Leasuithe ar: Ordú 15

I.R. Uimh. 557 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Toghairmeacha) 2010

1. (1) Tiocfaidh na Rialacha seo, arb é na Rialacha Cúirte Dúiche (Toghairmeacha) 2010 is teideal dóibh, i ngníomh an 23ú lá de Nollaig 2010.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) agus na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.

(3) Na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 go 2010 is teideal do na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 6 d’Ordú 15:

“6. (1) I gcás gach toghairme a eiseofar ar shlí seachas trína tarchur trí mheán leictreonach chuig an duine a d’iarr í nó chuig duine a bhí ag gníomhú thar a cheann nó a ceann, déanfar cóip amháin den toghairm sin a eisiúint leis an toghairm chun a seirbheála ar gach duine chun a mbeidh an toghairm dírithe.

(2) Más rud é go n-eiseofar toghairm trína tarchur trí mheán leictreonach chuig an duine a d’iarr í nó chuig duine a bhí ag gníomhú thar a cheann nó a ceann, déanfar cóip dhílis den toghairm sin a sheirbheáil ar gach duine chun a mbeidh an toghairm dírithe.”