Ordú: 40B

Imeachtaí tiarna talún agus tionónta (eisiachtain) : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara 
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Mínithe

1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1860” an Landlord and Tenant Law Amendment Act Ireland 1860;

aon tagairt in achtachán do “eisiachtain” ní foláir a mheas, chun críocha an Ordaithe seo, go bhfolaíonn sí tagairt do thiarna talún nó do dhuine eile, a éileoidh teideal a bheith aige nó aici chun áitreabh a shealbhú, d’aisghabháil seilbh ar áitreabh;

ciallaíonn “fógra éilimh i dtaobh tiarna talún agus tionónta” fógra éilimh lena dtionscnófar imeachtaí tiarna talún agus tionónta sa Chúirt Dúiche de réir na Rialacha seo, agus maidir le haon tagairt in achtachán do thoghairm shibhialta eisiachtana ní foláir a mheas, chun críocha an Ordaithe seo, go bhfolaíonn sí tagairt d’fhógra éilimh i dtaobh tiarna talún agus tionónta;

ciallaíonn “imeachtaí tiarna talún agus tionónta” aon imeachtaí sibhialta a fhéadfar a thionscnamh sa Chúirt Dúiche idir tiarna talún agus tionónta, agus maidir le haon tagairt in achtachán d’imeachtaí i leith eisiachtana nó chun seilbh áitribh a aisghabháil sa Chúirt Dúiche ní foláir a mheas, chun críocha an Ordaithe seo, go bhfolaíonn sí tagairt d’imeachtaí tiarna talún agus tionónta;

maidir le haon tagairt do “ordú” ní foláir a mheas, chun críocha an Ordaithe seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, go bhfolaíonn sí tagairt do bhreithiúnas, d’fhoraithne nó do dhíbhe. 

2 Ceanglais an Ordaithe seo de bhreis ar Ordú 40

2. (1) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le himeachtaí tiarna talún agus tionónta sa Chúirt.

(2) Beidh ceanglais an Ordaithe seo de bhreis ar cheanglais Ordú 40 maidir le fógraí éilimh. 

3 Sonraí breise a éilítear i bhfógra éilimh i dtaobh tiarna talún agus tionónta

3. (1) Maidir le fógra éilimh i dtaobh tiarna talún agus tionónta, ní foláir:

(a) ainmneacha an tiarna talún agus an tionónta a shonrú ann;

(b) cineál na tionóntachta a shonrú ann agus é a shonrú ann cibé acu a cheanglaítear an tionóntacht a bheith cláraithe sa chlár tionóntachtaí cónaithe príobháideacha arna chothabháil faoi alt 127 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, agus i gcás go gceanglaítear an tionóntacht a chlárú amhlaidh, (i) sonraí an chlárúcháin a thabhairt nó (ii) a dhaingniú nach bhfuil sí cláraithe amhlaidh;

(c) tuairisc ar an áitreabh lena mbaineann an t-éileamh a bheith ann, lena n-áirítear an seoladh iomlán agus aon mhionsonraí eile is gá chun an ceantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh suite a shuíomh;

(d) an cíos faoin tionóntacht a shonrú ann;

(e) i gcás gur cuid den éileamh é go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh, na fíorais i dtaobh fhoirceannadh na tionóntachta agus an modh ar a ndearnadh í a fhoirceannadh a bheith ann;

(f) i gcás go mbeidh neamhíoc cíosa ina chuid den éileamh, an méid den chíos a bheidh dlite tar éis gach liúntas cothrom cóir a thabhairt, agus an dáta ar anuas go dtí é a bheidh an cíos sin dlite, a shonrú ann;

(g) an chúis nach gcoiscfear ar an éilitheoir imeachtaí sibhialta a thionscnamh sa Chúirt i leith na tionóntachta le halt 182 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 a mhíniú ann;

(h) go leagfar amach ann na costais chuí i Sceideal na gCostas is iníoctha más rud é go mbeidh éileamh an éilitheora socraithe sula ndéanfar láithreas agus cosaint.

(2) Ní foláir chomh maith, maidir le fógra éilimh ina n-éileofar seilbh áitribh a aisghabháil ó thionónta ar toil, ó áititheoir ceadmhach, nó ó airíoch nó ó sheirbhíseach:

(a) go sonrófar ann go ndearna úinéir an áitribh, nó go ndearnadh thar a cheann nó thar a ceann, seilbh a éileamh;

(b) an dáta ar a ndearnadh seilbh a éileamh a shonrú ann;

(c) go ndaingneofar ann gur dhiúltaigh nó nach ndearna an freagróir an t-áitreabh a fhágáil agus seilbh air a thabhairt suas.

(3) Féadfaidh an Chúirt bac a chur ar imeachtaí i leith aon tionóntacht a cheanglaítear a bheith cláraithe sa chlár tionóntachtaí cónaithe príobháideacha arna chothabháil faoi alt 127 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 ach nach bhfuil cláraithe amhlaidh. 

4 Foirm an fhógra éilimh

4. Maidir le fógra éilimh in éileamh:

(a) chun seilbh áitribh a aisghabháil i leith rósheilbhe,

(b) chun seilbh áitribh a aisghabháil ó thionónta ar toil, ó áititheoir ceadmhach, ó airíoch nó ó sheirbhíseach nó,

(c) chun seilbh áitribh a aisghabháil i leith neamhíoc cíosa

ní foláir é a bheith de réir Fhoirm 40B.01, Sceideal C. 

5 Fógra éilimh a sheirbheáil

5. (1) Ní foláir fógra éilimh i dtaobh tiarna talún agus tionónta a sheirbheáil ar gach duine a bheidh i seilbh iarbhír an áitribh a shonrófar san fhógra éilimh, cibé acu mar thionónta, mar fhothionónta, nó eile.

