Ordú: 18
An nós imeachta ar dhuine a ligean faoi bhannaí : I.R. Uimh. 194 de 2001
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No18-S.I. No. 41 Of 2008: District Court (Criminal Justice Act 2007) Rules 2008
No18-S.I. No. 105 Of 2009: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2009
No18-S.I. No. 33 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Amendment) Act 2009) Rules 2010
No18-S.I. No. 260 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Miscellaneous Provisions) Act 2009) Rules 2010
Ligean faoi bhannaí
*1. Faoi réir riail 2 den Ordú seo, ligfidh Breitheamh faoi bhannaí duine a cúisíodh os a chomhair nó os a comhair i gcion más lé ir don Bhreitheamh sin gur cás é inar cheart bannaí a cheadú agus, má tá an duine sin le ligean faoi bhannaí, beidh de rogha ag an mBreitheamh a chinneadh cad é méid na mbannaí agus cibé acu bannaí le hurra nó urraí nó bannaí gan urra ar bith iad agus cad é an tsuim a chuirfear de cheangal ar gach urra.
Bannaí i gcásanna tréasa, dúnmharú, agus cionta áirithe eile
†2. Ní dhéanfar aon duine a bheidh cúisithe in aon cheann de na cionta seo a leanas a ligean faoi bhannaí ach amhá in le hordú ó n Ard-Chúirt:
(a) tréas,
(b) cion faoi alt 2 agus 3 den Acht Tréasa, 1939,
(c) cion faoi alt 6, 7 agus 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939,
(d) sárú tromchú iseach den saghas dá dtagraítear in alt 3 (1) (i) den Acht um Choinbhinsiú in na Ginéive, 1962,
(e) cion faoi alt 9 den Acht um Rúin Oifigiúla, 1963, nó cion faoi Chuid II den Acht sin a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit,
(f) dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg um dhúnmharú nó píoráideacht, lena n-áirítear cúlpháirtí roimh an ngníomh nó i ndiaidh an ghnímh,
(g) cion faoi alt 7 den Acht um Chinedhíothú, 1973,
(h) cion faoin Acht um Cheartas (Coinbhinsiú n na Náisiún Aontaithe i gcoinne Céastóireachta), 2000.
3. Deimhneoidh an Chúirt di féin i ngach cás, sula dtógfaidh sí cúirtbhanna, gur duine leormhaith oiriúnach aon duine a mholtar a ghlacadh mar urra chun críche bannaí.
‡4. Má dhiúltaítear duine a ligean faoi bhannaí ag láithriú áirithe os comhair na Cúirte, ní chuirfidh sin cosc le hathnuachan an iarratais chun é nó í a ligean faoi bhannaí ag láithriú ina dhiaidh sin nó le linn don chúisí bheith faoi choimeád ag fanacht lena thriail nó lena triail.
§5. (1) I gcás ina ligfidh cúirt faoi bhannaí duine atá faoi choimeád, ní scaoilfear saor an duine go dtí go mbeidh—
(a) suim is comhionann le trian, nó
(b) cibé méid is mó ná sin a chinnfidh an Chúirt,
d’aon Chúirtbhanna ina mbeidh duine dulta i dtaca leis sin íoctha isteach sa Chúirt.
Urrú s in ionad airgid
(2) (a) I gcás ina ligfidh an Chúirt duine faoi bhannaí, féadfaidh an Chúirt, in ionad an duine, nó, más rud é go n-é ileoidh an Chúirt urra nó urraí, a urraí nó a hurraí, d’íoc airgid isteach sa Chúirt, glacadh mar urrú s le cibé ionstraim is fianaise ar theideal duine chun maoine (seachas talamh nó aon eastát, ceart nó leas i dtalamh nó thar talamh) is leor lé i.
Ordú alt 5(2)(b)
(b) I gcás ina nglacfaidh cúirt le leabhar taisce bainc, cumainn foirgníochta, comhair creidmheasa nó postoifige mar urrú s, déanfaidh an Chúirt ordú á ordú don bhanc, don chumann foirgníochta nó don chomhar creidmheasa lena mbaineann, nó don Phost, de réir mar a bheidh, gan a cheadú an t-airgead a bheidh ar taisceadh a laghdú faoi bhun—
(i) suime is comhionann leis an tsuim a cheanglaítear a íoc isteach sa Chúirt, nó
(ii) na suime a bheidh ar taisceadh an tráth sin
cibé acu is lú.
(c) Is i bhFoirm 18.9 a bheidh Ordú a dhéanfar faoi alt 5(2)(b) den Acht um Bannaí, 1997, agus déanfaidh an Cléireach é a sheirbheáil ar an mbanc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa iomchuí, nó ar an bPost, leis an ngnáthphost réamhíoctha.
