Ordú 84

Cúram leanaí

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

Uim84-I.R. Uimh. 5 De 2006

Uim84-I.R. Uimh. 469 De 2008

Uim84-I.R. Uimh. 143 De 2015

Mínithe

1. San Ordú seo:

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Chúram Leanaí, 1991 (Uimh. 17 de 1991);

ciallaíonn ‘‘leanbh’’ duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois seachas duine atá pósta nó a bhí pósta;

ciallaíonn ‘‘bord sláinte’’ bord sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970 (Uimh. 1 de 1970);

tá le ‘‘tuismitheoirí’’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) den Acht.

Éisteachtaí

2. (1) Éistfear imeachtaí faoi Chuid III, IV nó VI den Acht ar shlí seachas go poiblí agus ní thabharfar cead bheith i lá thair ag an éisteacht ach amháin d’oifigigh don Chúirt, do na páirtithe agus dá n-ionadaithe dlíthiúla, d’fhinnéithe agus do cibé daoine eile a cheadóidh an Breitheamh dá rogha féin.

(2) Más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, féadfaidh an Breitheamh a ordú d’aon fhinné nach páirtí sna himeachtaí an Chúirt a fhágáil go dtí go mbeidh a fhianaise nó a fianaise ag teastáil nó tar éis a fhianaise nó a fianaise a thabhairt.

(3) Beidh imeachtaí sa Chúirt faoi Chuid III, IV nó VI den Acht chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais. Breithiúna a éistfidh agus a chinnfidh imeachtaí den sórt sin nó abhcóidí nó aturnaetha a láithreoidh in imeachtaí den sórt sin, ní chaithfidh siad peiriúicí ná róbaí.

Doiciméid a sheirbheáil

3. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3) den Riail seo, déanfar doiciméad a cheanglaítear a sheirbheáil leis na Rialacha seo a sheirbheáil ar an duine ar chuige nó chuici a bheidh sé dírithe—

(a) trí chóip de a sheachadadh air nó uirthi nó,

(b) mura féidir bualadh leis nó léi go caoithiúil, trí chóip de a fhágáil lena aghaidh nó lena haghaidh san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige nó aici nó san áit chónaithe is gnáiche a bhíonn aige nó aici, ag aon ghaol don duine sin atá sé bliana déag d’aois ar a laghad agus a chreidtear a bheith ina chónaí nó ina cónaí san áit sin leis nó léi, nó trína fágáil ag an duine atá i bhfeighil theach nó áitreabh na háite cónaithe sin, nó,

(c) trí chóip de a fhágáil lena aghaidh nó lena haghaidh ina áit nó ina háit ghnó ag aon ghníomhaire, cléireach, fostaí nó seirbhíseach don duine sin atá sé bliana déag d’aois ar alaghad, nó

(d) trí chóip de a chur leis an ngnáthphost réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuige nó chuici san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige nó aici nó san áit chónaithe is gnáiche abhíonn aige nó aici nó ag a áit nó a háit ghnó.

 

(2) Déanfar doiciméad a sheirbheáil ar bhord sláinte nó ar bhord nó comhlacht reachtúil eile nó ar chumann neamhchorpraithe trí chóip de a fhágáil ag aon fhostaí don bhord, don chomhlacht nó don chumann sin ina phríomhoifig nó tríd an gcóip sin a chur leis an ngnáthphost réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an mbord, chuig an gcomhlacht nó chuig an gcumann ag an bpríomhoifig sin.

(3) Más cuí léi déanamh amhlaidh ar chúis speisialta in aon chás áirithe, féadfaidh an Chúirt a mheas gur leorsheirbheáil bhailí an tseirbheáil a rinneadh iarbhír, d’ainneoin nach ndearnadh í de réir fhorálacha an Ordaithe seo.

Taisceadh chun a éisteachta nó a héisteachta

4. Nuair a bheidh fógra iarratais, toghairm nó fógra achomhairc a eiseofar faoin Ordú seo seirbheáilte, déanfar an fógra bunaidh nó an toghairm bhunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é nó í, a thaisceadh láithreach leis an gCléireach chun é nó í a thaifeadadh chun a éisteachta nó a héisteachta.

