Ordú 53

Costais : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Costais i gcoitinne a bheith de rogha na Cúirte

1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le reacht nó leis na Rialacha seo, beidh sé de rogha ag an gCúirt costais aon pháirtí in imeachtaí sibhialta nó in imeachtaí eile sa Chúirt, ina bhféadfaidh an Chúirt costais a dhámhachtain le dlí, a dheonú nó a choimeád siar. 

2 Scálaí costas

2. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, is iad na costais a shonraítear i ngach scála i Sceideal na gCostas, agus iad sin amháin, is dleathach mar chostais.

(2) Féadfaidh an Chúirt, más cuí sna himthosca speisialta a bhaineann le cás, a bheidh le sonrú ag an gCúirt, méid le haghaidh costas agus/nó táillí abhcóide is mó ná an méid a fhoráiltear i Sceideal na gCostas a dhámhachtain.

(3) Beidh na costais atá i Sceideal na gCostas, i ngach cás, ar leith ó aon suim a lamhálfar mar cháin bhreisluacha arna gnóthú agus ó na heisíocaí iarbhír agus riachtanacha go léir a lamhálfar agus de bhreis orthu.

(4) Ní foláir Sceideal na gCostas a athmheas ar a laghad uair gach trí bliana.

(5) In aon chás ina mbeidh an Chúirt den tuairim nach bhforáiltear d’aon scála cuí costas, féadfaidh sí na costais a thomhas.

(6) Sa riail seo:

ní foláir go bhfolóidh “eisíoc iarbhír agus riachtanach” suim le haghaidh eisíocaí ilghnéitheacha a leagtar amach faoin gceannteideal “Sceideal na nEisíocaí” i Sceideal na gCostas lena n-áirítear postas, fótachóipeáil, post cláraithe, facs agus ilnithe agus ní foláir Sceideal na gCostas a léamh dá réir sin freisin. 

3 Faisnéis agus doiciméid a bheidh mar thaca le hiarratas ar chostais

3. (1) I gcás go mbeidh ar intinn ag páirtí iarratas a dhéanamh ar chostais ar shlí seachas de réir Sceideal na gCostas, ní foláir fáil a bheith ag an bpáirtí sin sa Chúirt ar aon fhaisnéis nó doiciméad lena suífear na himthosca speisialta sa chás a bheidh mar thaca le hiarratas den sórt sin.

(2) I gcás go ndéanfaidh páirtí iarratas ar ítim costais nach bhforálfar di i Sceideal na gCostas a lamháil, ní foláir fáil a bheith ag an bpáirtí sin sa Chúirt ar aon fhaisnéis nó doiciméad lena suífear gur ghá nó gur réasúnach an ítim costais a thabhú agus ar dhoiciméid lena ndeimhneofar an costas (más rud é go bhfuil sé tabhaithe nó íoctha cheana féin) nó lena soláthrófar meastachán ar an gcostas sin.

(3) I gcás go ndéanfaidh páirtí iarratas ar chostais imeachta shibhialta, ní foláir fáil a bheith ag an bpáirtí sin sa Chúirt ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid is leor chun na bearta réamhéisteachta áirithe, nó na hiarratais, a bheidh déanta san imeacht (lena n-áirítear sonraí, follasú, iarratais ar bhreithiúnas trí mhionnscríbhinn nó ar bhreithiúnas mainneachtana agus aon éisteacht ar chásbhainistiú) a dhaingniú chun a chumasú an méid cuí costas a chinneadh. 

4 Caiteachais finnéithe

4. Beidh sé de rogha ag an gCúirt caiteachais (nó aon chuid díobh) aon fhinné (lena n-áirítear éilitheoir nó freagróir) a lamháil nó diúltú iad a lamháil agus, más rud é go lamhálfar iad, féadfaidh an Chúirt méid na gcaiteachas sin (nó cuid díobh) a thomhas. 

5 I gcás nár áirithíodh aturnae ar bith

5. Ní fhéadfar costais ar bith seachas eisíoc iarbhír agus riachtanach agus caiteachais finnéithe, más rud é go ndámhfar iad, a lamháil ná a dhámhachtain do pháirtí a sheolann a chás nó a cás féin. 