(d) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú mar a dúradh, déanfar an ionstraim a choinneáil faoi choimeád an chléirigh cúirte dúiche go dtí go n-urscaoilfear an t-ordú .
(3) I gcás ina gcinnfidh cúirt duine a ligean faoi bhannaí le hurra amhá in nó níos mó, féadfaidh sí a ordú go nglacfar le suim airgid, có imhé id le suim an bhanna, in ionad an urra sin nó na n-urraí sin. Is suim é sin de bhreis ar an méid a shonraítear i Riail 5(2).
(4) Ar na suimeanna a é ilítear nó ar an urrús a éilítear a thaisceadh—
(a) le cléireach an cheantair cúirte ina ndearnadh an t-ordú ag ligean an duine faoi bhannaí,
(b) nó le Rialtóir an phríosú in ina bhfuil an cúisí faoi choimeád,
agus ar an gcúirtbhanna (i bhFoirm 18.1, 18.2 nó 18.3) a chomhlánú scaoilfear saor an duine mura mbeidh de chúis lena bheith nó lena beith i gcoimeád ach an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é nó í.
(5) Déanfaidh an Cléireach nó an Rialtóir a mbeidh an t-airgead sin á fháil aige nó aici admháil a eisiúint i leith gach taiscthe agus comhlánóidh sé nó sí an deimhniú i dtaobh an taiscthe sin ar an gcúirtbhanna.
¶6. Ordóidh an Chúirt cóip den Chúirtbhanna ina mbeidh coinníollacha an Chúirtbhanna a thabhairt don chúisí agus d’aon urra nó urraí.
7. Déanfaidh an Rialtóir a mbeidh aon airgead den sórt sin á fháil aige nó aici an t-airgead a thaisceadh le Cléireach an cheantair cúirte ina bhfuil an Chúirt a bhfuil an duine sin le láithriú os a comhair.
8. Más rud é go mbeidh an cúirtbhanna faoi choinníoll go láithreoidh an duine sin os comhair cúirte seachas suí den Chúirt Dúiche, déanfaidh an Cléireach nó an Rialtóir a mbeidh an t-airgead á fháil aige nó aici an t-airgead a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae cuí nó leis an oifigeach cuí don PhríomhChúirt Choiriúil nó don Chúirt Choiriúil Speisialta, de réir mar a bheidh.
9. Tabharfaidh an Cléireach nó an Rialtóir, de réir mar a bheidh, admháil ar an airgead a thaiscfear don pháirtí a bheidh ag dul sa Chúirtbhanna.
Airgead arna thaisceadh a aisíoc
10. I gcás ina ndéanfaidh cúirt duine a cúisíodh i gcion a ligean faoi bhannaí agus—
(a) go ndéanfar é nó í a scaoileadh i ndáil leis an gcion sin de bhun alt 8(5) d’Acht 1967 nó ar shlí eile,
(b) go ndéanfaidh an t-ionchúisitheoir nolle prosequi a thaifeadadh i leith an chiona, nó
(c) go gciontófar é nó í nó go gcinnfear é nó í a bheith neamhchiontach sa chion a bhí sa chúiseamh nó i gcion éigin eile a bhféadfaí an cúisí a chiontú ann ar an gcúiseamh sin,
agus más rud é go mbeidh coinníollacha an Chúirtbhanna ina mbeidh duine dulta i dtaca leis sin comhlíonta go cuí, déanfaidh an Chúirt a raibh ceangal ar an gcúisí faoina Chúirtbhanna nó faoina cúirtbhanna láithriú os a comhair ordú (Foirm 18.6) go ndéanfar méid aon Chúirtbhanna a bheidh íoctha isteach sa Chúirt ag aon duine i dtaca leis sin a aisíoc leis an duine agus déanfaidh sí aon ordú a bheidh déanta faoi alt 5(2) den Acht um Bannaí, 1997, a urscaoileadh agus aon urrú s a bheidh glactha ag an gcúirt faoin bhfoalt sin a fhuascailt.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú ag urscaoileadh ordachá in faoi alt 5(2)(b) déanfaidh an cléireach cóip den ordú sin i bhFoirm 18.10 a sheirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha ar an mbanc, cumann foirgníochta nó comhar creidmheasa iomchuí nó ar an bPost.
