Ordú: 28A

Imeachtaí faoi chuid 10 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 : I.R. Uimh. 203 de 2007

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No28A-S.I. No. 25 Of 2008: District Court (Criminal Justice Act 2006) (No. 2) Rules 2008 
No28A-S.I. No. 105 Of 2009: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2009
No28A-S.I. No. 260 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) Rules 2010

1. San Ordú seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006).

2. Más rud é go mbeidh téarma príosúnachta gearrtha ar dhuine agus go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 99(1) den Acht chun forghníomhú na pianbhreithe a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, ach sin faoi réir an duine do dhul faoi chúirtbhanna, le hurra nó gan urra, chun coinníollacha an ordaithe nó na coinníollacha a fhorchuirtear i ndáil leis an ordú a chomhlíonadh, is i bhFoirm 28A.1, Sceideal B a bheidh an t-ordú agus an cúirtbhanna.

3. Déanfaidh an Cléireach cóip d’aon ordú arna dhéanamh faoi alt 99 den Acht a tharchur leis an ngnáthphost chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 99(7) den Acht agus, más cuí, chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 99(8) den Acht.

4. Maidir le hiarratas ó oifigeach promhaidh agus leasa faoi alt 99(6) den Acht chun aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear in alt 99(4) a fhorchur i ndáil le hordú arna dhéanamh faoi alt 99(1) den Acht, ach amháin mar a n-ordóidh nó mar a cheadóidh an Chúirt a mhalairt, is trí fhaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn a bheidh sé ag an oifigeach promhaidh i bhFoirm 28A.2, Sceideal B. Féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte inar ciontaíodh an cúisí. Más cuí leis an gCúirt déanamh amhlaidh, féadfaidh sí barántas a eisiúint chuig Gobharnóir an phríosúin ina bhfuil an duine i bpríosún i bhFoirm 28A.3, Sceideal B chun go ndéanfar an duine atá faoi cheangal ag an gcúirtbhanna a thabhairt ar aird chun freastal os a comhair chun freagra a thabhairt ar an iarratas. Is i bhFoirm 28A.1, Sceideal B a bheidh ordú na Cúirte, fara aon mhodhnuithe is gá.

5. I gcás inar gá coinníollacha a chur le cúirtbhanna i dtaca le hiarratas a dheonú faoin riail seo, déanfar an cúirtbhanna bunaidh a thabhairt ar aird sa Chúirt. I gcás ina gcuirfidh an Chúirt coinníollacha leis an gcúirtbhanna, déanfaidh an duine/na daoine atá faoi cheangal an cúirtbhanna arna leasú amhlaidh a admháil an athuair os comhair na Cúirte ar an leasú sin a dhéanamh.

6. Maidir le hiarratas faoi alt 99(13) den Acht ó chomhalta den Gharda Síochána nó ó ghobharnóir an phríosúin chun ar cimíodh duine nó faoi alt 99(14) den Acht ó oifigeach promhaidh agus leasa chun dáta a shocrú chun iarratas ar ordú ag cúlghairm ordaithe faoi alt 99(1) den Acht a éisteacht, is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn a bheidh sé ón iarratasóir i bhFoirm 28A.4, Sceideal B. Féadfar iarratas chun an dáta sin a shocrú a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte dúiche inar ciontaíodh an cúisí. Ar éisteacht an iarratais chun dáta a shocrú, déanfaidh an Chúirt, má dheonaíonn sí an t-iarratas, dá ta a shocrú ar a mbeidh an t-iarratas le cur ar ais chuici. D’fhonn an duine ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas a chur ar an eolas i dtaobh dá ta a shocrú le haghaidh éisteacht an iarratais de réir alt 99(15) den Acht, tabharfaidh an Cléireach fógra don duine lena mbaineann trí fhógra i scríbhinn i bhFoirm 28A. 5, Sceideal B don duine lena mbaineann, a bheidh le freagairt suas go dtí an dáta sin, an t-iarratas a fhreagairt nó, más rud é go mbeidh an duine i bpríosún ar an dá ta freagartha, eiseoidh an Chúirt barántas chuig gobharnóir an phríosúin ina bhfuil an duine i bpríosún chun an duine atá faoi cheangal ag an gcúirtbhanna a thabhairt ar aird i bhFoirm 28A.3, Sceideal B chun freastal os a comhair chun an t-iarratas a fhreagairt, agus tabharfar an fógra sin ar cheann amháin de na slite a shonraítear in alt 99(18) den Acht. Tabharfar fógra i dtaobh an iarratais d’aon urra trí chóip den fhógra nó den bharántas a chur chuig an urra de réir fhorálacha Ordú 10 de na Rialacha seo.

7. Más rud é go mainneoidh duine nach bhfuil i bpríosún láithriú os comhair na Cúirte mar fhreagra ar fhógra arna eisiúint de réir riail 6, féadfar barántas chun an duine sin a ghabháil a eisiúint i bhFoirm 22.2, Sceideal B, fara cibé modhnuithe is gá.

8. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 99(10) nó alt 99(17) den Acht chun ordú arna dhéanamh faoi alt 99(1) den Acht a chúlghairm, déanfaidh an Chúirt an barántas cimithe cuí a eisiúint láithreach de réir Ordú 25, riail 3, i bhFoirm 25.8, fara cibé modhnuithe, más ann, is gá.

9. Beidh feidhm ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann le hachomhairc i gcoinne pianbhreithe fara cibé modhnuithe is gá maidir le hachomhairc faoi alt 99(12) den Acht i gcoinne cú lghairm ordaithe lena gcuirtear pianbhreith ar fionraí.

10. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú de réir alt 100(1)(b) den Acht, is i bhFoirm 28A.6, Sceideal B a bheidh an t-ordú.

11. Déanfaidh an Cléireach cóip d’aon ordú arna dhéanamh de réir alt 100(1)(b) den Acht a chur leis an ngnáthphost chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 100(4) den Acht.

12. D’fhonn fógra a thabhairt i dtaobh an dá ta shonraithe don duine ar ina leith a rinneadh an t-ordú faoi alt 100(1) den Acht, de réir alt 100(5) den Acht, déanfaidh an Cléireach fógra a eisiúint i scríbhinn i bhFoirm 28A.7, Sceideal B agus é dírithe chuig an duine sin faoina ainm nó faoina hainm, a bheidh le freagairt suas go dtí an dá ta sin, agus tabharfar an fógra sin don duine sin ar cheann amháin de na slite a shonraítear in alt 100(13) den Acht. Más rud é go mainneoidh an duine sin freastal os comhair na Cúirte mar fhreagra ar an bhfógra sin, féadfar barántas chun an duine sin a ghabháil a eisiúint i bhFoirm 22.2, Sceideal B, fara cibé modhnuithe is gá.

13. Maidir le hiarratas ó chomhalta den Gharda faoi alt 100(7) den Acht chun dá ta a shocrú chun iarratas a éisteacht ar ordú lena ngearrfar an téarma príosúnachta a shonraítear in ordú na Cúirte de réir alt 100(1)(b) den Acht, is trí fhaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn a dhéanfar é ó chomhalta den Gharda Síochána i bhFoirm 28A.8 , Sceideal B. Féadfar iarratas chun an dá ta sin a shocrú a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte inar ciontaíodh an cúisí. Ar é isteacht an iarratais chun dá ta a shocrú, déanfaidh an Chúirt, má dheonaíonn sí an t-iarratas, dáta a shocrú ar a mbeidh an t-iarratas le cur ar ais chuici. D’fhonn fógra a thabhairt i dtaobh dá ta a shocrú le haghaidh éisteacht an iarratais de réir alt 100(8) den Acht, déanfaidh an Cléireach, le fógra i scríbhinn i bhFoirm 28A.9 , Sceideal B fógra a thabhairt don duine ar ina leith a dhéanfar an t-iarratas i dtaobh an dáta a shocrófar amhlaidh le haghaidh éisteacht an iarratais. Ceanglófar leis an bhfógra sin ar an duine freastal os comhair na Cúirte ar an dáta a shocrófar amhlaidh agus ag cibé am a bheidh sonraithe san fhógra agus is ar cheann amháin de na slite a shonraítear in alt 100(13) den Acht a thabharfar an fógra sin. Más rud é go mainneoidh an duine sin láithriú os comhair na Cúirte de réir an cheanglais san fhógra sin, féadfar barántas chun an duine sin a ghabháil a eisiúint i bhFoirm 22.2, Sceideal B, fara cibé modhnuithe is gá.

14. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 100(10) nó alt 100(12) den Acht lena ngearrfar téarma príosú nachta, déanfaidh an Chúirt an barántas cimithe cuí a eisiúint láithreach de réir Ordú 25, riail 3, i bhFoirm 25.8, fara cibé modhnuithe, más ann, is gá.

15. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú srianta gluaiseachta de réir alt 101(1) den Acht, is i bhFoirm 28A.10, Sceideal B a bheidh an t-ordú. Déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe d’aon ordú arna dhéanamh de réir alt 101(1) den Acht a chur leis an bpost cláraithe chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 101(12) den Acht.

16. Déanfar iarratas faoi alt 103(1) den Acht chun ordú srianta gluaiseachta a athrú a thabhairt os comhair suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina bhfuil có naí ar an gciontóir nó ina mbeidh cónaí air nó uirthi fad a bheidh an t-ordú srianta gluaiseachta i bhfeidhm trí fhógra iarratais a eisiúint i bhFoirm 28A.11 , Sceideal B. Déanfar cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar gach duine de na daoine a shonraítear in alt 103(1) den Acht tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht agus déanfar an fógra bunaidh a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú lena n-athrófar an t-ordú srianta gluaiseachta, is i bhFoirm 28A.10, Sceideal B a bheidh an t-ordú, fara cibé modhnuithe is gá, agus déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú sin a chur leis an bpost clá raithe chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear in alt 103(4) den Acht.

17. Maidir le hiarratas ó chomhalta den Gharda Síochána ar ordú faoi alt 105(1), ach amháin mar a n-ordóidh nó mar a cheadóidh an Chúirt a mhalairt, is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ag comhalta den Gharda Síochána a bheidh sé agus i bhFoirm 28A.12, Sceideal B. Más rud é go mbeartóidh an Chúirt a cuid cumhachtaí a fheidhmiú faoi alt 105(1), déanfaidh an Cléireach toghairm a eisiúint i bhFoirm 28A.13, Sceideal B chuig an duine lena mbaineann. Déanfar an toghairm sin a sheirbheá il de réir fhorálacha Ordú 10. Más rud é go mainneoidh an duine sin láithriú os comhair na Cúirte chun an toghairm sin a fhreagairt, féadfar barántas a eisiúint chun an duine sin a ghabháil i bhFoirm 22.2 , Sceideal B, fara cibé modhnuithe is gá.