Ordú: 12

Forálacha ilghnéitheach : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No12-S.I. No. 598 Of 2014: District Court (General) Rules 2014
No12-S.I. No. 167 Of 2018: District Court (Extension Of Time) Rules 2018

Nasc Gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

 

1 — GINERÁLTA 

1 Dualgais a roinnt ar Chléirigh

1. (1) I gcás go mbeidh níos mó ná Cléireach amháin sannta do cheantar Cúirte, beidh gach Cléireach den sórt sin a bheidh sannta inniúil ar gach ceann agus aon cheann de dhualgais Cléirigh den Chúirt a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an Príomh-Chléireach nó an tArd-Chléireach dualgais an Chléirigh a roinnt ar na Cléirigh éagsúla a bheidh sannta do cheantar Cúirte nó do dhúiche Chúirte, de réir mar is dóigh leis nó léi is cuí. 

2 Leabhar na Miontuairiscí agus taifead ar bhreitheanna

2. (1) Ní foláir don Chléireach do gach ceantar Cúirte leabhar a choimeád, ar a dtabharfar Leabhar na Miontuairiscí, agus ní foláir na cásanna go léir, seachas na cásanna sin ina dtaifeadfar sonraí na gcionta ar dhuilleoga na gcúiseamh, a bheidh le héisteacht ag suíonna den Chúirt don cheantar Cúirte sin a thaifeadadh ann.

(2) Chun a chumasú éifeacht a thabhairt do bhreith na Cúirte agus chun a chumasú ordú a tharraingt suas más rud é go gceanglófar sin, ní foláir don Bhreitheamh, ar a bhreith nó ar a breith a fhógairt, a chur faoi deara meabhrán den bhreith sin a dhéanamh i leabhar na miontuairiscí nó ar dhuilleog na gcúiseamh, de réir mar is cuí, agus ní foláir don Chléireach nóta faoin mbreith a chur ag gabháil leis an gcomhad cúirte iomchuí. Ní fhéadfar athrú ar bith a dhéanamh ar an meabhrán ón mBreitheamh ach amháin i gcás go ndéanfaidh an Breitheamh a rinne an meabhrán an t-athrú. 

3 Cleachtas agus nós imeachta i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath

3. D’ainneoin fhorálacha na Rialacha seo, féadfar leanúint le haon chleachtas nó nós imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath sa dúiche Chúirte sin i dteannta nó in ionad aon chleachtas nó nós imeachta arna fhorordú leis na Rialacha seo. 

4 Éisteachtaí ar shlí seachas go poiblí

4. I gcás go gceanglófar le dlí go ndéanfar éisteacht aon iarratais a thionól ar shlí seachas go poiblí nó go n-ordófar go ndéanfar éisteacht aon iarratais nó fianaise a thionól ar shlí seachas go poiblí nó le daoine áirithe eisiata ón gCúirt, agus gurb é tuairim an Bhreithimh gur chaoithiúla agus gur thapúla a chuirfí an éisteacht de láimh i nDlísheomra ná sa Chúirt, féadfar an éisteacht a thionól agus aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chun an Bhreithimh i nDlísheomra agus féadfaidh sé nó sí é a chinneadh ann.


2 — CÚIRTBHANNAÍ


5 Comhlachtaí corpraithe do dhul i gcúirtbhanna

5. (1) Féadfaidh comhlacht corpraithe, in aon chás ina gceanglófar cúirtbhanna leis na Rialacha seo, dul sa chúirtbhanna trína ghníomhaire (nach foláir dó nó di a bheith ina stiúrthóir, ina bhainisteoir nó ina bainisteoir ar an gcomhlacht corpraithe nó ina oifigeach nó ina hoifigeach freagrach eile dó) a bheidh údaraithe go cuí chuige sin.

(2) Ní foláir, maidir leis an údarás a bheidh tugtha do ghníomhaire chun dul i gcúirtbhanna ar son comhlacht corpraithe, go dtabharfar leis cumhacht don ghníomhaire chun a cheangal ar an gcomhlacht corpraithe na coinníollacha go léir agus aon cheann de na coinníollacha a ghabhann leis an gcúirtbhanna a chomhall agus a chomhlíonadh agus ní foláir go n-admhófar dliteanas dlíthiúil an chomhlachta chorpraithe i gcás go mainneoidh sé aon choinníoll den chúirtbhanna a chomhall nó a chomhlíonadh.

