Ordú: 17

An nós imeachta ar dhuine a ghabháil : I.R. Uimh. 194 de 2001

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No17-S.I. No. 203 Of 2007: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2007
No17-S.I. No. 41 Of 2008: District Court (Criminal Justice Act 2007) Rules 2008
No17-S.I. No. 105 Of 2009: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2009
No17-S.I. No. 33 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Amendment) Act 2009) Rules 2010

Déanfar sonraí a leagan amach ar dhuilleog na gcúiseamh

1. (1) Aon uair a dhéanfar duine a ghabháil agus a thabhairt go Stáisiún Garda Síochána, agus go mbeifear á chúiseamh nó á cúiseamh i gcion, nó i gcás ina gcuirfear cion i leith duine atá ar athchur cheana féin chun na Cúirte, agus nach n-eiseofar aon toghairm i leith an chiona, déanfar sonraí an chiona a bheidh á líomhain ar an duine sin a leagan amach ar dhuilleog na gcúiseamh (Foirm 17.1, Sceideal B).

(2) Nuair a dhéanfar sonraí aon chiona a leagan amach ar dhuilleog na gcúiseamh de réir na rialach seo, cuirfear cóip de na sonraí ar fáil a luaithe is féidir don duine a mbeidh an cion á líomhain air nó uirthi.

(3) Déanfar duilleog na gcúiseamh lena mbaineann an riail seo a thaisceadh a luaithe is féidir leis an gCléireach don cheantar cúirte ina bhfuil an cás le héisteacht.

Déanfar duine a thabhairt os comhair Breithimh a luaithe is féidir

2. (1) Duine a ghabhfar de bhun barántais, déanfar, ar é nó í a ghabháil, é nó í a thabhairt os comhair Breithimh ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis an gcion lena mbaineann a luaithe is féidir.

(2) Duine a ghabhfar gan bharántas, déanfar, ar é nó í a chúiseamh i gcion, é nó í a thabhairt os comhair Breithimh ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis an gcion a luaithe is féidir.

*3. I gcás ina ngabhfar duine de bhun barántais tráth is déanaí ná a 5 a chlog aon tráthnóna nó, ar é nó í a bheith gafa gan bharántas, i gcás ina gcúiseofar é nó í tar éis an ama sin agus go mbeidh Breitheamh den Chúirt Dúiche le suí sa Dúiche Chúirte Dúiche inar gabhadh an duine tráth nach déanaí ná meán lae an lá dár gcionn, is leorchomhlíonadh ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 15 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951, arna ionadú le halt 26 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984, agus arna leasú le halt 18 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997, de réir mar a bheidh, an duine sin a thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche ina shuí dó nó ina suí di sa Dúiche Chúirte Dúiche sin ag tosach an tsuí.

Scaoileadh saor faoi bhannaí i gcásanna áirithe ag comhaltaí den Gharda Síochána

†4. (1) Aon uair a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a thabhairt faoi choimeád go dtí Stáisiún Garda Síochána, féadfaidh an sáirsint nó an comhalta eile i gceannas an stáisiúin, má mheasann sé no sí gur den chríonnacht é agus mura mbeidh aon bharántas i bhfeidhm á ordú an duine sin a choinneá il, an duine sin a scaoileadh saor faoi bhannaí agus chuige sin glacfaidh sé nó sí uaidh nó uaithi cúirtbhanna i bhFoirm 17.2, Sceideal B, le hurraí nó gan urraí, a cheadóidh an comhalta sin agus i cibé suim nó suimeanna a chinnfidh an comhalta sin, go láithreoidh sé nó sí go cuí—

(a) os comhair na Cúirte Dúiche ag an gcéad suí eile den Chúirt sin sa Cheantar Cúirte Dúiche inar gabhadh an duine sin nó ag aon suí dá é is sin den Chúirt sin sa Cheantar Cúirte Dúiche sin le linn na tréimhse tríocha lá díreach i ndiaidh an chéad suí eile sin, nó

(b) i gcás na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, os comhair an chéad suí eile den Chúirt sin nó ag aon suí dá éis sin den Chúirt sin le linn na tréimhse tríocha lá díreach i ndiaidh an chéad suí eile sin.