Imeachtaí faoi Chuid III den Acht

Ordú cúraim éigeandála 

5. (1) Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 12 (4) nó 13 (1) den Acht ar ordú cúraim éigeandála, déanfar fógra i bhFoirm 84.184.2, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, i.e. an tuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád nó duine atá ag gníomhú in loco parentis. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

(2) Más rud é, áfach, gur deimhin leis an mBreitheamh gur gá sin toisc a phráinní atá an t-ábhar, féadfar iarratas ar ordú cúraim éigeandála—

(a) a dhéanamh ex parte, faoi réir an fógra iarratais (Foirm 84.184.2, Sceideal C, de réir mar a bheidh), arna chomhlánú go cuí, a thaisceadh leis an gCléireach;

(b) a éisteacht agus ordú a dhéanamh ina leith sin in áit eile seachas ag suí poiblí den Chúirt.

Ionad

6. (1) Is é nó í an Breitheamh don dúiche ina gcónaíonn an leanbh nó ina bhfuil sé nó sí de thuras na huaire a dhéanfaidh ordú cúraim éigeandála a dhéanfar faoi alt 13 (1) den Acht. Más rud é, áfach, nach mbeidh an Breitheamh sin ar fáil láithreach, féadfaidh aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche an t-ordú a dhéanamh.

(2) Is i bhFoirm 84.384.4, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a bheidh ordú cúraim éigeandála, agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara cóip de a sheirbheáil ar thuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád O.84, r.6 nó faoina coimeád nó, de réir mar a bheidh, ar dhuine atá ag gníomhú in loco parentis.

(3) Is i bhFoirm 84.5, Sceideal C, a bheidh barántas a eiseofar faoi alt 13 (3) den Acht chun Ordú den sórt sin a fhorghníomhú.

(4) Ní chuirfidh achomharc in aghaidh ordaithe cúraim éigeandála bac ar oibriú an ordaithe.

Treoracha faoi alt 13 (7)

7. (1) Más rud é, ar dhóigh seachas ag éisteacht iarratais ar éigeandá la, go ndéanfar iarratas faoi alt 13 (7) den Acht ar threoracha an Bhreithimh, sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 84.6, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an mbord sláinte, ar thuismitheoirí an linbh nó ar cheachtar acu, ar dhuine atá ag gníomhú in loco parentis, nó ar aon duine eile, de réir mar is cuí. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.7, Sceideal C, a bheidh ordú ag tabhairt treoracha ar an iarratas sin agus déanfar é a sheirbheáil ar gach duine a ndéanfaidh an tOrdú difear dó nó di go díreach.

(2) Sula ndéanfar iarratas chun treoir a bheidh tugtha faoin alt sin 13 (7) (a) a athrú nó a urscaoileadh, déanfar fógra i bhFoirm 84.8, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil, mar a fhorordaítear i mír (1) den Riail seo. Is i bhFoirm 84.9, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar ghéilleadh don iarratas agus déanfar é a sheirbheáil mar a fhorordaítear sa mhír sin (1).

8. Ní gá in aon fhógra nó iarratas faoi alt 13 den Acht nó in aon ordú a dhéanfar faoin alt sin an leanbh a ainmniú mura bhfuil an t-ainm sin ar eolas.

Imeachtaí faoi Chuid IV den Acht

Ordú cúraim eatramhach

9. (1) Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 17 (1) den Acht ar ordú cúraim eatramhach, déanfar fógra i bhFoirm 84.10, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, i.e. tuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád nó, de réir mar a bheidh, duine atá ag gníomhú in loco parentis, ach amháin sa chás go dtabharfaidh an Breitheamh treoir faoi fho-alt (3) den alt sin. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.11, Sceideal C, a bheidh ordú cúraim eatramhach a dhéanfar ar iarratas den sórt sin agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir agus ar aon duine eile a ndéanfaidh an tOrdú difear dó nó di go díreach.

