Ordú 79

Deimhnithe aistrithe

Ionad

1. (1) Maidir le hiarratas ar dheimhniú aistrithe ar-cheadúnais nó eischeadúnais chun deochanna meisciú la a dhíol, déanfar é ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas.

Fógra a sheirbheáil

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don limistéar ceadúnúcháin ina bhfuil an t-áitreabh lá is fiche ar a laghad roimh dháta na Cúirte Bliantúla um Cheadúnú.

Fógra nuachtáin

(3) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, lá is fiche ar a laghad roimh dháta na Cúirte Bliantúla um Cheadúnú a dúradh, i nuachtán a léitear sa dúiche ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas sin.

Fógra, etc., a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra faoin iarratas, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach, lena gcoinneáil aige nó aici, seacht lá ar a laghad roimh dháta na Cúirte Bliantúla um Cheadúnú a dúradh.

An t-iarratasóir do fhreastal i bpearsa

2. Déanfaidh an t-iarratasóir freastal i bpearsa (mura deimhin leis an gCúirt go bhfuil cúis mhaith lena neamhfhreastal) sa Chúirt Bhliantúil um Cheadúnú agus tairgfidh sé é féin chun a cheistithe ar a charachtar i gcoitinne, nó tairgfidh sí í féin chun a ceistithe ar a carachtar i gcoitinne, ar a sheilbh nó a seilbh ar an áitreabh, agus ar aon nithe eile ar cuí leis an gCúirt an t-iarratasóir sin a cheistiú ina dtaobh.

3. Déanfaidh an t-iarratasóir aon doiciméad is foras don iarratas aige nó aici a thabhairt ar aird sa Chúirt.

Deonú deimhnithe faoi réir doiciméid a thabhairt ar aird

4. Más rud é nach bhfuil aon doiciméad ar a bhfuil a sheasamh nó a seasamh faighte ag an iarratasóir, nó mura féidir leis nó léi ar aon chúis eile é a thabhairt ar aird, ag an am sin, féadfaidh an Chúirt géilleadh don iarratas sin ar choinníoll go ndéanfar an doiciméad sin a thabhairt ar aird ina dhiaidh sin. Ní thabharfar an deimhniú cuí don iarratasóir sin go dtí go dtabharfar an doiciméad sin ar aird.

Ordú ón gCúirt

5. Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 79.1, Sceideal C, a bheidh an deimhniú.