Leasuithe ar: Ordú 34

I.R. Uimh. 94 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008), 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008), 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 5ú lá d’Aibreán 2010 agus forléireofar i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2010 iad.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

....

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 20 d’Ordú 34:

- Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008 (Uimh. 7 de 2008)

“21. (1) Maidir le haon iarratas de bhun alt 74(7) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008 ó chomhalta den Gharda Síochána nach isle céim ná cigire ar bharántas a eisiúint de bhun alt 74(8) den Acht sin, féadfar é a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an áit lena mbaineann suite, agus is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.45 , Sceideal B a dhéanfar é. Is i bhFoirm 34.46, Sceideal B a bheidh barántas a dheonófar ar scór na faisnéise sin.

(2) Maidir le haon iarratas faoi alt 75(8) d’Acht sin 2008 ó chomhalta den Gharda Síochána nach isle céim ná cigire ar ordú faoi alt 75(10)(a) d’Acht sin 2008 go ndéanfaidh duine ábhar fianaiseach a thabhairt ar aird do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána ionas go bhféadfaidh sé nó sí é a thabhairt chun bealaigh, nó go dtabharfaidh sé nó sí rochtain air don chomhalta sin, agus/nó ar ordú faoi alt 75(10)(b) den Acht sin chun a cheangal ar aon duine, ar dealraitheach don Bhreitheamh go bhfuil sé i dteideal cead isteach san áit a dheonú, cead a thabhairt don chomhalta dul isteach inti chun rochtain a fháil ar an ábhar, féadfar é a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an t-ábhar fianaiseach lena mbaineann, agus is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.47, Sceideal B a dhéanfar é. Maidir le haon iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána ar ordú faoi alt 75(10)(b) d’Acht sin 2008, féadfar é a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an t-ábhar fianaiseach lena mbaineann, agus is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.48, Sceideal B a dhéanfar é. Is i bhFoirm 34.49, Sceideal B a bheidh ordú a dhéanfar faoi alt 75(10) d’Acht sin 2008 ar scór na faisnéise sin.

(3) Sula ndéanfar aon iarratas ar ordú faoi alt 75(14) d’Acht sin 2008 lena n-athrófar nó lena n-urscaoilfear ordú arna dhéanamh faoi alt 75(10), déanfar, mura gceadóidh an Breitheamh a mhalairt, fógra iarrtais i bhFoirm 34.50, Sceideal B a eisiúint. Seirbheálfar cóip den fhógra iarratais ar an gcomhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe san ordú nó ar an duine lena mbaineann an t-ordú tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht, agus déanfar an fógra iarratais bunaidh a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná dhá lá roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht. Déanfar an t-ordú bunaidh a thabhairt ar aird sa chúirt ar aon iarratas ar ordú lena n-athrófar nó lena n-urscaoilfear an t-ordú bunaidh a éisteacht. Maidir le haon athrú a ordófar féadfar é a fhormhuiniú ar an ordú bunaidh nó ar chóip den ordú agus é dátaithe agus sínithe ag an mBreitheamh.

- Faoi alt 63 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 (Uimh. 15 de 1994) (arna ionadú le halt 105(g) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008)

22. (1) Maidir le haon iarratas faoi alt 63(1) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 ó chomhalta den Gharda Síochána ar ordú faoi alt 63(3) den Acht sin go ndéanfaidh duine ábhar a thabhairt ar aird do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána ionas go bhféadfaidh sé nó sí é a thabhairt chun bealaigh, nó go dtabharfaidh sé nó sí rochtain air don chomhalta sin, féadfar é a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an t-ábhar suite, agus is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.51, Sceideal B a dhéanfar é. Is i bhFoirm 34.52, Sceideal B a bheidh ordú a dhéanfar ar scór na faisnéise sin.

(2) Sula ndéanfar aon iarratas ar ordú faoi alt 63(7) den Acht sin lena n-athrófar nó lena n-urscaoilfear ordú arna dhéanamh faoi alt 63(3) déanfar, mura gceadóidh an Breitheamh a mhalairt, fógra iarrtais i bhFoirm 34.53, Sceideal B a eisiúint. Seirbheálfar cóip den fhógra iarratais ar an gcomhalta den Gharda Síochána a ainmnítear san ordú nó ar an duine lena mbaineann an t-ordú tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht, agus déanfar an fógra iarratais bunaidh a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná dhá lá roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht. Déanfar an t-ordú bunaidh a thabhairt ar aird sa chúirt ar aon iarratas ar ordú lena n-athrófar nó lena n-urscaoilfear an t-ordú bunaidh a éisteacht. Maidir le haon athrú a ordófar féadfar é a fhormhuiniú ar an ordú bunaidh nó ar chóip den ordú agus é dátaithe agus sínithe ag an mBreitheamh."