Ordú: 13

Ionad

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No13-S.I. No. 203 Of 2007: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2007
No13-S.I. No. 41 Of 2008: District Court (Criminal Justice Act 2007) Rules 2008

*1. Déanfar imeachtaí coiriúla a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh—

(a) sa cheantar cúirte ar ann a deirtear a rinneadh an cion a ndéantar an cúiseamh ina leith nó, má deirtear go ndearnadh níos mó ná aon chion amháin laistigh de dhúiche Bhreithimh, aon cheann de na cionta sin; nó
(b) sa cheantar cúirte inar gabhadh an cúisí; nó
(c) sa cheantar cúirte ina bhfuil cónaí ar an gcúisí, nó
(d) sa cheantar cúirte a shonraítear le hordú arna dhéanamh de bhun fhorálacha alt 15 d’Acht na gCúirteanna, 1971.

Cionta indíotáilte

2. Má s rud é gur i leith cionta indíotáilte na himeachtaí, féadfar déileáil leis na himeachtaí sin in aon cheantar cúirte laistigh de dhúiche an Bhreithimh.

Imeachtaí achoimre má s rud é go mbeidh an cúisí i gcoimeád

3. Má s rud é gur i leith cionta achoimre na himeachtaí agus go mbeidh an cúisí i gcoimeád agus gan ar a chumas nó ar a cumas dul i mbannaí go lá ithreoidh sé nó sí ag suí den Chúirt, féadfar na himeachtaí sin a é isteacht agus a chinneadh in aon cheantar cúirte laistigh de dhúiche an Bhreithimh.

Cumhacht Bhreithimh

4. Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil san Ordú seo teorainn le cumhacht Bhreithimh chun cás a chur ar atráth ó cheantar cúirte go dtí ceantar cúirte eile, ná srian le haon chumhacht reachtúil a thugtar do Bhreitheamh nó a dhílsítear ann nó inti chun a dhlínse nó a dlínse a fheidhmiú in aon cheantar cúirte seachas i gceann de na ceantair a luaitear san Ordú seo.

* An tAcht Cú irteanna Breithiú nais, 1924 [a. 79] agus an tOrdú Cú irte Dú iche (Ceantair), 1961.