(2) Is i bhFoirm 84.43, Sceideal C, a bheidh aon bharántas a eiseofar faoi alt 35 den Acht (agus mar a fhorordaítear i Riail 27 den Ordú seo) chun ordú cúraim eatramhach a fhorghníomhú.

(3) Sula ndéanfar iarratas faoi alt 17 (2) den Acht ar fhadú ar thréimhse ordaithe cúraim eatramhaigh, déanfar fógra i bhFoirm 84.12, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil mar a fhorordaítear i mír (1) den Riail seo, ach amháin sa chás go dtabharfaidh an breitheamh treoir dá mhalairt faoi fho-alt (3) den alt sin. Is i bhFoirm 84.13, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ag deonú an fhadaithe agus féadfar, más cuí, é a chur leis an ordú cúraim eatramhach nó é a fhormhuiniú air.

Ordú Cúraim

10. (1) Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 18 (1) den Acht ar ordú cúraim maidir le leanbh a chónaíonn nó a gheofar ina limistéar, déanfar fógra i bhFoirm 84.14, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, i.e. tuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád nó, de réir mar a bheidh, duine atá ag gníomhú in loco parentis. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

— seirbheáil

(2) Is i bhFoirm 84.15, Sceideal C, a bheidh ordú cúraim a dhéanfar ar an iarratas sin agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an tOrdú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

— barántas

(3) Is i bhFoirm 84.43, Sceideal C, a bheidh barántas a eiseofar faoi alt 35 den Acht (agus mar a fhorordaítear i Riail 27 den Ordú seo) chun ordú cúraim a fhorghníomhú.

Ordú Cúraim a Fhadú

11. Sula ndéanfar iarratas faoi alt 18 (2) den Acht chun feidhmiú ordaithe cúraim a fhadú, déanfar fógra i bhFoirm 84.16, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.17, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ag gé illeadh don iarratas agus féadfar, más cuí, é a chur leis an ordú cúraim nó a fhormhuiniú air.

Ordú Maoirseachta

12. Más rud é, ar iarratas ar ordú cúraim, go ndéanfaidh an Chúirt ordú maoirseachta (dá bhforáiltear in alt 18 (5) den Acht), is i bhFoirm 18 a bheidh an t-ordú ón gCúirt agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

Treoracha go dtí go ndéanfar Ordú Cú raim

13. Sula ndéanfar iarratas faoi alt 18 (6) den Acht ar threoracha ón gCúirt maidir le cúram agus coimeád linbh go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar ordú cúraim, déanfar fógra i bhFoirm 84.19, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, i.e. an bord sláinte, an tuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád, an duine atá ag gníomhú in loco parentis, de réir mar is cuí, mura ndéanfar viva voce é ag éisteacht an iarratais deiridh sin. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.20, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag tabhairt na dtreoracha sin agus déanfar é a sheirbheáil ar gach páirtí agus ar aon duine eile a ndéanfaidh an t-ordú difear dó nó di go díreach.

Ordú Maoirseachta go dtí go ndéanfar Ordú Cúraim

14. Sula ndéanfar iarratas faoi alt 18 (6) den Acht ar ordú maoirseachta go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar ordú cúraim, déanfar fógra i bhFoirm 84.21, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an O.84, r.14 t-iarratas a éisteacht, mura ndéanfar viva voce é ag éisteacht an iarratais deiridh sin. Is i bhFoirm 84.22, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas sin ar ordú maoirseachta agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

Ranníoc ag tuismitheoir

15. (1) Más rud é, i dteannta ordú cúraim a dhéanamh, go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 18 (7) den Acht á cheangal ar thuismitheoir nó ar thuismitheoirí linbh ranníoc a dhéanamh faoi chomhair a chothabhá la nó a cothabhála, is i bhFoirm 84.23, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ranníoca sin agus cuirfidh an bord sláinte is iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an tuismitheoir nó ar na tuismitheoirí sin.

(2) Sula ndéanfar iarratas faoi alt 18 (8) den Acht chun ordú ranníoca a athrú nó a urscaoileadh, déanfar fógra i bhFoirm 84.24, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.25, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus déanfar é a sheirbheáil ar an tuismitheoir a gceanglaítear air nó uirthi ranníoc a dhéanamh.

