Leasuithe ar: Ordú 28A

I.R. Uimh. 260 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 1ú lá d’Iúil 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir ó 1997 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

......

(vii) tríd an bhfo-riail seo a leanas a chur in ionad fho-riail (1) de riail 8 d’Ordú 28A:

“8. (1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt duine lena mbaineann ordú arna dhéanamh faoi alt 99(1) den Acht a chiontú i gcion, ar cion é a rinneadh tar éis an t-ordú faoi alt 99(1) a dhéanamh, agus an duine sin a athchur faoi choimeád nó faoi bhannaí faoi alt 99(9) den Acht, déanfaidh an Chúirt ordú i bhFoirm 28A.14. Ar ordú den sórt sin a dhéanamh, cuirfidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú leis an bpost chuig Cláraitheoir, Cláraitheoir Contae nó Cléireach (de réir mar a bheidh) na cúirte ar chuici a bheidh an duine a bheidh ciontaithe amhlaidh le hathchur.”

4. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 16.218.2A18.2B27.927.1228A.1428A.15 agus 28A.16 sa Sceideal a chur in ionad na bhFoirmeacha faoi seach ar a bhfuil na huimhreacha céanna i  Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997). Déanfar an Fhoirm darb uimhir 27.6B a scriosadh as Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997.