Leasuithe ar: Ordú 34

I.R. Uimh. 585 de 2011: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 2010) 2011

1. (1) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010), 2011 a ghairm de na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 10ú lá de Nollaig 2011.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) agus i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.

(3) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2011 a ghairm de na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997:

...

(vi) tríd an gceannteideal agus an riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 23 d’Ordú 34:

“Faoin Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010

24. Maidir le hiarratas de bhun alt 18(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, chun barántas a eisiúint, féadfar é a dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Dúiche atá sannta don Dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil an áit a lorgaítear an barántas ina leith suite. Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.56, Sceideal B, a dhéanfar an t-iarratas sin, agus déanfar agus éistfear é de réir Ordú 12, riail 27. Is i bhFoirm 34.57, Sceideal B, a bheidh barántas arna eisiúint ar scór na faisnéise sin.”.

...
3. (3) Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 34.56 agus 34.57 sa Sceideal a chur leis na Foirmeacha i Sceideal B a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, díreach i ndiaidh Fhoirm 34.55.