6 I gcás nach mbeidh ionadaí gairmiúil ag feidhmiú ar son freagróra

6. I gcás go n-éireoidh leis an éilitheoir agus nach raibh ionadaí gairmiúil ag feidhmiú ar son an fhreagróra ag an éisteacht, ní foláir na costais a bheith de réir an scála chuí do chásanna nár cosnaíodh, mura n-ordóidh an Chúirt, ar iarratas a dhéanamh chuici le linn na héisteachta, go mbeidh feidhm ag an scála do chásanna a cosnaíodh. 

7 Costais atráthaithe

7. Féadfaidh an Chúirt na costais agus na caiteachais a lamháil i leith éisteacht nó éisteacht bhreise aon imeachtaí sibhialta a chur ar atráth agus féadfaidh sí a ordú na costais sin a chur leis na costais, nó a bhaint de na costais, a lamhálfar do cheachtar páirtí ar na himeachtaí a chinneadh go críochnaitheach, nó féadfaidh sí, más dóigh léi é a bheith réasúnach déanamh amhlaidh, ordú ar leithligh a dhéanamh chun a n-íoca. 

8 Cumhacht chun éilimh a scriosadh amach, maille le costais, i gcás nach mbeidh dlínse ar bith ag Cúirt

8. (1) I gcás go dtionscnófar imeachtaí sibhialta sa Chúirt nó i ndúiche Chúirte nó i gceantar Cúirte nach mbeidh dlínse ar bith ag an gCúirt chun iad a éisteacht agus a chinneadh, ní foláir don Chúirt, chomh luath agus is léir an t-easnamh dlínse sin a bheith ann, a ordú na himeachtaí a scriosadh amach.

(2) I gcás go scriosfaidh an chúirt imeachtaí amach de réir fho-riail (1), féadfaidh sí, más dóigh léi gur cuí, ordú a dhéanamh lena ndámhfar cibé costais don fhreagróir a d’fhéadfadh an Chúirt a dhámhachtain dá mbeadh dlínse aici chun na himeachtaí a thriail agus a chinneadh agus dá mba rud é nár láithrigh an t-éilitheoir nó gur láithrigh sé nó sí agus nár chruthaigh sé nó sí a éileamh nó a héileamh.

Nóta: Féach an tAcht Cúirteanna Breithiúnas, 1936 (Uimh. 48 de 1936), alt 60 

9 Costais i ndáil le ceist nó le cuid d’imeacht

9. (1) Féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh costais i ndáil le ceist áirithe in imeacht sibhialta nó i ndáil le cuid áirithe d’imeacht sibhialta.

(2) Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-riail (1), ní foláir don Chúirt le hordú an méid de chostais iomlána an imeachta is inchurtha i leith na ceiste áirithe san imeacht nó i leith na coda áirithe den imeacht a shocrú. 

10 Fadú nó giorrú ar thréimhse ama

10. Más rud é go ndéanfaidh páirtí iarratas ar fhadú nó ar ghiorrú ar aon tréimhse ama a shocrófar leis na Rialacha seo nó le haon ordú lena socrófar, lena bhfadófar nó lena ngiorrófar tréimhse ama, ní foláir don pháirtí sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, costais an iarratais agus na costais a bheidh tagtha den iarratas a íoc.

11 Scor nó tarraingt siar

11. (1) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní foláir do pháirtí, a scoirfidh de chuid d’imeacht, d’fhrithéileamh nó d’éileamh trí fhógra tríú páirtí, nó a dhéanfaidh í a tharraingt siar, costais an pháirtí lena mbaineann an scor nó an tarraingt siar a íoc go dtí tráth an scoir nó na tarraingthe siar.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-riail (1) maidir le himeachtaí i leith éilimh bheaga. 

12 Taisceadh nó forthairiscint

12. Más rud é go ndéanfar taisceadh nó forthairiscint a sheirbheáil agus mura mbeifear tar éis glacadh leis an taisceadh nó leis an bhforthairiscint tráth a dhéanfar ordú críochnaitheach ar an éileamh a bhaineann leis an taisceadh, leis an bhforthairiscint nó leis an tairiscint comhréitigh, ní foláir dliteanas i leith costas a chinneadh de réir Ordú 45. 

