Leasuithe ar: Ordú 18

I.R. Uimh. 33 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009) 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009) 2010 is teideal do na Rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 1ú lá de Mhárta 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir ó 1997 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

...

(v) tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 2 d’Ordú 18:

“†2. Ní dhéanfar aon duine a bheidh cúisithe in aon cheann de na cionta seo a leanas a ligean faoi bhannaí ach amháin le hordú ón Ard-Chúirt:

(a) tréas,

(b) cion faoi alt 2 agus 3 den Acht Tréasa 1939,

(c) cion faoi alt 6, 7 agus 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939,

(d) sárú tromchúiseach den saghas dá dtagraítear in alt 3(1)(i) den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962,

(e) cion faoi alt 9 den Acht um Rúin Oifigiúla 1963, nó cion faoi Chuid II den Acht sin a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit,

(f) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú nó píoráideacht, lena n-áirítear cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh,

(g) cion faoi alt 3, arna leasú, den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó cion faoi alt 7 nó 8 den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006,

(h) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000,

(i) cion dúnmharaithe faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe), 2000, nó iarracht nó comhcheilg an cion sin a dhéanamh,

(j) cion arb éard é marú nó iarracht ar mharú faoi mhír (h) nó (j) d’alt 2(1) den Acht um Shlándáil Mhuirí 2004,

(k) cion dúnmharaithe faoi alt 6 nó 11 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, nó iarracht cion den sórt sin a dhéanamh,

(l) cion faoi alt 71, 71A, 72 nó 73 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006.”;