Ordú 83

Clubanna a chlárú agus údaruithe club a dheonú

Mínithe

1. San Ordú seo

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904 (4 Edw. 7, Ch. 9);

ciallaíonn ‘‘Acht 1924’’ an tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 (Uimh. 62 de 1924);

ciallaíonn ‘‘Acht 1927’’ an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927);

ciallaíonn ‘‘Acht 1962’’ an tAcht Deochanna Meisciúla, 1962 (Uimh. 21 de 1962);

ciallaíonn ‘‘Acht 1988’’ an tAcht Deochanna Meisciúla, 1988 (Uimh. 16 de 1988);

ciallaíonn ‘‘bliain cheadúnúcháin’’ tréimhse dhá mhí dhéag dár críoch an tríochadú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain;

ciallaíonn ‘‘club cláraithe’’ club a shealbhaíonn deimhniú cláraitheachta atá i bhfeidhm ag an am.

Cláraitheoir na gClubanna

2. (1) Chun críocha an Achta is é nó í an Cléireach don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh club lena mbaineann Cláraitheoir na gClubanna (dá ngairtear an Cláraitheoir freisin san Ordú seo).

— do choimeád cláir

(2) Coimeádfaidh gach Cláraitheoir Clubanna den sórt sin clár ina dtaifeadfar ainm gach club ina cheantar nó ina ceantar cúirte dá ndeonófar deimhniú cláraitheachta faoi fhorálacha an Achta agus, más cuí, na sonraí breise a cheanglaítear leis an Acht.

 

Iarratas ar dheimhniú cláraitheachta

Taisceadh leis an gCláraitheoir

An Cláraitheoir — do thabhairt fógra don Cheannfort den Gharda Síochána

3. (1) Más rud é go ndéanfaidh rúnaí club ó na dteastóidh deimhniú bunaidh cláraitheachta, de bhun fho-alt (1) d’alt 2 den Acht, na doiciméid a luaitear san fho-alt sin a thaisceadh leis an gCláraitheoir, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra láithreach faoin iarratas sin don cheannfort den Gharda Síochána amhail mar a fhorordaítear i riail 4 (6) den Ordú seo i gcás iarratais chun deimhniú den sórt sin a athnuachan.

— do tharchur comhaid chuig an gCláraitheoir Contae

(2) Tar éis deich lá a bheith caite ó dháta an taiscthe sin, tarchuirfidh an Cláraitheoir na doiciméid chuig an gCláraitheoir Contae cuí, mar aon le haon fhógra agóide in aghaidh an deimhniú a dheonú agus aon nuachtán ina bhfuil fógra faoin iarratas, agus a taisceadh leis nó léi.

Nuair a ghéillfear d’iarratas — do thaifeadadh sonraí agus d’eisiúint deimhnithe

(3) Ar an gcomhad a chur ar ais, mar aon le fógra ón gCláraitheoir Contae gur géilleadh don iarratas, déanfaidh an Cláraitheoir na sonraí a cheanglaítear le halt 1(1) den Acht a thaifeadadh i gclár na gclubanna, agus air sin eiseoidh sé nó sí deimhniú cláraitheachta i bhFoirm 83.4, Sceideal C, chuig an iarratasóir.

 

Deimhnithe a athnuachan, agóidí ina aghaidh sin

Iarratas ar athnuachan chuig an gCláraitheoir

4. (1) Is i bhFoirm 83.1, Sceideal C, a bheidh iarratas ó rúnaí club ar athnuachan ar an deimhniú cláraitheachta, agus déanfar é chun Cláraitheoir na gClubanna, lena éisteacht ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú don cheantar cúirte ina bhfuil an club, tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh dháta na Cúirte Bliantúla sin um Cheadúnú.

Fógra nuachtáin

(2) Déanfaidh an t-iarratasóir, freisin, an fógra faoin iarratas sin a fhoilsiú uair amháin i nuachtán laethúil a léitear sa líomatáiste agus, nuair a bheidh an fógra foilsithe, taiscfidh sé nó sí cóip den nuachtán leis an gCláraitheoir.