13 Scála táillí

13. I gcás go gceadófar abhcóide, beidh feidhm ag scálaí na dtáillí abhcóide atá i Sceideal na gCostas, ar choinníoll, in aon imeachtaí nach gclúdaítear leis na scálaí seo, nach foláir don Chúirt na táillí a chinneadh ag féachaint do na scálaí agus don mhéid a bheidh i gceist sa chás. 

14 Feidhm scálaí

14. (1) Nuair a bheidh costais á socrú d’obair a bheidh déanta in imeacht sibhialta, ní foláir na scálaí cuí a chinneadh mar seo a leanas—

(a) amhail idir páirtí agus páirtí, rialófar leis an méid arna ghnóthú nó le luach na maoine faoi dhíospóid scála chostais an éilitheora, agus rialófar leis an méid a lorgófar a ghnóthú nó le luach na maoine faoi dhíospóid scála chostais an fhreagróra; agus

(b) amhail idir aturnae agus cliant, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, rialófar leis an méid a ndéanfar agra ina leith, nó le luach na maoine faoi dhíospóid, an scála gan féachaint don toradh;

(c) i gcás go ndéanfar frithéileamh, ní foláir an scála ar a mbeidh costais na bpáirtithe le socrú nó le fómhas a chinneadh mar seo a leanas—

(i) más rud é go n-éireoidh leis an éilitheoir san éileamh agus sa fhrithéileamh araon, de réir an mhéid arna ghnóthú ag an éilitheoir ar an éileamh, mura mó méid fhrithéileamh an fhreagróra, agus sa chás sin ní foláir na costais a bheidh tabhaithe tar éis sheachadadh an fhrithéilimh a chinneadh de réir mhéid an fhrithéilimh sin;

(ii) más rud é go n-éireoidh leis an bhfreagróir san éileamh agus sa fhrithéileamh araon, de réir an mhéid arna ghnóthú ag an bhfreagróir ar an bhfrithéileamh, nó de réir mhéid éileamh an éilitheora, cibé acu is mó;

(iii) más rud é go n-éireoidh leis an dá pháirtí, de réir na méideanna arna ngnóthú acu ar a n-éilimh faoi seach; agus mura n-éireoidh le ceachtar de na héilimh, de réir an mhéid arna éileamh ag an bpáirtí freasúrach;

(d) in imeacht nó in ábhar nach mbeidh foráil ar bith déanta go sonrach dó i Sceideal na gCostas, féadfaidh an Chúirt a ordú go mbeidh feidhm ag scála costas arna shonrú ag an gCúirt;

(e) d’ainneoin aon ní sna Rialacha seo, más rud é, in imeacht nó in ábhar, go measfaidh an Chúirt gur mhíchuí nó gur mhíchóir cur chun feidhme na rialacha san Ordú seo lena gcinnfear go mbeidh feidhm ag scála costas áirithe, féadfaidh an Chúirt, ag an éisteacht, nó laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis na héisteachta, na costais a shocrú.

(2) Chun críocha fho-riail (1)(a) is é an méid arna ghnóthú—

(a) méid an ordaithe i bhfabhar an éilitheora, lena n-áirítear aon mhéid le haghaidh úis nó damáistí ar mhodh úis; agus

(b) aon ús nó damáistí i leith an mhéid arna dhámhachtain ag an gCúirt faoi aon achtachán—

ach ní fholaíonn sé aon mhéid arna ghnóthú ag an éilitheoir nó arna dhámhachtain don éilitheoir le haghaidh úis nó damáistí ar mhodh úis a bhaineann leis an tréimhse tar éis an lae a bheidh an íocaíocht déanta sa Chúirt nó a bheidh an tairiscint comhréitigh seirbheáilte. 

15 Socrófar costais ag éisteacht más féidir

15. Féadfaidh an Chúirt costais aon fhógra éilimh nó aon iarratais a shocrú ag an éisteacht ag a n-éistfear agus ag a gcinnfear an fógra éilimh nó an t-iarratas, nó féadfaidh sí cinneadh na gcostas sin a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse ama is dóigh leis an gCúirt a bheith cóir. 