(3) Ní foláir a mheas gur fianaise prima facie ar cheapadh agus ar údarás an ghníomhaire cóip de rún ó bhord stiúrthóirí nó ó choiste bainistíochta an chomhlachta chorpraithe a airbheartóidh a bheith sínithe ag an duine is cathaoirleach, de thuras na huaire, ar an mbord nó ar an gcoiste.

(4) Féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, comhlacht corpraithe a dhíolmhú óna bheith de riachtanas air dul i gcúirtbhanna. 

6 Díolúintí ó dhul i gcúirtbhanna

6. Aon fhoráil de na Rialacha seo lena gceanglófar ar achomharcóir chun na Cúirte Cuarda, nó ar iarratasóir ar chás sonraithe, dul i gcúirtbhanna, ní bheidh feidhm aici:

(a) maidir leis an Ard-Aighne;

(b) maidir leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí;

(c) maidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí;

(d) maidir le haon Aire den Rialtas ná le haon Aire Stáit ná le hoifigeach do cheachtar Aire acu sin;

(e) maidir le hoifigeach don Gharda Síochána ná le comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó nó di i gcáil oifigiúil, ná

(f) maidir le hoifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ag gníomhú dó nó di i gcáil oifigiúil.

 

3 — SCEIDIL AGUS FOIRMEACHA


7 Is cuid de na Rialacha seo na Sceidil

7. Ní foláir a mheas gur cuid de na Rialacha na sceidil a ghabhann leis na Rialacha seo agus ní foláir a mheas go bhfuil na foirmeacha go léir sna Sceidil bailí agus leordhóthanach faoin dlí, agus is iad na foirmeacha is cóir a úsáid fiú i gcás go mbeidh foirmeacha eile atá éagsúil leo foráilte le haon achtachán faoina dtionscnófar na himeachtaí. 

8 Más rud é nach gcloífear le foirm nó go bhfágfar ar lár aon ní ó fhoirm, ní chuirfear an fhoirm ó bhail más leor an t-ábhar ó thaobh substainte

8. Más rud é nach gcloífear le haon fhoirm fhorordaithe, nó más rud é go bhfágfar ar lár aon cheann de na sonraí a éileofar le haon fhoirm fhorordaithe, nó más rud é go n-úsáidfear focail seachas iad sin atá curtha in iúl in aon fhoirm fhorordaithe, ní chuirfidh sin ó bhail ná ar neamhní na himeachtaí ná an t-ábhar lena mbaineann an fhoirm, más leor, i dtuairim na Cúirte, ar gach slí eile, ó thaobh substainte agus éifeachta, an fhoirm nó na focail. 

9 Tagairt d’fhoirmeacha agus iad a mhodhnú

9. (1) I gcás go ndéanfar foirm agus uimhir agus Sceideal díreach ina diaidh a lua sna Rialacha seo, is cóir an tagairt a léamh mar thagairt d’fhoirm ar a bhfuil an uimhir sin sa Sceideal lena mbaineann.

(2) Ní foláir gach tagairt d’fhoirm a fhorléiriú mar thagairt a chiallaíonn tagairt do cibé modhnú ar an bhfoirm lena mbaineann a fhéadfaidh a bheith oiriúnach chun a úsáidte san imeacht nó san ábhar áirithe.

(3) Is leor in aon fhoirm suimeanna airgid, dátaí agus uimhreacha eile a shonrú i bhfigiúirí nó i bhfocail.

(4) I gcás nach mbeidh foirm ar bith foráilte le reacht ná le rialacha Cúirte, féadfaidh na páirtithe nó an Chúirt an fhoirm a tharraingt suas faoi threoir na bhfoirmeacha atá sna Sceidil a ghabhann leis na Rialacha seo.


