Ordú 95

Díobhálacha mailíseacha

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘na hAchtanna’’ na hAchtanna Díobhálacha Mailíseacha, 1981 agus 1986;

ciallaíonn ‘‘an Príomh-Acht’’ an tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981 (Uimh. 9 de 1981);

ciallaíonn ‘‘Acht 1986’’ an tAcht Díobhálacha Mailíseacha (Leasú), 1986 (Uimh. 27 de 1986);

ciallaíonn ‘‘rátíocóir’’ aon rátíocóir de chuid údaráis áitiúil is páirtí in aon imeachtaí i leith cúitimh faoi na hAchtanna;

ciallaíonn ‘‘tríú páirtí’’ údarás áitiúil a mbeidh scéala faighte aige faoi alt 10 (1) den Phríomh-Acht.

Iarratas an chúiteamh

2. (1) Faoi réir fhorálacha alt 13 den Phríomh-Acht, féadfar iarratas chun na Cúirte Dúiche ar chúiteamh faoi na hAchtanna a thionscnamh, a éisteacht nó a chinneadh ag aon suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh.

 

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 95.1, 95.2, 95.3, 95.4, nó 95.5, Sceideal C, de réir mar is cuí, arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil. Seirbheálfar an fógra ar chomhairle an chontae nó ar bhardas na contaebhuirge ó na bhfuiltear ag iarraidh cúiteamh a fháil. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh leis an bpost cláraithe réamhíoctha lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

 

(3) I nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, déanfar an chóip bhunaidh de gach fógra iarratais a bheartaítear a sheirbheáil agus cóip den fhógra sin a thaisceadh leis an gCléireach ar dtús chun go ndéanfar an dáta éisteachta a chur isteach ann.

 

(4) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

Udarás áitiúil eile a uamadh mar thríú páirt

3. Déanfaidh údarás áitiúil a mbeidh fógra tugtha aige faoi alt 10 den Phríomh-Acht cóip den fhógra a thaisceadh leis an gCléireach.

Ordú ón gCúirt

4. (1) Is i bhFoirm 95.6, 95.7, 95.8, 95.995.10, Sceideal C, de réir mar is cuí, a bheidh foraithne a dhámhfaidh cúiteamh faoi alt 11 den Phríomh-Acht i leith damáiste nó caillteanais.

 

(2) Is i bhFoirm 95.11, Sceideal C, a bheidh ordú ag diúltú cúitimh.

An Leabhar Díobhálacha Mailíseacha

5. Coimeádfaidh an Cléireach leabhar ar a dtabharfar an Leabhar Díobhálacha Mailíseacha ina dtaifeadfar sonraí gach fógra iarratais agus gach fógra tríú páirtí a thaiscfear faoin Ordú seo agus sonraí na n-iarratas agus na n-orduithe uile a dhéanfar sna himeachtaí lena mbaineann na fógraí.

Costais

6. Beidh costais, nuair a dhámhfar iad, seachas costais iarratais ar chúiteamh atá iníoctha ag údarás áitiúil, de réir an scála chuí costas atá leagtha amach sa sceideal costas atá i gceangal leis na Rialacha seo. I gcás ina ndéanfar dliteanas i leith cúitimh a chionroinnt idir dhá údarás áitiúil nó níos mó, déanfar na costais (agus na caiteachais, más ann) a dhámhfar ar an iarratasóir a chionroinnt dá réir sin.

Socraíochtaí

7. Más rud é, faoi alt 16 (1) den Phríomh-Acht, go socróidh údarás áitiúil éileamh a tugadh ina choinne, déanfar foirm an toilithe nó na socraíochta (agus aistarraingt an iarratais), a bheidh sínithe ag na páirtithe (nó cóip den chéanna), a thaisceadh leis an gCléireach, agus déanfaidh seisean nó sise an tsocraíocht a bhreacadh sa Leabhar Díobhálacha Mailíseacha agus coinneoidh sé nó sí na doiciméid ina choimeád nó ina coimeád.

Taiscí sa chúirt

8. Ní foláir taisceadh a dhéanfar faoi alt 16 (2) den Phríomh-Acht a dhéanamh tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht agus beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Ordú 41 de na Rialacha seo a bhaineann le taiscí maidir leis an taisceadh sin, ach ní éileofar fógra go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh.

Achomhairc chun na Cúirte Cuarda

9. (1) Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Ordú 101 de na Rialacha seo a bhaineann le hachomhairc chun na Cúirte Cuarda agus ag na foirmeacha a fhorordaítear iontu maidir le gach achomharc, lena n-áirítear achomharc ó rátíocóir, a dhéanfar faoi alt 17 den Phríomh-Acht.

 

(2) Féadfaidh an Chúirt achomharcóir a dhíolmhú ón gceanglas dul i gcúirtbhanna le haghaidh achomhairc i gcoinne cinnidh ar iarratas ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht arna leasú le hAcht 1986.

Cásanna arna sonrú chun na Cúirte Uachtaraý

10. Tá an nós imeachta a bheidh le leanúint i ndáil le cásanna arna sonrú chun tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil faoi alt 18 den Phríomh-Acht ar áireamh in Ordú 102 de na Rialacha seo.

Neamhchomhlíonadh rialacha

11. Ní chuirfidh neamhchomhlíonadh aon rialach de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo aon imeachtaí ar neamhní mura n-ordóidh an Chúirt amhlaidh.

Féadfaidh an Chúirt an tréimhse ama a shíneadh, gníomh nó imeachtaí a chur ar ceal, a leasú, etc.

12. Féadfaidh an Chúirt, i ndáil le haon ghníomh nó imeachtaí faoi na hAchtanna nó faoin Ordú seo, an tréimhse ama le haghaidh an ghnímh nó na n-imeachtaí sin a shíneadh nó aon ghníomh nó imeachtaí den sórt sin a chur ar ceal go hiomlán nó go páirteach nó a leasú nó déileáil leis nó leo ar chuma eile i cibé slí agus ar cibé téarmaí a mheasfaidh an Chúirt a bheith cóir.