Is foirgnimh stairiúla iad go leor dár dtithe cúirte agus féadann an pobal cuairt a thabhairt orthu saor in aisce agus foghlaim faoi thraidisiún agus faoi fheidhm an phróisis dhlíthiúil.

Cuairt ar Theach Cúirte

Cuairt ar Theach Cúirte

Is fiú cuairt a thabhairt ar chúirt ar chúiseanna eile seachas páirt a ghlacadh i gcás cúirte.

Is foirgnimh stairiúla iad go leor dár dtithe cúirte agus féadann an pobal cuairt a thabhairt orthu saor in aisce agus foghlaim ar an láthair faoi thraidisiúin agus faoi fheidhm an phróisis dhlíthiúil.

Tithe Cúirte na hÉireann

Tithe Cúirte na hÉireann

Tá Tithe Cúirte na hÉireann ar maos sa stair pholaitiúil agus sa mhaorgacht ailtireachta agus ní traidisiúin agus feidhm an phróisis dhlíthiúil amháin a bhaineann leo ach oidhreacht shaibhir chultúrtha chomh maith.

Na Ceithre Cúirteanna

Na Ceithre Cúirteanna

Tá na Ceithre Cúirteanna ina seasamh le breis agus 200 bliain mar chrann taca an dlí in Éirinn.

Faigh amach faoi thógáil agus ailtireacht na gCeithre Cúirteanna agus foghlaim faoina shuntasaí atá siad i stair na hÉireann.