Ordú: 22

An nós imeachta nuair nach láithreoidh cúisí

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No22-S.I. No. 498 Of 2008: District Court (Bench Warrants) Rules 2008 

Mura láithreoidh duine,

— de bhun toghairme nó an tseirbheáil á seachaint aige nó aici

1. Más rud é go n-eiseofar toghairm á cheangal ar dhuine a ndearnadh gearán ina choinne nó ina coinne, nó ar líomhnaíodh cion ina choinne nó ina coinne, láithriú os comhair na Cúirte agus nach láithreoidh an duine sin san am agus san áit is gá nó ag aon éisteacht atrátha ar an ábhar, agus go gcruthófar don Bhreitheamh a bheidh i láthair ansin gur seirbheáladh an toghairm ar an duine sin, nó más rud é go dtabharfar faisnéis, i bhFoirm 22.1, Sceideal B, tráth ar bith roimh an dáta, nó i ndiaidh an dáta, ar cheangail an toghairm ar an duine sin láithriú air, á rá go bhfuil sé nó sí ag seachaint na seirbheála nó go bhfuil sé nó sí ar tí éalú nó tar éis éalú, féadfaidh an Breitheamh barántas a eisiúint, i bhFoirm  22.2, Sceideal B, chun an duine sin a ghabháil.

— tar éis é nó í a scaoileadh saor nó a athchur faoi bhannaí

2. Más rud é—

(a) maidir le duine a gabhadh agus a cúisíodh i gcion, go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána é nó í a scaoileadh saor faoi bhannaí trí chúirtbhanna go láithreoidh sé nó sí os comhair suí den Chúirt ag tráth, ar dháta agus in áit a shonrófar sa chúirtbhanna nó

(b) go mbeidh duine cúisithe os comhair na Cúirte i dtaca le cion agus, ar é nó í a athchur, go ligfear faoi bhannaí é nó í trí chúirtbhanna go láithreoidh sé nó sí os comhair suí den Chúirt (san áit chéanna nó in áit eile) ina dhiaidh sin, agus, tar éis don duine sin dul sa Chúirtbhanna, nach láithreoidh sé nó sí ag tráth, ar dháta agus in áit ar cheangail an cúirtbhanna air nó uirthi láithriú aige, air nó ann, féadfaidh an Breitheamh a bheidh ina shuí nó ina suí san áit agus san am sin, ar an gcúirtbhanna a thabhairt ar aird dó nó di, barántas a eisiúint, i bhFoirm 22.3, Sceideal B, chun an duine sin a ghabháil.

— i gcás dlínse achomaire.

Féadfaidh an Chúirt dul ar atráth agus fógra a thabhairt don chosantóir

3. Más rud é gur eisíodh toghairm faoi alt 11 (2) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, nó faoi alt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986, agus gur seirbheáladh í ar an duine ar chuige nó chuici atá sí dírithe ar mhodh seirbheála dádá bhforáiltear in alt 22 (1) d’Acht na gCúirteanna, 1991, agus nach láithreoidh an duine sin ag an am agus san áit a shonraítear sa toghairm ná ag éisteacht an gheará in nó an chúisimh lena mbaineann an toghairm, agus go ndéanfaidh an Chúirt, ós dóigh léi go bhfuil sé neamh-inmhianaithe ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromchúis an chiona nó ar chúis eile, dul ar aghaidh leis an é isteacht gan an duine a bheith i lá thair, an éisteacht a chur ar atráth de bhun alt 22 (4) den Acht sin 1991 le gur féidir fógra a thabhairt don duine faoin éisteacht atrátha, déanfaidh an Cléireach, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, fógra i bhFoirm 22.4, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil, nó a chur faoi deara é a sheirbheáil, ar an duine sin. Déanfar an tseirbheáil ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta na héisteachta atrátha agus ar cibé modh a ordóidh an Chúirt. Coimeádfaidh an Cléireach an fógra bunaidh, agus na sonraí seirbheála formhuinithe air, agus tabharfar ar aird don Chúirt é ag an éisteacht atrátha.

— más rud é go n-éileoidh an cosantóir nach bhfuair sé nó sí toghairm

4. Más rud é, in aon chás lena mbaineann riail 3 den Ordú seo, go ndeachaigh an Chúirt ar aghaidh le héisteacht an ghearáin nó an chúisimh lena mbaineann an toghairm agus, tar éis don chosantóir mainneachtain láithriú ag an éisteacht sin, go n-éileoidh sé nó sí ina dhiaidh sin nach bhfuair sé nó sí an toghairm nó fógra faoin éisteacht sin, féadfaidh an cosantóir sin iarratas a dhéanamh, dádá bhforáiltear in Ordú 10 , riail 23, de na Rialacha seo, chun na himeachtaí a chur ar ceal.