Ordú: 16

Barántais lena gcúiseofar daoine i gcionta a eisiúint

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No16-S.I. No. 119 Of 2005: District Court (European Arrest Warrant) Rules, 2005
No16-S.I. No. 238 Of 2006: District Court (Order 16) Rules 2006
No16-S.I. No. 260 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) Rules 2010

Iarratas ar bharántas agus barántas a eisiúint.

1. (1) Más rud é go lorgaítear barántas chun duine a ghabháil, ar an gcéad ásc, á chúiseamh nó á cúiseamh i gcion indíotáilte, déanfar an gearán le Breitheamh agus is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn (Foirm 15.3 , Sceideal B) a dhéanfar é.

(2) Tar éis don Bhreitheamh gearán den sórt sin a fháil, féadfaidh sé nó sí barántas (Foirm 16.1, Sceideal B) a eisiúint má deirtear go ndearnadh an cion, nó má tá cónaí ar an duine sin, i ndúiche an Bhreithimh.

(3) Féadfaidh Breitheamh barántas den sórt sin a eisiúint cibé acu an os a chomhair féin nó os a comhair féin nó os comhair Breithimh eile a mionnaíodh an fhaisnéis. Más rud é gur os comhair Breithimh eile a mionnaíodh an fhaisnéis, déanfar an fhaisnéis, agus í comhlánaithe go cuí, a thabhairt ar aird don Bhreitheamh a eiseoidh an barántas.

(4) Féadfar aon fhaisnéis den sórt sin a mhionnú agus aon bharántas den sórt sin a eisiúint nó a fhorghníomhú lá ar bith agus tráth ar bith.

Barántais a shíniú

2. (1) Ní foláir barántas a bheith sínithe ag an mBreitheamh a eiseoidh é agus ní shíneofar aon bharántas gan é a bheith comhlánaithe.

(2) Ní rachaidh barántas ar neamhní de bhíthin an Breitheamh a shínigh é d’fháil bháis nó a scor de bheith i seilbh oifige. 

Beidh feidhm ag O.15, r. 8 agus 9, maidir le barántais.

3. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 15, rialacha 8 agus 9, de na Rialacha seo, maidir le barántais lena gcú iseofar daoine i gcionta agus forléireofar na forálacha sin dá réir sin.

Toghairm in ionad barántais, ach féadfar barántas a eisiúint tráth ar bith.

4. Tar éis do Bhreitheamh gearán lena mbaineann riail 1 (1) den Ordú seo a fháil, féadfaidh sé nó sí toghairm a eisiúint in ionad barántais, d’ainneoin gur trí fhaisnéis faoi mhionn a rinneadh an gearán. Aon Bhreitheamh a d’eisigh toghairm den sórt sin, féadfaidh sé nó sí (ach an gearán a bheith déanta trí fhaisnéis faoi mhionn) barántas a eisiúint tráth ar bith chun an duine ar díríodh an toghairm chuige nó chuici a ghabháil.

Cumhacht chun duine a ghabháil gan bharántas — féadfar barántas a eisiúint mar sin féin.

5. Má bhíonn cumhacht faoin dlí coiteann nó faoi aon reacht chun duine a ghabháil gan bharántas, féadfar barántas a eisiúint de réir fhorálacha riail 1 den Ordú seo chun é nó í a ghabháil.

Má s rud é go bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras i ndlínse an Bhreithimh, féadfaidh an Breitheamh barántas a eisiúint.

6. Más rud é go ndéanfar gearán le Breitheamh go ndearna duine, nó go gcreidtear go ndearna duine, aon chion indíotáilte lasmuigh de dhlínse an Bhreithimh sin, agus go bhfuil an duine sin, nó go bhfuil drochamhras ann go bhfuil sé nó sí, laistigh de theorainneacha dhlínse an Bhreithimh sin, féadfaidh an Breitheamh, ar an ngearán a dhéanamh faoi mhionn agus i scríbhinn, barántas (Foirm 16.1 , Sceideal B) a eisiúint chun an duine sin a ghabháil.

Bannaí a chur ar fhaisnéiseoir

7. Má s rud é go ndéanfar faisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, féadfaidh an Breitheamh a ndearnadh an fhaisnéis os a chomhair nó os a comhair, más cuí leis nó léi é, cúirtbhanna a chur ar an bhfaisnéiseoir go láithreoidh sé nó sí sa Chúirt ina mbeidh an duine a ndearnadh an gearán ina choinne nó ina coinne le triail nó an gearán le héisteacht, agus ag aon atráthú ar an gCúirt, chun fianaise a thabhairt in ábhar an ghearáin sin.