4 — FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA IN IMEACHTAÍ COIRIÚLA


10 Giorruithe, leasuithe, etc in imeachtaí coiriúla

10. (1) Faoi réir agus de réir aon fhoráil de chuid reachta, féadfaidh Breitheamh in aon imeachtaí coiriúla:

(a) aon uair is cuí leis nó léi, giorrú nó fadú a dhéanamh ar an tréimhse ama a fhoráiltear leis na Rialacha seo chun aon toghairm a sheirbheáil nó a thaisceadh lena taifeadadh, ar choinníoll nach foláir nóta i dtaobh ghiorrú nó fhadú na tréimhse ama le haghaidh seirbheála a fhormhuiniú ar an toghairm bhunaidh agus ar an gcóip a eiseofar chun a seirbheála agus nach foláir don Bhreitheamh é a shíniú;

(b) aon toghairm a leasú.

(2) D’ainneoin fho-riail (1), ní foláir aon iarratas chun cás a shonrú faoi alt 2 den Summary Jurisdiction Act 1857 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear leis an Acht sin. 

11 Ionstraimí dúblacha ón gCúirt a eisiúint in imeachtaí coiriúla

11. Más rud é gur dealraitheach don Chúirt go bhfuil ordú nó barántas bunaidh in imeachtaí coiriúla caillte nó scriosta nó go bhfuil an céanna, go mícheart, i seilbh an pháirtí fhreasúraigh nó i seilbh duine nach bhfuil ina theideal, nó nach bhfuil sé ar fáil do na páirtithe toisc é a bheith i seilbh an Chláraitheora Contae, an Rialtóra príosúin nó an oifigigh eile atá i dteideal an céanna a bheith aige nó aici, féadfaidh an Chúirt dúblach den ordú nó den bharántas a eisiúint. Is ar fhógra ocht n-uaire an chloig is daichead a thabhairt don pháirtí freasúrach agus don Chléireach a dhéanfar iarratas ar dhúblach den sórt sin. I gcás go gceadóidh an Breitheamh an dúblach a eisiúint, scríobhfar nó stampálfar an focal “Dúblach” go soiléir ar a aghaidh. 

12 Conas is féidir fógra a thabhairt do Cheannfort den Gharda Síochána

12. I gcás go gceanglófar, faoi na Rialacha seo, fógra a thabhairt do Cheannfort den Gharda Síochána, féadfar an fógra a thabhairt tríd an bhfógra a fhágáil leis an gCeannfort nó leis an oifigeach a bheidh i bhfeighil an stáisiúin de chuid an Gharda Síochána dá ngníomhóidh an Ceannfort nó tríd an bhfógra a chur ar aghaidh leis an bpost réamhíoctha chuig an gCeannfort agus, i gcás go gcuirfear fógra leis an bpost, measfar go mbeidh an fógra faighte an lá a gheobhaidh an Ceannfort an fógra iarbhír. 

13 Na fógraí go léir le bheith i scríbhinn

13. Ní foláir gur i scríbhinn a bheidh na fógraí go léir a cheanglaítear leis na Rialacha seo a thabhairt in imeachtaí coiriúla mura n-údaróidh an Chúirt go sainráite iad a thabhairt ar shlí eile. 

14 An Chúirt do chinneadh cleachtais i gcás nach bhforordófar é

14. I gcás nach mbeidh foráil ar bith déanta in aon reacht ná sna Rialacha seo lena rialófar cleachtas agus nós imeachta in imeacht coiriúil áirithe, féadfaidh an Chúirt glacadh le cibé nós imeachta is cuí léi agus a bheidh i gcomhréir le ceanglais an cheartais. 

15 An éifeacht a bheidh le neamhchomhlíonadh

15. Faoi réir aon fhoráil d’achtachán, i gcás nach gcomhlíonfar na Rialacha seo ní chuirfidh sin aon imeachtaí coiriúla ar neamhní ach, i gcás neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt a ordú go measfar na himeachtaí a bheith ar neamhní, nó go gcuirfear cuid díobh ar ceal mar imeachtaí atá neamhrialta, nó go leasófar iad, nó go ndéileálfar leo, thairis sin, ar cibé slí agus ar cibé téarmaí a bheidh i gcomhréir le reacht de réir mar is cuí leis an gCúirt.