(2) Ní foláir an fógra éilimh a sheirbheáil ar shlí a fhorordaítear in Ordú 41.

(3) I gcás nach mbeidh neastionónta an éilitheora in imeachtaí tiarna talún agus tionónta i seilbh iarbhír an áitribh, ní foláir an fógra éilimh a sheirbheáil ar an neastionónta sin i dteannta í a sheirbheáil ar aon duine ar a gceanglaítear seirbheáil a dhéanamh faoi fho-riail (1).

(4) I gcás nach mbeidh duine ar bith i seilbh iarbhír an áitribh, ní foláir cóip den fhógra éilimh a ghreamú de dhoras an áitribh atá á éileamh nó de chuid fheiceálach éigin eile de. I gcás den sórt sin, ní foláir a mheas gur leorsheirbheáil ar an bhfógra éilimh é cóip den fhógra éilimh a bheith greamaithe.

(5) I gcás gurbh fhothionónta an duine ba dhéanaí a bhí i seilbh iarbhír an áitribh, agus i gcás nach mbeidh duine ar bith i seilbh iarbhír, ní foláir an fógra éilimh a sheirbheáil chomh maith ar neastionónta an éilitheora, de réir mar a fhoráiltear le fo-riail (3). 

6 Mionnscríbhinní in éilimh chun seilbh áitribh a aisghabháil i leith neamhíoc cíosa

6. (1) Maidir le héilimh chun seilbh áitribh a aisghabháil i leith neamhíoc cíosa, féadfaidh an t-éilitheoir cineál agus coinníollacha na tionóntachta agus an méid cíosa atá dlite a chruthú le mionnscríbhinn arna mionnú ag an éilitheoir nó ag a ghníomhaire údaraithe nó ag a gníomhaire údaraithe.

(2) Ní foláir mionnscríbhinn a luaitear i bhfo-riail (1) a chomhdú leis an gCléireach.

(3) Ar mhionnscríbhinn a bheidh comhdaithe faoi fho-riail (2) a léamh, i gcás nach mbeidh láithreas agus cosaint seirbheáilte agus comhdaithe ag freagróir ar bith, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh gan a cheangal ar an éilitheoir freastal a dhéanamh sa Chúirt. 

7 Bac ar fhorghníomhú

7. Ar ordú a dhéanamh ar scór aon fhógra éilimh i dtaobh tiarna talún agus tionónta lena n-éilítear seilbh áitribh a aisghabháil, féadfaidh an Chúirt bac ar fhorghníomhú a dheonú ar cibé coinníollacha is réasúnach léi sna himthosca. 

8 Íoc nó tairiscint in éilimh chun seilbh áitribh a aisghabháil i leith neamhíoc cíosa

8. (1) Aon tráth sula mbeidh ordú de dhroim éileamh chun seilbh áitribh a aisghabháil i leith neamhíoc cíosa seachadta ar an gCláraitheoir Contae nó ar an Sirriam lena fhorghníomhú, féadfaidh an freagróir nó aon duine, ag a mbeidh leas sonrach sa chonradh tionóntachta, a íoc leis an éilitheoir:

(a) an cíos agus na riaráistí cíosa go léir a bheidh dlite tráth seirbheála an fhógra éilimh, agus

(b) suim is leor chun costais an éilitheora a ghlanadh,

nó féadfaidh sé nó sí na méideanna sin a thairiscint don éilitheoir.

(2) Más rud é go ndiúltófar tairiscint na méideanna a luaitear i bhfo-riail (1), féadfaidh an freagróir nó an duine eile, ag a mbeidh leas sonrach sa chonradh tionóntachta, na méideanna sin a thaisceadh leis an gCléireach.

(3) Ní foláir don Chléireach admháil ar aon mhéideanna arna dtaisceadh faoi fho-riail (2) a thabhairt agus fógra a thabhairt don éilitheoir á rá go bhfuarthas na méideanna arna dtaisceadh.

(4) I gcás den sórt sin, féadfaidh an Chúirt a ordú go gcuirfear bac ar na himeachtaí eile go léir go dtí go n-íocfar leis an éilitheoir an t-airgead arna thaisceadh, agus cibé méid breise, más ann, i leith costas anuas go dtí an dáta tairisceana is réasúnach leis an gCúirt.

(5) Beidh breith ón gCúirt faoi fho-riail (4) faoi réir achomhairc amhail is dá mb’ordú críochnaitheach í ar scór fógra éilimh i gcás eisiachtain i leith neamhíoc cíosa. 

9 Eascaire aisig

9. (1) Tráth a bheidh ordú seilbhe i leith neamhíoc cíosa forghníomhaithe, féadfaidh an Chúirt eascaire aisig a dhámhachtain ar iarratas ón bhfreagróir nó ó aon duine eile ag a mbeidh leas sonrach sa chonradh tionóntachta.

(2) Féadfar eascaire aisig a dhámhachtain de réir fho-riail (1) ar an méid a bheidh dlite i leith cíosa, riaráistí cíosa agus costas a íoc leis an éilitheoir nó a thaisceadh leis an gCléireach laistigh de shé mhí tar éis an breithiúnas a fhorghníomhú, de réir mar a fhoráiltear le hailt 70 agus 71 d’Acht 1860. 

10 Barántas seilbhe

10. (1) Féadfar barántas seilbhe faoi alt 86 d’Acht 1860 a eisiúint tráth ar bith nach faide ná sé mhí tar éis dháta an ordaithe.

(2) Tar éis sé mhí a bheith caite ó dháta an ordaithe, ní fhéa