Ordú Maoirseachta

16. (1) Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 19 (1) den Acht ar ordú maoirseachta maidir le leanbh a chónaíonn ina limistéar, déanfar fógra i bhFoirm 84.26, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí, i.e. tuismitheoirí an linbh nó, de réir mar a bheidh, an tuismitheoir a bhfuil an leanbh faoina choimeád nó faoina coimeád nó duine atá ag gníomhú in loco parentis. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

(2) Is i bhFoirm 84.27, Sceideal C, a bheidh ordú maoirseachta a dhéanfar ar an iarratas sin, agus cuirfidh an bord sláinte is iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar gach freagróir.

Treoracha maidir le cuairteanna

17. Sula ndéanfar iarratas faoi alt 19 (3) den Acht ar threoracha ón gCúirt maidir leis an tslí a dtabharfar cuairt ar leanbh, déanfar fógra i bhFoirm 84.28, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an mbord sláinte is freagróir seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.29, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ó n gCúirt ag tabhairt na dtreoracha sin agus déanfar é a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe.

Treoracha breise

18. Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 19 (4) den Acht, arna dhéanamh le linn saolré ordaithe maoirseachta, ar threoracha ón gCúirt maidir le cúram an linbh, déanfar fógra i bhFoirm 84.30, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.31, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag tabhairt na dtreoracha sin agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar gach freagróir.

Imscrú duithe faoi alt 20 (1)

19. (1) Más rud é, faoi alt 20 (1) den Acht, go gcuirfidh an Chúirt imeachtaí ar atráth agus go dtabharfaidh sí treoir do bhord sláinte imscrúdú faoi imthosca linbh a ghabháil air féin, mura páirtí sna himeachtaí sin an bord, cuirfidh an Cléireach cinneadh na Cúirte in iúl don bhord (i bhFoirm 84.32, Sceideal C) a luaithe is féidir.

(2) Más rud é, ar imeachtaí a chur ar atráth amhlaidh, go dtabharfaidh an Chúirt treoracha faoi alt 20 (2) den Acht maidir le cúram agus coimeád an linbh nó go ndéanfaidh sí ordú maoirseachta maidir leis an leanbh go dtí go bhfaighfear an toradh ar an imscrúdú ag an mbord sláinte—

(a) is i bhFoirm 84.33, Sceideal C, a bheidh ordú ón gCúirt ag tabhairt na dtreoracha sin,

(b) is i bhFoirm 84.34, Sceideal C, a bheidh aon ordú maoirseachta den sórt sin,

agus déanfar an t-ordú a sheirbheáil ar gach duine a ndéanfaidh sé difear dó nó di go díreach.

Ordú cúraim a athrú nó a urscaoileadh

20. Sula ndéanfar iarratas faoi alt 22 den Acht—

(a) chun ordú cúraim nó aon choinníoll nó treoir a ghabhann leis an ordú sin a athrú nó a urscaoileadh nó chun an t-ordú cúraim a urscaoileadh agus ordú maoirseachta a dhéanamh, nó

(b) chun ordú maoirseachta nó aon choinníoll nó treoir a ghabhann leis an ordú sin a athrú nó a urscaoileadh, déanfar fógra i bhFoirm 84.35, 84.3684.37, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dá ta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.38, 84.3984.40, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas sin agus déanfar é a sheirbheáil ar gach duine a ndéanfaidh sé difear dó nó di go díreach.

Éifeacht achomharc

21. Déanfaidh achomharc in aghaidh ordaithe arna dhéanamh ag an gCúirt faoi Chuid IV den Acht, má dhéanann an Chúirt nó an Chúirt a dtugtar an t-achomharc chuici cinneadh amhlaidh (ach ní ar aon slí eile), oibriú an ordaithe a bhac ar cibé téarmaí (más ann) a fhorchuirfidh an Chúirt a dhéanann an cinneadh.

