Ordú: 44

Iarratais trí fhógra foriarratais : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — IARRATAIS RÉAMHTHRIALACH: GINEARÁLTA


1 Feidhm an Ordaithe seo

1. (1) Mura bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le haon iarratas idirbhreitheach nó aon iarratas eile in imeacht sibhialta.

(2) Ní theorannófar le haon ní san Ordú seo cumhacht na Cúirte chun aon ordú idirbhreitheach a dhéanamh nó ordachán a thabhairt (cibé acu nach bhfuil ach cuid de na páirtithe i láthair nó atá na páirtithe go léir i láthair) gan fógra foriarratais a eisiúint i gcás cuí. 

2 Foirm agus uainiú iarratais

2. (1) Ní foláir iarratas in imeacht arna dhéanamh iar bhfógra chun aon duine a dhéanamh i scríbhinn trí fhógra foriarratais, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, agus ní foláir mionnscríbhinn a bheith mar thaca leis.

(2) Déanfar iarratas trí fhógra foriarratais nuair a dhéanfar an fógra foriarratais a chomhdú de réir riail 4.

(3) Mura bhforálfar a mhalairt le haon reacht nó riail, ní foláir don pháirtí tionscnaimh in aon iarratas chun na Cúirte, seachas iarratas ex parte nó iarratas ar atráthú, fógra 48 n-uaire an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn do Chléireach na Cúirte ina bhfuil an t-iarratas sin le déanamh. Measfar gur fógra chun an Chléirigh é an comhdú seo d’fhógra foriarratais nó d’fhógra iarratais lena eisiúint á rá go bhfuil ar intinn an t-iarratas atá san fhógra a dhéanamh ar an dáta fillte atá sannta dó. 

3 Fógra iarratais do pháirtithe nó do dhaoine eile

3. Féadfaidh an Chúirt, ar dháta fillte fógra foriarratais, a ordú go dtabharfaidh an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh aige nó aici fógra ina thaobh d’aon duine eile a mbeidh leas leordhóthanach aige nó aici ann. 

4 Foirm agus comhdú

4. (1) Ní foláir fógra foriarratais a bheith i bhFoirm 44.01, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí don chás, agus ní foláir a bheith ar áireamh ann sonraí i dtaobh an ordaithe, an ordacháin nó an fhaoisimh eile a bheidh á lorg de réir mar is cuí don chás, achoimre ar fhorais an iarratais agus, más iomchuí, ráiteas i dtaobh na bhforálacha dlí lena n-áirítear forálacha aon achtacháin nó na Rialacha seo a mbeifear ag seasamh orthu le linn an t-iarratas a dhéanamh.

(2) Ní foláir fógra foriarratais a chomhdú leis an gCléireach a bheidh sannta don cheantar Cúirte ina mbeidh na himeachtaí lena mbaineann eisithe ag an gCléireach agus dáta fillte sannta dóibh aige nó aici.

(3) I gcás go n-áireofar leis na forais don ordú, don ordachán nó don fhaoiseamh eile a bheidh á lorg gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an páirtí freasúrach ábhar a chomhaontú, ní foláir cóipeanna den chomhfhreagras nó de na doiciméid a bhí ag gabháil idir na páirtithe lena mbaineann agus is iomchuí maidir le hábhar an fhoriarratais a cheangal leis an bhfógra foriarratais bunaidh.

(4) I gcás go lorgófar níos mó ná ordú amháin, ordachán amháin nó faoiseamh amháin eile i gcoinne an pháirtí chéanna san imeacht sibhialta céanna:

(a) a mhéid is indéanta, ní foláir gur san fhógra foriarratais céanna a lorgófar na horduithe, na hordacháin nó na faoisimh eile sin go léir agus ní ceadmhach go mbainfidh aon iarmhairt dhochrach do pháirtí ó thaobh na gcostas a mbreithneofar an páirtí a bheith ina dteideal mar gheall gur lorg sé nó sí roinnt orduithe, ordachán nó faoiseamh eile san fhógra foriarratais céanna; agus

(b) más indéanta, ní foláir do pháirtí na horduithe idirbhreitheacha, na hordacháin nó na faoisimh eile go léir a lorgóidh an páirtí san imeacht sibhialta a lorg ar an dáta fillte céanna.

