Ordú 96C

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 Cuid 11 : S.I. No. 314 of 2007

 

Orduithe sibhialta faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006, Cuid 11

1. San Ordú seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006);

tá le “ordú sibhialta” an bhrí chéanna atá leis in alt 113(1) den Acht.

 

2. Féadfar iarratas de bhun alt 115(1) den Acht ar ordú sibhialta a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina mbeidh cónaí ar an bhfreagróir an tráth a dhéanfar an t-iarratas.

 

3. Is i bhFoirm 96C.1, Sceideal C, a bheidh fógra um iarratas ar ordú sibhialta agus beidh i gceangal leis an bhfógra sin cóip den rabhadh iompair nó de na rabhaidh iompair nó cóip den taifead i scríbhinn ar an rabhadh iompair nó ar na rabhaidh iompair a bheidh eisithe chuig an bhfreagróir de réir alt 114 den Acht agus a mbeifear ar intinn seasamh orthu san iarratas. Déanfar cóip den fhógra iarratais a sheirbheáil ar an bhfreagróir de réir Ordú 10 tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Déanfar an fógra iarratais bunaidh a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná dhá lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

 

4. Is i bhFoirm 96C.2, Sceideal C, a bheidh ordú sibhialta. Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara cóip d’aon ordú den sórt sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir de réir Ordú 10.

 

5. Féadfar iarratas de bhun alt 115(7) den Acht ar ordú ag urscaoileadh nó ag athrú ordú sibhialta a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina mbeidh cónaí ar an duine a bheidh faoi réir an ordaithe shibhialta an tráth a dhéanfar an t-iarratas sin. Sula ndéanfar iarratas den sórt sin, déanfar fógra iarratais i bhFoirm 96C.3, Sceideal C, a eisiúint. Déanfar cóip den fhógra iarratais (a mbeidh i gceangal leis cóipeanna dílse den fhógra iarratais ar ordú sibhialta, mar aon le ceangaltáin a bheidh ag gabháil leis, agus den ordú sibhialta) a sheirbheáil ar an duine dá dtagraítear in alt 115(8) den Acht de réir Ordú 10 tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht, agus déanfar an fógra iarratais bunaidh agus na ceangaltáin a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná dhá lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

 

6. I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt téarmaí an ordaithe shibhialta a athrú, féadfar téarmaí aon athraithe den sórt sin a fhormhuiniú ar an gcóip bhunaidh nó ar chóip den ordú sibhialta agus féadfaidh an Breitheamh í a shíniú an athuair. I gcás ina ndéanfar ordú ag urscaoileadh nó ag athrú ordú sibhialta i gceantar Cúirte nach ionann agus an ceantar Cúirte ina ndearnadh an t-ordú sibhialta lena mbainfidh an t-iarratas, seolfaidh an Cléireach chuig an gCléireach a bheidh sannta don cheantar Cúirte ina ndearnadh an t-ordú sibhialta fógra á rá gur urscaoileadh an t-ordú sibhialta, nó cóip den ordú sibhialta arna athrú, de réir mar a bheidh.