Ordú: 45D

Admhálacha : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Doiciméid a admháil

1. (1) Féadfaidh aon pháirtí, trí fhógra i scríbhinn (Foirm 45D.01,, Sceideal C), a fhógairt ar aon pháirtí eile fíre aon doiciméid a admháil. Féadfaidh admháil a bheith i bhFoirm 45D.02,, Sceideal C.

(2) I gcás go ndiúltóidh páirtí, nó go ndéanfaidh sé nó sí faillí, doiciméad a admháil tar éis fógra i scríbhinn i dtaobh admhála a sheirbheáil, ní foláir don pháirtí, a mbeidh an faillí déanta aige nó aici nó a dhiúltóidh doiciméad a admháil, costais chruthaithe an doiciméid a íoc, is cuma cén toradh a bheidh ar an triail nó ar an éisteacht, mura rud é go ndeimhneoidh an Chúirt ag an triail nó ag an éisteacht go raibh sé réasúnach diúltú don admháil.

(3) Ní fhéadfar costais ar bith a lamháil a bhaineann le doiciméad a chruthú:

(a) mura mbeidh fógra i dtaobh admhála seirbheáilte ag an bpáirtí a bheidh ag lorg go ndéanfar an doiciméad a chruthú; nó

(b) mura ndeimhneoidh an Chúirt gur spáráil caiteachais é gan fógra i dtaobh admhála a sheirbheáil.

2 Fíorais a admháil

2. (1) Féadfaidh aon pháirtí, trí fhógra i scríbhinn (Foirm 45D.03, Sceideal C), tráth ar bith nach déanaí ná deich lá roimh an dáta a bheidh socraithe don triail, a fhógairt ar aon pháirtí eile aon fhíoras sonrach a bheidh luaite san fhógra a admháil chun críocha na trialach, agus chun na gcríoch sin amháin. Féadfaidh admháil a bheith i bhFoirm 45D.04, Sceideal C.

(2) I gcás go ndiúltóidh páirtí nó go ndéanfaidh sé nó sí faillí fíoras a admháil laistigh de sheacht lá tar éis fógra i scríbhinn i dtaobh admhála a sheirbheáil, nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a cheadóidh an Chúirt, ní foláir don pháirtí, a mbeidh an faillí déanta aige nó aici nó a dhiúltóidh fíoras a admháil, costais chruthaithe an fhíorais a íoc, is cuma cén toradh a bheidh ar an triail nó ar an éisteacht, mura rud é go ndeimhneoidh an Chúirt ag an triail nó ag an éisteacht go raibh sé réasúnach diúltú don admháil, nó mura ndéanfaidh an Chúirt, tráth ar bith, a mhalairt a ordú nó a threorú.

(3) Ní foláir a mheas, maidir le haon admháil a bheidh déanta mar fhreagra ar fhógra faoin riail seo, gur chun críocha na n-imeachtaí sibhialta áirithe a rinneadh í, agus chun na gcríoch sin amháin, agus nach ndearnadh í mar admháil a fhéadfar a úsáid i gcoinne an pháirtí ar aon ócáid eile nó i bhfabhar aon duine seachas an páirtí a mbeidh an fógra tugtha aige nó aici.

(4) Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, a cheadú d’aon pháirtí aon admháil arna déanamh faoin riail seo a leasú nó a tharraingt siar ar cibé téarmaí a mheasfaidh an Chúirt is cóir.

(5) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, maidir leis na costais agus leis na caiteachais go léir ar dóigh leis an gCúirt gurb é mainneachtain páirtí fógra a sheirbheáil, is fógra i dtaobh doiciméid a admháil nó fógra i dtaobh fíorais a admháil, ba chúis leo, ní foláir gurb é nó í an páirtí a mhainnigh an fógra a sheirbheáil a íocfaidh iad, is cuma cén toradh a bheidh ar an triail nó ar an éisteacht. 

3 Admhálacha i scríbhinn

3. Ní foláir, mura le linn na héisteachta a dhéanfar í, gur i scríbhinn a bheidh aon admháil agus ní foláir go síneoidh an páirtí a mbeidh an admháil á déanamh aige nó aici, nó a aturnae nó a haturnae, í.