Doiciméid a bheith ag gabháil leis an iarratas

(3) Beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas sin ar athnuachan—

(a) dhá chóip de rialacha an chlub,

(b) liosta d’ainmneacha agus seoltaí na n-oifigeach agus an choiste bainistíochta nó an chomhlachta rialaithe agus ainmneacha na gcomhaltaí, agus

(c) deimhniú i bhFoirm 83.2, Sceideal C, arna síniú ag beirt Fheidhmeannach Síochána don dúiche ina bhfuil áitreabh an chlub, agus más rud é nach bhfuil an t-áitreabh sin ar úinéireacht ag an gclub, ní mór an deimhniú a bheith sínithe ag úinéir an áitribh sin nó, i gcás an t-úinéir a bheith faoi aon mhíchumas dlíthiúil, ag ionadaí dlíthiúil an úinéara.

Déanfar an fhoirm iarratais a stampáil chun a dhaingniú gur íocadh an táille chúirte chuí (más ann) a cheanglaítear le dlí a íoc maidir leis an iarratas sin.

Rialacha club ag cáiliú dó chun clárú

(4) Chun club a bheith inchláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988, comhlíonfaidh rialacha an chlub ceanglais

alt 4 den Acht, arna leasú le halt 42 d’Acht 1988, agus

alt 56 (a bhaineann le tráthanna toirmiscthe chun deochanna inmháil a sholáthar lena n-ól in áitreabh club) d’Acht 1927 (arna ionadú le halt 26 d’Acht 1988).

 

Iarratasóir do thabhairt fógra don Údarás Dóiteáin

(5) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 (Uimh. 30 de 1981) maidir le gach iarratas den sórt sin.

An Cláraitheoir do thabhairt fógra don Cheannfort den Gharda Síochána

(6) Tabharfaidh an Cláraitheoir fógra láithreach faoin iarratas sin, i bhFoirm 83.3, Sceideal C, mar aon le cóip de rialacha an chlub, don cheannfort den Gharda Síochána don dúiche Gharda ina bhfuil an club is ábhar don iarratas.

Deimhniú cláraitheachta

5. Más rud é nach ndéanfar aon agóidí in aghaidh an deimhniú a athnuachan agus go ngéillfidh an Chúirt don iarratas, déanfaidh Cláraitheoir na gClubanna na taifid a cheanglaítear leis an Acht a chur i gclár na gClubanna agus air sin eiseoidh sé nó sí deimhniú cláraitheachta i bhFoirm 83.4, Sceideal C, chuig an iarratasóir.

Malliarratas

6. Aon chlub a mhainneoidh iarratas a dhéanamh chun deimhniú cláraitheachta a athnuachan faoin dáta nó roimh an dáta nach mór i dtéarmaí an Achta an t-iarratas sin a dhéanamh, ní dheonófar an athnuachan sin dó mura deimhin leis an gCúirt gur neamhaire ba chúis leis an mainneachtain sin.

Agóidí in aghaidh deimhniú a dheonú nó a athnuachan

7. (1) Beidh an ceannfort den Gharda Síochána, ar fhógra a fháil faoi iarratas arna thabhairt mar a dúradh, agus aon duine a chónaíonn sa pharóiste ina bhfuil áitreabh an chlub, inniúil chun agóidí a thaisceadh in aghaidh an deimhniú a dheonú ar aon cheann de na forais agóide a shonraítear san Acht, agus beidh duine ar bith inniúil chun agóidí a thaisceadh in aghaidh an deimhniú a athnuachan ar aon cheann de na forais sin.

(2) Ní bhreithneoidh an Chúirt aon agóid in aghaidh deimhniú a athnuachan mura ndéantar í ar cheann amháin nó níos mó de na forais a shonraítear

— in alt 5 den Acht, arna leasú le halt 42 (1) d’Acht 1988, nó

— in alt 24 (2) d’Acht 1924.

— fógra fúthu

(3) Is trí fhógra i bhFoirm 83.5, Sceideal C, arna síniú ag an agóideoir nó ag an aturnae thar ceann an agóideora, a dhéanfar agóid in aghaidh deimhniú cláraitheachta maidir le club a dheonú nó a athnuachan, agus taiscfear í leis an gCláraitheoir laistigh de dheich lá ón bhfógra faoin iarratas a fháil nó a fhoilsiú, agus san am céanna seolfar cóip den fhógra agóide sin chuig rúnaí an chlub a bheidh ag déanamh iarratais chun athnuachan a dheonú ar an deimhniú. Nuair nach agóideoir é nó í an ceannfort den Gharda Síochána, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra faoi thaisceadh na hagóide nó na n-agóidí don cheannfort sin.