16 Tréimhse ama chun ordú a dhéanamh le haghaidh costas agus chun íocaíocht a dhéanamh

16. (1) Féadfaidh an Chúirt in aon imeacht a cumhacht a fheidhmiú agus a rogha a dhéanamh i dtaobh costas ag aon chéim den imeacht nó tar éis an t-imeacht a chríochnú.

(2) Maidir le costais a cheanglófar ar pháirtí a íoc faoi aon cheann de na Rialacha seo nó faoi ordú ón gCúirt, ní foláir, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, iad a íoc láithreach.

(3) Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú idirbhreitheach le haghaidh costas, féadfaidh an Chúirt ansin nó ina dhiaidh sin a ordú, más rud é go mainneoidh an páirtí a bheidh faoi dhliteanas na costais a íoc déanamh amhlaidh—

(a) más rud é gurb é nó í an páirtí sin an t-éilitheoir, go ndéanfar bac a chur ar an imeacht nó é a dhíbhe;

(b) más rud é gur freagróir an páirtí sin, go bhfuil cosaint an fhreagróra le scriosadh amach.

(4) I bhfo-riail (3)—

folaíonn “freagróir” aon duine a ndéanfar éileamh in imeacht ina choinne nó ina coinne;

folaíonn “éilitheoir” aon duine a dhéanfaidh éileamh in imeacht. 

17 Imeacht nó frithéileamh arna dhíbhe

17. (1) Maidir le himeacht a dhéanfar a dhíbhe nó a bheidh arna dhíbhe le hordú ón gCúirt nó faoi, nó leis na Rialacha seo nó fúthu, ní foláir, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, a mheas gur imeacht é a dhéanfar a dhíbhe maille le costais.

(2) Beidh feidhm ag fo-riail (1), fara aon mhodhnú is gá, maidir le frithéileamh agus maidir le héileamh trí fhógra tríú páirtí amhail is dá mb’fhógra éilimh an frithéileamh nó an t-éileamh tríú páirtí. 

18 Leasú

18. Más rud é go leasófar pléadáil (cibé acu le cead nó gan chead), maidir le costais an leasaithe agus leis na costais a bheidh tagtha den leasú agus le costais aon iarratais ar chead chun an leasú a dhéanamh, is costais na bpáirtithe san imeacht a bheidh iontu, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

19 Gan fíoras nó doiciméad a admháil

19. Más rud é go ndéanfaidh páirtí fógra a sheirbheáil—

(a) faoi Ordú 45D, riail 3, lena ndéanfar fíoras a dhíospóid, agus go ndéanfar an fíoras sin a chruthú san imeacht dá éis sin;

(b) faoi Ordú 45D, riail 5, lena ndéanfar fíre doiciméid a dhíospóid, agus go ndéanfar fíre an doiciméid sin a chruthú san imeacht dá éis sin—

ní foláir don pháirtí sin na costais cruthúnais a íoc, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

20 Costais arna bhforchoimeád

20. Más rud é, le hordú ón gCúirt, go ndéanfar na costais le haghaidh aon iarratas idirbhreitheach nó iarratas eile, nó le haghaidh aon bheart in imeacht, a fhorchoimeád, maidir leis na costais fhorchoimeádta, is costais na bpáirtithe san imeacht a bheidh iontu, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. 

21 Iontaobhaí nó morgáistí

21. Ní foláir do pháirtí a bheidh ag agairt nó a ndéanfar agra air nó uirthi mar iontaobhaí nó mar mhorgáistí, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, a bheith i dteideal chostais an imeachta as an gciste a bheidh i seilbh an iontaobhaí nó as an maoin mhorgáistithe sa mhéid nach mbeidh na costais á n-íoc ag aon duine eile. 

22 Costais in éilimh fhruilcheannaigh

22. I gcás imeachtaí ag úinéir airnéise, i gcoinne fhruilitheoir na hairnéise faoi chomhaontú fruilcheannaigh, chun an airnéis a aisghabháil nó chun go ndéanfaí í a thabhairt ar ais, ní foláir a mheas, chun na costais a thomhas, gur caingean i gconradh atá sna himeachtaí sin inarb ionann an méid a ndéantar an t-agra ina leith agus méid na dtráthchodanna a bhí dlite agus neamhíoctha faoin gcomhaontú ar dháta tosaithe na n-imeachtaí. 

