Ordú: 15

Toghairmeacha ag líomhain cionta a eisiúint : I.R. Uimh. 167 de 2005

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No15-S.I. No. 557 Of 2010: District Court (Summonses) Rules 2010

 

*Toghairmeacha ag líomhain cionta a eisiúint


Gearán a dhéanamh le Breitheamh agus toghairm a eisiúint ag Breitheamh.

1. (1) Más rud é go lorgaítear toghairm de bhun alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, ar an gcéad ásc chun a cheangal ar dhuine a ndearnadh gearán ina choinne nó ina coinne freastal os comhair na Cúirte, déanfar an gearán le Breitheamh agus féadfar é a dhéanamh faoi mhionn nó gan mhionn, de réir mar a ordóidh an Breitheamh.

(2) Más rud é go ndéantar an gearán faoi mhionn, is trí fhaisnéis faoi mhionn (Foirm 15.3, Sceideal B) a dhéanfar é.

(3) Tar éis don Bhreitheamh gearán den sórt sin a fháil, féadfaidh sé nó sí toghairm (Foirm 15.1, Sceideal B) a eisiúint in aon chás ina bhfuil dlínse ag an mBreitheamh sin sa Dúiche dá bhfuil sé nó sí sannta.

Iarratas chuig Oifig na Cúirte agus toghairm a eisiúint ag Oifig na Cúirte.

2. (1) Nuair a dhéanfar, ar iarratas a dhéanamh chuig oifig chuí (de réir bhrí alt 1(14) d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3) 1986, arna leasú) de bhun alt 1(3) d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986, arna leasú, chun toghairm a eisiúint i ndáil le cion, toghairm a eisiúint, is i bhFoirm 15.2, Sceideal B, a bheidh an toghairm sin.

Na nithe a bheidh i dtoghairm agus an Chúirt a mbeidh sí le cur ar ais chuici.

3. (1) Luafar i dtoghairm, go gearr agus i ngnáthchaint, sonraí i dtaobh chúis an ghearáin nó an chiona a líomhnaítear, agus luafar inti ainm an duine a ndearnadh an gearán ina choinne nó ina coinne nó a líomhnaítear gurb é nó í a rinne an cion agus an seoladh (más eol sin) ag a mbíonn gnáthchónaí air nó uirthi.

(2) Cuirfidh toghairm a eiseoidh oifig chuí agus lena mbaineann riail 2(1) den Ordú seo in iúl don duine sin, freisin, go gcúiseofar é nó í sa chion sin ag suí den Chúirt Dúiche a bheidh le sonrú sa toghairm. Beidh sa toghairm sin, freisin, na sonraí a shonraítear in alt 1(6) d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986, arna leasú.

(3) Ceanglóidh gach toghairm ar an duine chun a mbeidh sí dírithe láithriú ag suí den Chúirt ag a bhfuil dlínse chun déileáil leis an ngearán nó leis an gcion a líomhnaítear, ar choinníoll—

(a) más rud é go mbeidh an toghairm eisithe ag Breitheamh, gur cúirt laistigh de limistéar dlínse an Bhreithimh sin, nó

(b) más rud é go mbeidh an toghairm eisithe ag oifig chuí, gur cúirt laistigh den Dúiche ina bhfuil dlínse ag Breitheamh i ndáil leis an gcion lena mbaineann an toghairm,

an chúirt a gceanglófar ar an duine sin láithriú inti.

4. Féadfar dhá ghearán, nó dhá chion, nó níos mó a líomhain san aon toghairm amháin.

Toghairmeacha a shíniú.

5. (1) Ní foláir toghairm a eiseoidh Breitheamh a bheith sínithe ag an mBreitheamh a eiseoidh í agus ní shíneofar aon toghairm gan í a bheith comhlánaithe.

(2) Ní foláir toghairm i gcoinne duine is comhalta den Gharda Síochána a bheith sínithe ag Breitheamh.

