Ordú 75

Díolúintí do ghnó neamhcheadúnaithe maidineacha Domhnaigh agus Lá Fhéile Pádraig

Ionad

1. (1) Maidir le hiarratas ó shealbhóir ceadúnais (nach ceadúnas a deonaíodh de bhua mhír (2) d’alt 2 den Licensing (Ireland) Act, 1902) i leith áitribh in aon líomatáiste nach bhfuil i gcontaebhuirg ná i mbuirg eile ar ordú díolúine chun an t-áitreabh a oscailt nó a choimeád ar oscailt chun aon ghnó a sheoladh seachas deochanna meisciúla a dhíol nó a sholáthar i rith aon tréimhse áirithe amháin agus nach faide ná cúig nóiméad is daichead maidineacha Domhnaigh agus maidin Lá Fhéile Pádraig, de bhun alt 17 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh dá mbeifear ag lorg an ordaithe.

(2) Más rud é gur iarratas i leith áitribh dá mbeidh ordú díolúine den sórt sin ar marthain tráth an iarratais sin an t-iarratas, déanfar an t-iarratas ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas deich lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Fógra nuachtáin

(4) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, seacht lá ar a laghad roimh an éisteacht sin, i nuachtán a léitear sa líomatáiste.

Fógra, etc., a thaisceadh

(5) Déanfar cóip den fhógra iarratais, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(6) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 75.1, Sceideal C, a bheidh an tOrdú.

Cúlghairm nó leasu

2. (1) Más rud é gur géilleadh d’iarratas dá dtagraítear i riail 1 (1) nó 1 (2) den Ordú seo, féadfar iarratas dá éis sin a dhéanamh chun aon suí den Chúirt don cheantar cúirte inar géilleadh don iarratas sin go ndéanfar an céanna a chúlghairm nó a leasú.

Fógra a sheirbheáil

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas deich lá ar a laghad roimh dhá ta éisteachta an iarratais.

Fógra nuachtáin

(3) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra i dtaobh an iarratais bheartaithe, seacht lá ar a laghad roimh an éisteacht sin, i nuachtán a léitear sa líomatáiste.

Fógra, etc., a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra iarratais, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

(5) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 75.2, Sceideal C, a bheidh an tOrdú.

Foirm an deimhnithe atá le tabhairt ag an gCléireach

3. Is de réir Fhoirm 73.3, Sceideal C, a bheidh an deimhniú a cheanglaítear ar an gCléireach a thabhairt de bhun alt 25 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, arna ionadú sa 1ú Sceideal d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, chun críche iarratais faoi riail 1 den Ordú seo.