23 Costais in éilimh i leith coinneáil éagórach

23. In éilimh i leith coinneáil éagórach a thionscnófar de bhua alt 33(3) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, ní foláir gur ar an scála toirt de réir luach na n-earraí arna chinneadh ag an gCúirt a bheidh na costais a dhámhfar. 

24 Costais in éilimh ar páirtí iontu an tArd-Aighne nó Aire

24. Beidh feidhm ag na scálaí costas atá i Sceideal na gCostas maidir le himeachtaí ar páirtí iontu an tArd-Aighne nó aon Aire den Rialtas nó aon Aire Stáit nó aon Roinn Rialtais. 

25 Costais in imeachtaí toilithe

25. Ní foláir costais aturnaetha, i gcás go lamhálfar iad, in imeachtaí toilithe lena mbaineann alt 4(c) d’Acht na gCúirteanna, 1991, agus Ordú 40, riail 7, a bheith de réir fhorálacha ítim Uimh. 10 i Sceideal na gCostas. 

26 Costais in imeachtaí a bheidh aistrithe ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Chuarda

26. Ní foláir costais aturnaetha, i gcás go lamhálfar iad, in imeachtaí sibhialta a bheidh tarchurtha nó aistrithe ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Chuarda agus lena mbaineann Ordú 40, riail 8, a bheith de réir fhorálacha ítim Uimh. 11 i Sceideal na gCostas. 

27 Cáin bhreisluacha

27. Ní foláir go gcuirfear leis na costais agus, más iomchuí, leis na táillí abhcóide, a dhámhfar in aon imeacht sibhialta aon suim is iníoctha, ar mhodh cáin bhreisluacha ar na costais, ag an bpáirtí dá ndámhfar iad ach sin i gcás go suífidh an páirtí sin nach inghnóthaithe ar shlí eile an tsuim is iníoctha ar mhodh cáin bhreisluacha agus sa chás sin amháin.


3 — TÁILLÍ ABHCÓIDE


28 Ní lamhálfar táillí i gcás nach mó ná €2,000 an tsuim

28. (1) Faoi réir riail 2(2), in aon dámhachtain costas in aon imeachtaí sibhialta sa Chúirt ní fhéadfar táille le haghaidh abhcóide a áireamh—

(a) in aon chaingean i gconradh, sárú conartha, tort ná in éilimh ar dhamáistí nach mbeidh baint acu le conradh, i gcás nach mó ná €2,000, an méid a ghnóthaigh an t-éilitheoir nó, i gcás gur díbheadh an t-éileamh, an méid a éilíodh i gcoinne an fhreagróra, agus

(b) in aon imeachtaí tiarna talún agus tionónta i leith rósheilbhe nó neamhíoc cíosa, i gcás nach mó ná €2,000 an cíos bliantúil.

29 Déanfaidh Cúirt táille abhcóide a dheimhniú

29. I ndámhachtain costas in aon imeachtaí sibhialta sa Chúirt nach mbeidh feidhm ag riail 28 maidir leo, ní fhéadfar táille le haghaidh abhcóide a áireamh mura ndeimhneoidh an Chúirt gurb é a tuairim go raibh sé riachtanach chun ceartas a bhaint amach nó chun cearta an pháirtí lena mbaineann a fhorfheidhmiú nó a chosaint abhcóide a fhostú. 

30 Ní ceadmhach aon táille abhcóide ar leithligh le haghaidh abhcóide a bheidh ar fostú ar bhonn lánaimseartha

30. I gcás go mbeidh abhcóide, a ghníomhóidh mar abhcóide ar son páirtí in aon imeachtaí sibhialta sa Chúirt, nach mbeidh feidhm ag riail 28 maidir leo, ar fostú ar bhonn lánaimseartha nó eisiach ag aturnae an pháirtí nó ag an bpáirtí, ní fhéadfar táille le haghaidh abhcóide a áireamh i gcostais an pháirtí de bhreis ar aon táille scála le haghaidh aturnae.