(3) (a) Más rud é go mbeidh toghairm sínithe ag Breitheamh, ní rachaidh an toghairm sin ar neamhní de bhíthin an Breitheamh sin d’fháil bháis nó a scor de bheith i seilbh oifige.

(b) Más rud é go mbeidh toghairm eisithe ag oifig chuí, ní rachaidh an toghairm sin ar neamhní de bhíthin an Cléireach Cúirte Dúiche cuí a mbeidh a ainm nó a hainm sonraithe ar an toghairm d’fháil bháis nó a scor de bheith i seilbh oifige.

Cóipeanna le haghaidh seirbheála.

6. I gcás gach toghairme a eiseofar ar shlí seachas trína tarchur trí mheán leictreonach chuig an duine a d’iarr í nó chuig duine a bhí ag gníomhú thar a cheann nó a ceann, déanfar cóip den toghairm sin a eisiúint léi chun a seirbheála ar gach duine chun a mbeidh an toghairm dírithe. Más rud é go n-eiseofar toghairm trína tarchur trí mheán leictreonach chuig an duine a d’iarr í nó chuig duine a bhí ag gníomhú thar a cheann nó a ceann, déanfar cóip dhílis den toghairm sin a sheirbheáil ar gach duine chun a mbeidh an toghairm dírithe trí mheán leictreonach.

Féadfar toghairm a sheirbheáil in aon chuid den Stát.

7. Féadfar toghairm a sheirbheáil in aon chuid den Stát agus, ar an tseirbheáil a bheith déanta i slí atá for-ordaithe leis na Rialacha seo, beidh na himeachtaí ina gceangal chomh héifeachtach ar an duine a mbeidh an gearán déanta nó an cion líomhnaithe ina choinne nó ina coinne agus dá mbeadh có naí air nó uirthi laistigh de limistéar dlínse an Bhreithimh a d’eisigh í nó (más as oifig chuí a eisíodhí) laistigh de theorainneacha an cheantair chúirte nó na gceantar cúirte dár sannadh an Cléireach cuí a mbeidh a ainm nó a hainm sonraithe ar an toghairm.

8. Má deirtear in aon achtachá n a shonraíonn cion gurb é atá sa chion déanamh nó neamhdhéanamh aon chinn de ghníomhartha éagsúla i gcómhalairt ar a chéile, nó má luaitear aon chuid den chion go cómhalartach ann, féadfar na gníomhartha, na neamh-ghníomhartha nó na hábhair eile a luaitear go cómhalartach san achtachán a lua i gcómhalairt ar a chéile nó i gcónasc lena chéile sa toghairm ag líomhain an chiona sin.

9. Le linn cion a líomhain atá contrártha d’aon reacht nó reachtanna, is leor substaint an chiona a lua i ngnáthchaint mar aon le cibé sonraí i dtaobh an chiona is gá chun faisnéis réasúnach a thabhairt maidir le cineál an ghearáin, agus ní gá séanadh a dhéanamh maidir le haon eisceadh nó díolúine ó oibriú reachta a d’achtaigh gur cion é, nó maidir le haon teorainn lena oibriú.

Toghairm in ionad barántais.

10 Más rud é, faoi Ordú 16, riail 1(1), de na Rialacha seo, go lorgaítear barántas chun duine a ghabháil ag cúiseamh an duine sin i gcion indíotáilte, féadfaidh Breitheamh, más cuí leis nó léi é, in ionad barántas a eisiúint, toghairm a eisiúint á cheangal ar an duine sin láithriú, d’ainneoin gur trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn a rinneadh an gearán. Aon Bhreitheamh a d’eisigh toghairm den sórt sin, féadfaidh sé nó sí (ach an gearán a bheith déanta trí fhaisné is) barántas a eisiúint tráth ar bith chun an duine sin a ghabháil.

*Tá forálacha a bhaineann le toghairmeacha a eisiúint in á bhair seachas á bhair choiriú la in Ordú 40E de na Rialacha seo.