Iarratais etc. faoi Chuid V den Acht

Iarratais ar thuarascálacha

22. (1) Más rud é, tráth ar bith seachas le linn éisteacht na n-imeachtaí, go ndéanfar iarratas ó aon cheann de na páirtithe ar ordú faoi alt 27 (1) den Acht á iarraidh go ndéanfar tuarascáil a ullmhú, sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 84.41, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpáirtí nó na páirtithe eile. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.42, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an duine a bheidh ainmnithe ann chun an tuarascáil a ullmhú.

(2) Nuair a bheidh an tuarascáil ullmhaithe, déanfar í a thaisceadh leis an gCléireach. Cuirfidh an t-iarratasóir cóip den tuarascáil ar fáil don abhcóide nó don aturnae a bheidh ag feidhmiú ar son gach páirtí nó, mura mbeifear ag feidhmiú amhlaidh ar son aon pháirtí díobh, don pháirtí sin.

Freastal linbh

23. Féadfar iarraidh ó leanbh faoi alt 30 (2) den Acht chun bheith i láthair le linn éisteacht na n-imeachtaí nó aon chuid d’éisteacht na n-imeachtaí a dhéanamh trí litir a bheidh dírithe chuig an gCúirt agus taiscthe leis an gCléireach roimh an éisteacht, nó lena linn, de réir mar is cuí, nó féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun na Cúirte de bhriathra béil i dtosach na héisteachta sin, nó lena linn, de réir mar is cuí.

Barántas chun ordú cúraim a fhorghniomhú

24. Is i bhFoirm 84.43, Sceideal C, a bheidh barántas a eiseofar faoi alt 35 den Acht chun ordú cúraim eatramhach, nó ordú cúraim arna dhéanamh faoi Chuid IV den Acht á ordú leanbh a chur nó a choinneáil faoi chúram boird sláinte, a fhorghníomhú.

 

Imeachtaí faoi Chuid VI den Acht

Rochtain chuig leanbh

25. (1) Sula ndéanfar iarratas faoi alt 37 (2) den Acht ar ordú maidir le rochtain chuig leanbh, déanfar fógra i bhFoirm 84.44, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an mbord sláinte dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.45, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas.

Rochtain a athrú

(2) Sula ndéanfar iarratas faoin alt sin 37 (2) chun ordú lena mbaineann mír (1) den Riail seo a athrú nó a urscaoileadh, déanfar fógra i bhFoirm 84.46, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí, i.e. an bord sláinte, na tuismitheoirí, na daoine a luaitear in alt 37 (1) den Acht, de réir mar is cuí. Is i bhFoirm 84.47, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus déanfar é a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe.

Údarás chun rochtain a dhiúltú

26. (1) Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 37 (3) den Acht ar ordú á ú darú dó rochtain a dhiúltú chuig leanbh faoina chúram, déanfar fógra i bhFoirm 84.48, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir (an duine a mbeifear ag iarraidh an ordaithe ina choinne nó ina coinne). Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.49, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus cuirfidh an t-iarratasó ir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

(2) Sula ndéanfar iarratas faoin alt sin 37 (3) chun ordú lena mbaineann mír (1) den Riail seo a athrú nó a urscaoileadh, déanfar fógra i bhFoirm 84.50, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí. Is i bhFoirm 84.51, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ó n gCúirt ag géilleadh don iarratas agus déanfar é a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe.

Ordú chun leanbh a thabhairt suas do bhord sláinte — alt 43 (2)

27. Sula ndéanfar iarratas ó bhord sláinte faoi alt 43 (2) den Acht ar ordú á ordú leanbh a thabhairt suas do choimeád an bhoird, déanfar fógra i bhFoirm 84.52, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.53, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

Faisnéis — alt 46 (3)

