Leasuithe ar: Ordú 22

I.R. Uimh. 498 de 2008: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Barántais Bhinse) 2008

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (Barántais Bhinse) 2008 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 29ú lá de Nollaig 2008 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 go 2008.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in Ordú 22, díreach i ndiaidh riail 4:

“5. Féadfar barántas aonair a eisiúint faoin Ordú seo i leith mainneachtainí éagsúla láithriú dá dtagraítear i rialacha 1 agus 2. Beidh in aon bharántas [den sórt sin] a eiseofar faoin Ordú seo, i gcorp an bharántais nó i gceangal leis, dóthain sonraí chun an mhainneachtain nó na mainneachtainí láithriú dá dtagraítear i rialacha 1 agus 2 a shainaithint.”