5 Seirbheáil

5. (1) Ní foláir don iarratasóir cóip d’fhógra foriarratais agus cóip d’aon mhionnscríbhinn atá mar thaca leis an bhfógra foriarratais a sheirbheáil ar gach duine dá mbeidh fógra i dtaobh an fhoriarratais le tabhairt mura bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo nó le hordú ón gCúirt.

(2) Ní foláir go seirbheálfar gach fógra foriarratais ar gach páirtí eile a mbeidh aon fhaoiseamh á lorg ina choinne nó ina coinne san fhoriarratas tráth nach giorra ná seacht lá roimh an dáta fillte. 

6 Dáta fillte

6. (1) Mura mbeidh fógra foriarratais seirbheáilte, féadfaidh Cléireach, ar iarratas ón bpáirtí a chomhdaigh é, an fógra foriarratais a leasú ar an dáta fillte a bheidh ainmnithe san fhógra foriarratais chun dáta fillte eile a ainmniú nó roimhe sin.

(2) In aon chás eile, is í an Chúirt amháin a fhéadfaidh fógra foriarratais a leasú.

(3) Ní ceadmhach fógra foriarratais a leasú faoi fho-riail (1) níos mó ná uair amháin. 

7 Cóipeanna don Chúirt

7. (1) Ní foláir fáil a bheith ag an éilitheoir nó ag an bpáirtí tionscnaimh eile ar chóipeanna de na nithe seo a leanas sa Chúirt, ar dháta fillte aon fhoriarratais, lena n-úsáid ag an mBreitheamh:

(a) aon fhógra foriarratais a bheidh os comhair na Cúirte ar an dáta fillte sin; agus

(b) aon mhionnscríbhinn (agus aon fhoilseáin) a dhéanfaidh aon pháirtí a sheachadadh chun bheith mar thaca leis an bhforiarratas nó i gcoinne an fhoriarratais.

(2) Ní theorannófar le fo-riail (1) cumas aon pháirtí seasamh ar aon mhionnscríbhinn nó doiciméad ag éisteacht iarratais trí fhoriarratas. 

8 Atráthú

8. Féadfaidh an Chúirt éisteacht iarratais trí fhógra foriarratais a chur ar atráth ar cibé téarmaí is dóigh léi is cóir. 

9 Páirtí ar a mbeidh fógra foriarratais seirbheáilte do bheith as láthair

9. (1) Más rud é go mainneoidh aon duine a mbeidh fógra foriarratais dírithe chuige nó chuici freastal, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a éisteacht más deimhin léi go ndearnadh an fógra foriarratais a sheirbheáil go cuí.

(2) Más rud é, ar iarratas trí fhógra foriarratais, go mainneoidh an t-iarratasóir freastal, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a dhíbhe nó cibé ordú eile a dhéanamh is dóigh leis an gCúirt is cóir.


2 — IARRATAIS CHUN ORDÚ A CHUR AR CEAL NÓ A ATHRÚ


10 Iarratas chun ordú a urscaoileadh, a chur ar ceal nó a athrú

10. (1) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas trí fhógra foriarratais (Foirm 44.02, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí don chás) ón duine dá ndéanfar difear, iar bhfógra chun an iarratasóra ar an ordú bunaidh, ordú a dhéanfaidh difear do dhuine a urscaoileadh, a chur ar ceal nó a athrú más rud é, maidir leis an iarratas ar an ordú—

(a) go ndearnadh iar bhfógra chun an duine sin é, ach nár fhreastail an duine ar éisteacht an iarratais; nó

(b) nach ndearnadh iar bhfógra chun an duine sin é.

(2) Féadfaidh ordú faoi fho-riail (1) a bheith faoi réir cibé téarmaí maidir le costais nó eile a mheasfaidh an Chúirt is cóir.