Toiliú le bannú ar an mbarántas cimithe
11. Más rud é nach ndéanfar an cúirtbhanna a chomhlánú láithreach, féadfaidh an Breitheamh a dheimhniú ar an mbarántas cimithe go dtoilíonn sé nó sí an duine sin a bhannú, agus méid na mbannaí is gá a lua.
Más rud é go gcimeofar duine chun príosúin gan bhannaí — féadfar é nó í a ligean faoi bhannaí ina dhiaidh sin
12. Más rud é, ar dhuine a bheith arna athchur nó arna hathchur nó ar é nó í a chur ar aghaidh chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe, go gcimeofar é nó í chun príosúin gan bhannaí, féadfaidh an Breitheamh a chinneadh, aon tráth roimh lá na héisteachta atrátha nó roimh an gcéad lá de shuíonna na Cúirte a mbeidh an duine sin curtha ar aghaidh chuici chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe, go ligfear an duine sin faoi bhannaí, agus féadfaidh sé nó sí, le barántas coirp (Foirm 18.7 , Sceideal B), a chur faoi deara an duine sin a thabhairt os a chomhair nó os a comhair chun é nó í a ligean faoi bhannaí amhlaidh, nó, le deimhniú (Foirm 18.8, Sceideal B), a chur in iúl do Rialtóir an phríosúin go dtoilíonn sé nó sí an duine sin a bhannú, agus méid na mbannaí is gá a lua.
Féadfaidh Feidhmeannach Síochána duine a ligean faoi bhannaí sa phríosún
13. Más rud é go ndeonófar deimhniú toilithe le bannú, déanfaidh Feidhmeannach Síochána sa phríosún nó san áit eile ina bhfuil an duine faoi choimeád, ar an deimhniú a thabhairt ar aird, an duine sin a ligean faoi bhannaí mar a bheidh treoraithe leis an deimhniú, aon tráth roimh lá na héisteachta atrátha, más ar a athchur nó ar a hathchur atá an duine sin, nó roimh an gcéad lá de shuíonna na Cúirte a bhfuil an duine sin le triail nó a bhfuil pianbhreith le cur air nó uirthi os a comhair, más amhlaidh a cuireadh ar aghaidh chun trialach nó i gcomhair pianbhreithe é nó í.
Cúirtbhanna urraí nach bhfuil in ann freastal a thógáil
14. Aon uair nach caoithiúil d’urra freastal ag an bpríosún ina bhfuil an duine faoi choimeád chun dul sa Chúirtbhanna i dteannta an duine sin, ansin féadfaidh Breitheamh nó Feidhmeannach Síochána ag a bhfuil dlínse san áit ina bhfuil cónaí ar an duine atá le bheith ina urra nó ina hurra an cúirtbhanna a thógáil agus cuirfidh sé nó sí faoi deara ansin an cúirtbhanna a tharchur chuig Cléireach an cheantair Chúirte ina ndearnadh an t-ordú chun an duine a chimiú. Tarchuirfidh an Cléireach sin cúirtbhanna an urra chuig Rialtóir an phríosúin ina bhfuil an duine faoi choimeád agus, air sin, féadfaidh Feidhmeannach Síochána a thiocfaidh go dtí an príosún sin (ar an gcúirtbhanna a tógadh cheana ón urra a thabhairt ar aird) cúirtbhanna an duine sin a thógáil agus é nó í a ligean faoi bhannaí.
Déanfaidh Rialtóir duine a scaoileadh saor ar chúirtbhanna a chomhlánú dó nó di
15. Nuair a ligfidh Feidhmeannach Síochána i bpríosún faoi bhannaí duine atá faoi choimeád ansin, agus ar deonaíodh deimhniú toilithe le bannú ina leith, déanfaidh an Rialtóir an duine sin a scaoileadh saor air sin mura bhfuil sé nó sí faoi choimeád ar chúis seachas an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é nó í.
Cúirtbhanna a tharchur chuig an gCléireach
16. Déanfar cúirtbhanna a thógfaidh Feidhmeannach Síochána a tharchur chuig Cléireach na Cúirte a bhfuil an duine faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú os a comhair.
Beidh feidhm ag forálacha maidir le finné
17. Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo, maille le haon oiriúnuithe is gá, maidir le finné a ligfear faoi bhannaí nó a athchuirfear faoi choimeád le toiliú le bannú nó gan toiliú le bannú.
Féadfar cúirtbhanna a thógáil tráth ar bith
18. Féadfar cúirtbhanna cúisí agus na n-urraí, más ann, faoin Ordú seo a thógáil aon lá agus aon tráth.
*An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 28(1)].
†An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 29(1)], arna leasú.
‡An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 28(2)].
§An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 28(2)].
¶An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 [a. 26].