Ordú: 47B

Scor d'éileamh agus éileamh a tharraingt siar : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

 1 Scor d’éileamh nó de chuid de, nó éileamh nó cuid de a tharraingt siar

1. (1) Féadfaidh an t-éilitheoir:

(a) sula mbeidh láithreas agus cosaint an fhreagróra nó cosaint an fhreagróra faighte aige nó aici; nó

(b) tar éis dó nó di láithreas agus cosaint an fhreagróra nó cosaint an fhreagróra a bheith faighte aige nó aici, ach sula ndéanfaidh sé nó sí aon bheart eile sna himeachtaí (seachas aon iarratas idirbhreitheach),

(i) scor go hiomlán dá éileamh nó dá héileamh i gcoinne na bhfreagróirí go léir nó aon duine de na freagróirí trí fhógra i scríbhinn (Foirm 47B.01, Sceideal C) a sheirbheálfar ar gach freagróir agus a chomhdófar leis an gCléireach; nó

(ii) aon chuid nó aon chodanna den chúis chaingne a bheidh líomhnaithe aige nó aici a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn (Foirm 47B.01, Sceideal C) a sheirbheálfar ar gach freagróir agus a chomhdófar leis an gCléireach.

(2) I gcás go seirbheálfaidh éilitheoir fógra faoi fho-riail (1), ní foláir don éilitheoir costais an fhreagróra i leith na n-imeachtaí a íoc nó, más rud é nach scoirfear go hiomlán den éileamh, na costais a bheidh tagtha den chuid den chúis chaingne líomhnaithe a bheidh tarraingthe siar, a íoc.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-riail (2) maidir le héilimh bheaga.

(4) Más rud é nach gcomhaontófar é, féadfaidh an Chúirt an scála costas nó an méid costas, is infheidhme, a chinneadh.

(5) Ní cosaint ar aon éileamh a dhéanfar ina dhiaidh sin go ndearnadh scor d’éileamh nó éileamh a tharraingt siar faoi fho-riail (1).

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear san Ordú seo, ní fhéadfaidh éilitheoir éileamh a tharraingt siar ná scor de gan cead ón gCúirt.

(7) Féadfaidh an Chúirt, ag an éisteacht nó ag an triail, ar iarratas ón éilitheoir, a ordú nó a cheadú go scoirfear den éileamh, nó go scriosfar amach aon chuid den chúis chaingne líomhnaithe, ar cibé téarmaí maidir le costais agus maidir le haon chaingean eile agus eile is cóir leis an gCúirt. 

2 Cosaint a tharraingt siar

2. (1) Féadfaidh an Chúirt, ag an éisteacht nó ag an triail, ar iarratas ón bhfreagróir, a ordú nó a cheadú go ndéanfar forais cosanta uile an fhreagróra nó aon chuid dá fhorais cosanta nó dá forais cosanta a scriosadh amach ar cibé téarmaí maidir le costais agus maidir le haon chaingean eile agus eile is cóir leis an gCúirt.

(2) Ní fhéadfaidh páirtí a mbeidh láithreas agus cosaint in imeacht comhdaithe aige nó aici an chosaint ná aon chuid di a tharraingt siar gan cead ón gCúirt de réir fho-riail (1). 

3 Éileamh a tharraingt siar le toiliú

3. (1) Nuair a dhéanfaidh na páirtithe éileamh is ábhar d’aon fhógra éilimh a shocrú nó a chomhréiteach agus nuair nach gá dul ar aghaidh leis os comhair na Cúirte, ní foláir do na páirtithe toiliú i scríbhinn a bheidh sínithe ag an dá pháirtí (nó ag a n-aturnaetha) a thabhairt ar aird don Chléireach lena ndaingneofar nach bhfuil an t-éileamh ag dul ar aghaidh.

(2) Beidh feidhm ag fo-riail (1) cibé acu a bheidh nó nach mbeidh dáta le haghaidh trialach sannta don fhógra éilimh. 

4 Breithiúnas i leith costais a bhaineann le scor d’éileamh

4. Beidh freagróir i dteideal breithiúnas i leith costais aon imeachtaí dá scoirfear go hiomlán ina choinne nó ina coinne, nó i leith na gcostas a bheidh tagtha den ábhar a bheidh tarraingthe siar más rud é nach scoirfear go hiomlán den chaingean, mura n-íocfar na costais lena mbaineann laistigh de cheithre lá tar éis don Chúirt méid na gcostas a chomhaontú nó a shocrú. 

5 Bac ar éileamh iardain

5. Más rud é go ndéanfar aon éileamh iardain a thionscnamh sula n-íocfar costais éilimh a mbeidh scortha de, maidir leis an gcúis chéanna chaingne nó le cúis chaingne a bheidh go substainteach ar aon dul léi, féadfaidh an Chúirt a ordú bac a chur ar an éileamh iardain go dtí go mbeidh costais an éilimh a mbeidh scortha de íoctha. 

6 Costais

6. Más rud é nach mbeidh an méid costas dá dtagraítear san Ordú seo sonraithe i Sceideal na gCostas nó nach gcomhaontóidh na páirtithe air, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón éilitheoir nó ón bhfreagróir, de réir mar a bheidh, an scála costas a mbeidh feidhm aige a chinneadh, agus más rud é nach ann do scála cuí ar bith den sórt sin, féadfaidh an Chúirt méid na gcostas sin a chinneadh. 

7 Éilimh bheaga—scor d’imeacht nó d’éileamh nó imeacht nó éileamh a tharraingt siar

7. D’ainneoin riail 1, féadfaidh éilitheoir scor d’imeacht i leith éileamh beag, nó aon chuid d’éileamh beag a tharraingt siar tráth ar bith sula mbeidh an t-imeacht i leith éileamh beag tarchurtha chun na Cúirte gan cead ón gCúirt ná toiliú ó na páirtithe eile.