Leasuithe ar: Ordú 27

I.R. Uimh. 260 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 1ú lá d’Iúil 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir ó 1997 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

.......

(vi) trí na rialacha seo a leanas a chur in ionad rialacha 8, 9 agus 10 d’Ordú 27:

“8. I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 9(1) den Acht um Bannaí 1997, déanfar fógra faoin ordú i bhFoirm 27.9, Sceideal B, a sheirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha ar an gcúisí agus ar aon urra nó urraí.

9. Féadfar iarratas a dhéanamh laistigh de 21 lá ó dháta eisiúna an fhógra chun ordú arna dhéanamh faoi alt 9(1) den Acht um Bannaí 1997 a athrú nó a urscaoileadh, agus is i bhFoirm 27.10, Sceideal B, a bheidh sé. Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha ar an ionchúisitheoir seacht lá ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas. Is i bhFoirm 27.11, Sceideal B, a bheidh aon ordú ag athrú nó ag urscaoileadh ordaithe faoi alt 9(1) den Acht um Bannaí 1997.

10. (1) Is i bhFoirm 27.12 , Sceideal B, a bheidh barántas cimithe faoi alt 9(12) den Acht um Bannaí 1997, agus déanfar an tréimhse phríosúnachta a bheidh le sonrú a shainaithint de réir an tábla a ghabhann le hOrdú 23, riail 7, amhail is dá mbeadh an tábla sin ar fáil sa riail seo.

(2) Más rud é go mbeidh barántas a luaitear i bhfo-riail (1) eisithe ach nach mbeidh sé forghníomhaithe agus go mbeidh an tsuim a bheidh sonraithe san ordú eistréata (nó ordú den sórt sin arna athrú) ar suim í a bheidh le híoc ag an duine a bheidh ainmnithe sa bharántas íoctha leis an gCléireach, tabharfaidh sé nó sí fógra láithreach don Cheannfort den Gharda Síochána ar díríodh an barántas chuige nó chuici á rá go bhfuiltear tar éis an íocaíocht sin a dhéanamh agus iarrfaidh sé nó sí ar an gCeannfort an barántas a chur ar ais lena chealú.

(3) I gcás feidhm a bheith ag alt 9(13) den Acht um Bannaí 1997, féadfaidh an t-ionchúisitheoir dul ar aghaidh de réir Ordú 37, riail 12.”, agus

....

4. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 16.218.2A18.2B27.927.1228A.1428A.15 agus 28A.16 sa Sceideal a chur in ionad na bhFoirmeacha faoi seach ar a bhfuil na huimhreacha céanna i Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997). Déanfar an Fhoirm darb uimhir 27.6B a scriosadh as Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997.