Ordú 76

Ceadúnais Ócáideacha

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim76-I.R. Uimh. 566 De 2018

 

Ionad

1. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfar iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ócáideach, de bhun alt 11 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 (arna leasú), ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit lena mbaineann an t-iarratas.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Déanfar fógra faoin iarrratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas agus déanfar cóip de, arna formhuiniú ó thaobh seirbheála, a thaisceadh leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Ordú ón gCúirt

(3) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 76.1, Sceideal C, a bheidh an ceadúnas.

Na huaireanta

*2. Ní dheonófar ceadúnas ócáideach d’aon tráth i ndiaidh a deich a chlog tráthnóna ná roimh a hocht a chlog ar maidin mura dinnéar nó rince an teagmhas lena mbaineann an ceadúnas.

Laethanta toirmiscthe

†3. Ní dheonófar ceadúnas ócáideach in aghaidh aon Domhnaigh, aon Lá Nollag nó aon Aoine an Chéasta.

In imthosca áirithe, féadfar an ceadúnas a dheonú ag suí ar bith

4. Féadfaidh Breitheamh, más gá sin mar gheall ar imthosca speisialta, iarratas a éisteacht agus an ceadúnas ócáideach sin a dheonú ag suí den Chúirt in aon cheantar cúirte ina dhúiche nó ina dúiche.

 


*An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962 [a. 11 (10)].

†An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962 [a. 11 (5)].