Ordú 87

Ceol poiblí agus amhránaíocht phoiblí

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an Public Health Acts Amendment Act, 1890 (53 agus 54 Vict., CH. 59), arna leasú le halt 14 den Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 (Uimh. 2 de 1935) agus le halt 33 (2) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (Uimh. 39 de 1961);

ciallaíonn ‘‘áit’’ an teach, an seomra, an gairdín nó an áit eile a mbeidh ceadúnas nó aistriú ar cheadúnas faoi alt 51 den Acht á iarraidh nó á dheonú nó deonaithe ina leith.

Ionad le haghaidh iarratais faoi alt 51 (2)

2. (1) Féadfar iarratas ar cheadúnas ceoil phoiblí agus amhránaíochta poiblí de bhun alt 51 (2) den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit a mbeidh ceadúnas á lorg ina leith.

(2) Más rud é gur iarratas i leith áite dá mbeidh ceadúnas faoin Acht ar marthain tráth an iarratais sin an t-iarratas, déanfar an t-iarratas ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú don cheantar cúirte sin.

Fógra a sheirbheáil 

(3) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána ar ina dhúiche nó ina dúiche atá an áit lena mbaineann an t-iarratas, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta é isteachta an iarratais.

An t-iarratasóir do thabhairt fógra don Údarás Dóiteáin

(4) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, maidir leis an iarratas.

Fógra a thaisceadh

(5) Déanfar cóip d’fhógra den sórt sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(6) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 87.1, Sceideal C, a bheidh an ceadúnas.

Ionad le haghaidh iarratais faoi alt 51 (11)

3. (1) Maidir le hiarratas ar cheadúnas ceoil phoiblí agus amhránaíochta poiblí in aghaidh tréimhse á irithe nach sia ná ceithre lá dhéag, de bhun alt 51 (11) den Acht, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit a mbeidh ceadúnas á lorg ina leith.

Fógra a sheirbheáil

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána ar ina dhúiche nó ina dúiche atá an áit lena mbaineann an t-iarratas, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta é isteachta an iarratais.

An t-iarratasóir do thabhairt fógra don Údarás Dóiteáin

(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, maidir leis an iarratas.

Fógra a thaisceadh

(4) Déanfar cóip d’fhógra den sórt sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 87.2, Sceideal C, a bheidh an ceadúnas.

Ionad le haghaidh iarratais faoi alt 51 (3)

4. (1) Féadfar iarratas chun ceadúnas ceoil phoiblí agus amhránaíochta poiblí a aistriú de bhun alt 51 (3) den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit lena mbaineann an t-iarratas.

Fógra a sheirbheáil

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána ar ina dhúiche nó ina dúiche atá an áit lena mbaineann an t-iarratas, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Fógra a thaisceadh

(3) Déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(4) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 87.3, Sceideal C, a bheidh an formhuiniú aistrithe.