— iad a liostú

(4) I gcás iarratais chun deimhniú a athnuachan, déanfaidh an Cláraitheoir an fógra agóide a liostú agus a thaifeadadh le haghaidh na Cúirte Bliantúla um Cheadúnú ar os a comhair a dhlitear an t-iarratas a éisteacht, agus más rud é go gcuirfidh an Chúirt na himeachtaí ar atráth chuig dáta éisteachta, déanfaidh an Cláraitheoir, trí fhógra i bhFoirm 83.6, Sceideal C, an áit, an dáta agus an t-am a bheidh socraithe don éisteacht a chur in iúl do na páirtithe.

An Cláraitheoir do thaifeadadh sonraí agus d’eisiúint deimhnithe nuair a ghéillfear d’iarratas

(5) Más rud é, ar an iarratas agus an agóid a éisteacht, go ngéillfidh an Chúirt don iarratas, déanfaidh Cláraitheoir na gClubanna na taifid a cheanglaítear leis an Acht a chur i gclár na gclubanna agus air sin eiseoidh sé nó sí deimhniú cláraitheachta i bhFoirm 83.4, Sceideal C, chuig an iarratasóir.

Ré deimhnithe

8. (1) Leanfaidh deimhniú cláraitheachta arna eisiú int go cuí ag Cláraitheoir Clubanna faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988, mar a fhoráiltear in alt 3 (3) den Acht (arna leasú leis an gcéad sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 — Uimh. 26 de 1986), agus faoi réir fhorálacha eile an Achta, i bhfeidhm go dtí an chéad Chúirt Bhliantúil um Cheadúnú don cheantar cúirte ina bhfuil áitreabh an chlub a thionólfar tar éis géilleadh don iarratas ar an deimhniú sin, agus rachaidh sé in éag ansin.

— fadú go dtí go ndéanfaidh an Chúirt cinneadh

(2) D’ainneoin fhorálacha an Achta maidir le ré deimhnithe, más rud é go mbeidh iarratas déanta ar athnuachan, leanfaidh an deimhniú reatha i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an Chúirt cinneadh críochnaitheach, ach ní leanfaidh sé i bhfeidhm níos faide ná trí mhí mura ndéanfaidh an Chúirt dá rogha féin an tréimhse ama sin a fhadú go tréimhse bhreise nach faide ná trí mhí.

Clubanna nua, clubanna a scoirfidh de bheith cláraithe — fógra chuig na Coimisinéirí Ioncaim

9. Cuirfidh gach Cláraitheoir Clubanna, de réir cheanglais alt 48 (6) den Finance (1909-10) Act, 1910, fógra chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoi aon chlub nua a thaifeadadh, agus faoi aon chás ina scoirfidh club de bheith cláraithe, i gclár na gclubanna a bheidh á choimeád aige nó aici.

 

Údaruithe Club

Ionad

10. (1) Féadfar iarratas ó rúnaí club chláraithe ar údarú de bhun alt 21 (1) den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, arna leasú le halt 8 d’Acht 1962, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil áitreabh an chlub dá bhfuil an t-ú darú á lorg.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gceannfort den Gharda Síochána a bhfuil áitreabh an chlub ina dhúiche nó ina dúiche ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais, agus déanfar cóip de a thaisceadh san am céanna le Cláraitheoir na gClubanna.

Ordú ón gCúirt

(3) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 83.7, Sceideal C, a bheidh an t-ú darú.

15 ar a mhéad in aghaidh na bliana 

(4) Cúig údarú dhéag den sórt sin, ar a mhéad, a dheonófar d’aon chlub in aon bhliain cheadúnúcháin.

 

Údaruithe le haghaidh teagmhas speisialta

Ionad

11. (1) Féadfar iarratas ó rúnaí club chláraithe ar údarú de bhun alt 14 (1) d’Acht 1962 a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh club dá bhfuil an t-údarú á lorg.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gceannfort den Gharda Síochána a bhfuil áitreabh an chlub ina dhúiche nó ina dúiche ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais, agus déanfar cóip de a thaisceadh san am céanna le Cláraitheoir na gClubanna.

Ordú ón gCúirt

(3) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 83.8, Sceideal C, a bheidh an t-údarú.