28. Más rud é go n-iarrfar ordú faoi alt 46 (3) den Acht á ordú leanbh a thabhairt suas do choimeád an bhoird sláinte, leagfaidh an t-iarratasóir faisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn i bhFoirm 84.54, Sceideal C, os comhair an Bhreithimh agus féadfaidh an Breitheamh, de bhun na faisnéise sin, toghairm i bhFoirm 84.55, Sceideal C, a shíniú agus a eisiúint. Déanfar an toghairm sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir dhá lá ar a laghad roimh dháta freagartha na toghairme. Más rud é, áfach, gur deimhin leis an mBreitheamh gur gá sin toisc a phráinní atá an t-ábhar, féadfar an t-iarratas a dhéanamh ex parte agus féadfar ordú faoin alt sin a dhéanamh de bhun na faisnéise faoi mhionn agus ní gá an toghairm sin a eisiúint. Is i bhFoirm 84.56, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

Barántas cuardaigh

29. Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 84.57, Sceideal C, a dhéanfar iarratas faoi alt 46 (6) den Acht ar bharántas cuardaigh. Más rud é go n-eiseoidh an Breitheamh a gheobhaidh an fhaisnéis sin barántas faoin alt sin, is i bhFoirm 84.58, Sceideal C, a bheidh an barántas sin.

Treoir faoi alt 47

30. (1) Sula ndéanfar iarratas faoi alt 47 den Acht ar threoracha ón gCúirt maidir le ceist a dhéanfaidh difear do leas linbh atá faoi chúram boird sláinte, déanfar fógra i bhFoirm 84.59, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil dhá lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Is i bhFoirm 84.60, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus déanfar é a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe agus ar aon duine eile a ndéanfaidh an t-ordú difear dó nó di go díreach.

— athrú nó urscaoileadh

(2) Sula ndéanfar iarratas chun aon ordú nó treoir den sórt sin a athrú nó a urscaoileadh, déanfar fógra i bhFoirm 84.61, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil, mar a fhorordaítear i mír (1) den riail seo, ar an bhfreagróir nó ar na freagróirí. Is i bhFoirm 84.62, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus déanfar é a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe agus ar aon duine eile a ndéanfaidh an t-ordú difear dó nó di go díreach.

 

Iarratais faoi Chuid VII den Acht

Seirbhís réamhscoile — barántas

31. (1) Sa riail seo, tá le ‘‘seirbhís réamhscoile’’ an bhrí a shanntar dó in alt 49 den Acht.

(2) Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn i bhFoirm 84.63, Sceideal C, a dhéanfar iarratas faoi alt 55 (2) den Acht ar bharántas chun dul isteach in áitreabh ina bhfuil seirbhís réamhscoile á seoladh, agus é a iniúchadh. Más rud é go n-eiseoidh an Breitheamh a gheobhaidh an fhaisnéis sin barántas faoin alt sin, is i bhFoirm 84.64, Sceideal C, a bheidh an barántas sin.

 

Imeachtaí faoi Chuid VIII den Acht

Ionad cónaithe do leanaí

32. Sula ndéanfar achomharc chun na Cúirte faoi alt 62 den Acht ón dílseánach cláraithe nó, de réir mar a bheidh, ón duine a bhfuil sé beartaithe aige nó aici bheith ina dhílseánach cláraithe nó ina dílseánach cláraithe ar ionad cónaithe do leanaí, in aghaidh cinnidh, a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin, ó bhord sláinte, déanfar fógra i bhFoirm 84.65, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an mbord sláinte sin. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc a éisteacht. Déanfaidh an t-achomharcóir cóip den chinneadh a bhfuil an t-achomharc á thionscnamh ina aghaidh, nó cóip den fhógra a dtagraítear dó in alt 61 (11) (b) (ii) den Acht, a thaisceadh leis an gCléireach roimh an éisteacht. Is i bhFoirm 84.66, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an achomharc a éisteacht.

 

Orduithe a ndéantar forá il ina leith i gCuid X den Acht

An tAcht Freastal Scoile — ordú cú raim

33. Má s rud é, in imeachtaí i gcoinne tuismitheora faoi alt 17 den Acht Freastal Scoile, 1926 (Uimh. 17 de 1926), go ndéanfaidh an Chúirt ordú cúraim faoi alt 17 (4) (b) den Acht sin (arna ionadú le halt 75 den Acht) ag cur an linbh faoi chúram boird sláinte, is i bhFoirm 84.67, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt agus déanfar é a sheirbheáil ar an tuismitheoir sin an linbh.