(2) Féadfar glacadh le suim airgid, cóimhéid leis an mbanna, in ionad urra nó urraí. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a ghlacfaidh é an cúirtbhanna (Foirm 17.3, Sceideal B) agus an t-airgead a thaisceadh le Cléireach na Cúirte a bhfuil an duine faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú os a comhair.

(3) Féadfar an cúirtbhanna a eistréatadh mar a dhéanfaí eistréatadh ar chúirtbhanna ina ndeachthas os comhair Breithimh.

(4) Ní bhaineann an riail seo le duine a ghabhfar faoi alt 251 den Acht Cosanta, 1954, ar amhras gur tréigtheoir nó neamhláithrí gan chead ó Óglaigh na hÉireann é nó í.

(5) Déanfar cúirtbhanna a thógfar faoin riail seo a tharchur chuig Cléireach na Cúirte a bhfuil an duine faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú os a comhair.

Formhuiniú ar bharántais maidir le scaoileadh saor faoi bhannaý

*5. (1) I gcás ina n-eiseoidh an Chúirt barántas chun duine a ghabháil, féadfaidh an Chúirt, trí fhormhuiniú ar an mbarántas, a ordú go ndéanfar, ar é nó í a ghabháil, an duine a bheidh ainmnithe sa bharántas a scaoileadh saor ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna, le hurra nó urraí nó gan urra, a mbeidh coinníoll ann go láithreoidh sé nó sí os comhair na Cúirte ar cibé dá ta agus ag cibé am agus i cibé áit a shonrófar san fhormhuiniú, agus socrófar san fhormhuiniú na suimeanna a mbeidh an duine agus a urra nó a hurra nó a urraí nó a hurraí (más ann) le cur faoi cheangal iontu agus sonrófar ann aon choinníollacha eile de chuid an chúirtbhanna.

(2) I gcás ina ndéanfar formhuiniú den sórt sin, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i gceannas Stáisiún an Gharda Síochána chun a dtabharfar, ar é nó í a ghabháil, an duine a bheidh ainmnithe sa bharántas, é nó í a scaoileadh, ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna i bhFoirm 17.10, Sceideal B, le hurra nó urraí nó gan urra, a cheadóidh an comhalta sin, agus—

(a) ar shuim is comhionann le trian, nó

(b) ar cibé méid is mó ná sin a chinnfidh an Chúirt, d’aon chúirtbhanna ina mbeidh duine dulta a íoc.

(3) Maidir le haon airgead a íocfar le comhalta den Gharda Síochána faoin Riail seo, déanfaidh sé nó sí é a thaisceadh le cléireach cúirte dú iche an cheantair cúirte dú iche ina bhfuil Stáisiún an Gharda Síochána.

6. Féadfar cúirtbhanna cúisí agus na n-urraí, más ann, faoin Ordú seo a thógáil aon lá agus aon tráth.

Iarratas ar bharántas faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit

7. (1) Is i bhFoirm 17.4, Sceideal B, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort, a bheidh iarratas faoi Alt 30(4) den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939, ar bharántas chun duine a bheidh coinnithe de bhun Alt 30(3) den Acht a choinneáil níos faide.

(2) Is i bhFoirm 17.5 , Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin.

8. (1) Is tríd an bhfaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn i bhFoirm 17.6, Sceideal B, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort, a dhéanfar iarratas ar bharántas gabhála faoi Alt 30A(1) den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939. (2) Is i bhFoirm 17.7, Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin.

Iarratas ar bharántas faoin Acht um Cheartas Coiriúil, 1999

9. (1) Is tríd an bhfaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn i bhFoirm 17.8, Sceideal B, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort, a dhéanfar iarratas ar bharántas chun príosúnach a ghabháil faoi Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999. (2) Is i bhFoirm 17.9 , Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin. 

†An tAcht um Nó s Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 31], arna leasú .

*An tAcht um Nó s Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 30(2)].