Leasuithe ar: Ordú 31A

I.R. Uimh. 94 de 2010 : Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008), 2010

1 . Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008), 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 5ú lá d’Aibreán 2010 agus forléireofar i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2010 iad.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

....

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad theideal Ordú 31A agus riail 1 d’Ordú 31A:

“Ordú 31A

Imeachtaí faoin Police (Property) Act, 1897

Iarratais ar Aiseag


“1. San Ordú seo:

ciallaíonn “an tAcht” an Police (Property) Act, 1897;

ciallaíonn “Acht 2008” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh

Frithpháirteach), 2008 (Uimh. 7 de 2008).”;

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 3 d’Ordú 31A:

“4. (1) Maidir le haon iarratas ar ordú faoi alt 87 d’Acht 2008 go seachadfaidh duine maoin ar an gcomhalta atá i gceannas stáisiúin den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe san iarratas, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte nó d’aon cheann de na dúichí cúirte ina bhfuil an mhaoin suite.

(2) Sula ndéanfar iarratas den sórt sin eiseofar fógra i bhFoirm 31A.3, Sceideal B. Ach amháin i gcás go gceadóidh an Chúirt a mhalairt, nó go mbeidh feidhm ag fo-riail (4), seirbheálfar an fógra ar gach duine ar dealraitheach don iarratasóir go ndéanfaidh, nó gur dóigh go ndéanfaidh, déanamh an ordaithe atáthar a lorg difear dó nó di, de réir na bhforálacha iomchuí d’Ordú 10. I gcás gur leis an bpost cláraithe réamhíoctha a dhéanfar an tseirbheáil, seirbheálfar an fógra lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a shocrófar chun an t-iarratas a éisteacht. I ngach cás eile seirbheálfar an fógra seacht lá ar a laghad roimh an dáta sin.

(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil i dtaobh sheirbheáil an fhógra (agus, más cuí, an deimhniú postála) a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta.

(4) Más rud é, in iarratas lena mbaineann an riail seo, nach féidir leis an iarratasóir a fháil amach cá bhfuil aon duine ar dealraitheach don iarratasóir go ndéanfaidh, nó gur dóigh go ndéanfaidh, déanamh an ordaithe atáthar a lorg difear dó nó di, nó i gcás go gceadóidh an Chúirt a mhalairt, féadfar iarratas den sórt sin a dhéanamh ex parte ar an bhfógra a thaisceadh leis an gCléireach roimh ré.

(5) Is i bhFoirm 31A.4, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gcúirt lena ndeonófar an t-iarratas.”;