Acht a fháil, socróidh an Chúirt dáta, am agus áit chun fiosrú an cháis ag an gCúirt faoi alt 28 (7) den Acht a éisteacht agus, trí bharántas i bhFoirm 32.8, Sceideal B, ordóidh sí don duine i gceannas na coimeádlainne cóireála ina bhfuil an ciontóir faoi choinneáil a chur faoi deara an ciontóir a thabhairt os comhair na Cúirte le haghaidh na hé isteachta sin.

(3) Déanfaidh an t-iarratasóir ar an ordú fógra i bhFoirm 32.9, Sceideal B, a thabhairt ansin don ionchúisitheoir, don chiontóir, don duine i gceannas na coimeádlainne sin, de réir mar is cuí, nó cuirfidh sé nó sí chuige nó chuici nó chucu é, agus déanfaidh sé nó sí cóip den fhógra a thaisceadh leis an gCléireach.

Ordú forghéillte

6. Is i bhFoirm 32.10 , Sceideal B, a bheidh ordú forghéillte a dheonóidh an Chúirt faoi alt 30 den Acht.