Ordú 85

Rialacha díchónasctha uisce

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 1962’’ an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Slá ntíochta), 1962;

ciallaíonn ‘‘duine údaraithe’’ duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag Údarás Sláintíochta chun bheith ina dhuine nó ina duine údaraithe chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Cumhachtaí Díchónasctha Soláthair Uisce a Theorannú), 1995;

ciallaíonn ‘‘tomhaltóir’’ áititheoir áitribh a mbeidh soláthar uisce chun críocha tís soláthraithe dó nó, más rud é nach mbeidh an t-áitreabh áitithe nó nach le húdarás áitiúil an t-áitreabh agus go mbeidh níos mó ná teaghais amháin ann, úinéir an áitribh;

ciallaíonn ‘‘an Chúirt’’ an Chúirt Dúiche;

ciallaíonn ‘‘alt 65A d’Acht 1878’’ an t-alt a cuireadh isteach le halt 7 d’Acht 1962 sa Public Health (Ireland) Act, 1878, agus a leasaíodh le halt 8 den Acht Rialtais (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983;

ciallaíonn ‘‘ordú scoir uisce’’ ordú faoi alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Cumhachtaí Díchónasctha Soláthair Uisce a Theorannú), 1995.

Fógra iarratais

2. Féadfar iarratas ón údarás sláintíochta ar ordú faoi alt 3 (2) den Acht Rialtais Áitiúil (Cumhachtaí Díchónasctha Soláthair Uisce a Theorannú), 1995, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina ndéantar an soláthar uisce chun críocha tís a sholáthar don tomhaltóir. Is i bhFoirm 85.1, Sceideal C, a bheidh fógra faoin iarratas sin agus déanfar é a sheirbheáil ar an bhfreagróir leis an bpost cláraithe réamhíoctha lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

— taisceadh

Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach Cúirte Dúiche seacht lá ar a laghad roimh an dáta sin don éisteacht.

Ordú

3. Is i bhFoirm 85.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas.