Ordú 96

An comhshaol a chaomhnú agus truailliú a rialú

 

Iarratas ar bharántas

— ionad lena

 

1. (1) Maidir le hiarratas faoi alt 14 (5) den Acht um Thruailliú Aeir, 1987 (dá ngairtear ‘‘Acht 1987’’ anseo ina dhiaidh seo), ó dhuine ú daraithe nó ón duine a cheap é nó í, ar bharántas chun dul isteach in áitreabh, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an t-áitreabh.

 

— trí fhaisnéis faoi mhionn

 

(2) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 96.1, Sceideal C, ón duine a bheidh ag lorg an bharántais, a dhéanfar an t-iarratas sin.

 

— foirm an bharántais

 

(3) Is i bhFoirm 96.2, Sceideal C, a bheidh aon bharántas chun dul isteach in áitreabh a dheonófar de bhun na sin.

 

Iarratas ar ordú faoi alt 28A (1)

— ionad lena aghaidh

 

2. (1) Féadfar iarratas chun na Cúirte faoi fho-alt (1) d’alt 28A (a cuireadh isteach leis an tríú sceideal a ghabhann leis an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 — Uimh. 7 de 1992) d’Acht 1987 ar ordú de bhun an fho-ailt sin i ndáil le hastaíocht ó áitreabh a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann nó ina dtarlaíonn an astaíocht lena mbaineann.

 

— foirm an fhógra ina thaobh, an fógra ina thaobh a sheirbheáil agus a thaisceadh

 

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 96.3, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir i slí a fhorordaítear in alt 15 d’Acht 1987, agus déanfar é a sheirbheáil seacht lá ar a laghad nó, más rud é gur leis an bpost cláraithe réamhíoctha a bheidh an tseirbheáil á déanamh, lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é (agus, más cuí, an deimhniú postála), a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

 

— ordú ón gCúirt air

 

(3) Is i bhFoirm 96.4, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar ghéilleadh don iarratas.

 

aistriú chun na Cúirte Cuarda nó chun na hArd-Chúirte

 

(4) Más rud é, de bhun fhorálacha alt 28A (1) (c) (i) d’Acht 1987, go n-aistreoidh an Chúirt iarratas arna dhéanamh faoin bhfo-alt sin (1) chun na Cúirte Cuarda nó chun na hArd-Chúirte, is i bhFoirm 96.5, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ag aistriú amhlaidh, agus déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú sin agus aon ordú eile arna dhéanamh sna himeachtaí, an fógra iarratais agus aon doiciméad nó foilseán eile a bheidh sínte isteach sa chúirt i ndáil leis an iarratas sin, a tharchur láithreach chuig an gCláraitheoir Contae cuí nó, de réir mar a bheidh, chuig Cláraitheoir cuí na hArd-Chúirte.

 

Iarratais ar orduithe faoi alt 55

 

3. (1) Féadfar iarratais chun na Cúirte faoi alt 55 d’Acht 1987 i ndáil le hoibreacha a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh, agus i ndáil le costas na n-oibreacha sin, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh ar maidir leis atáthar ag lorg na n-orduithe.

 

— faoi alt 55 (2)

 

(2) Sula ndéanfar iarratas ar ordú faoi alt 55 (2) d’Acht 1987 lena meastar gur tugadh toiliú agus lena n-ordaítear oibreacha a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh, déanfar fógra i bhFoirm 96.6, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

 

— faoi alt 55 (3)

 

(3) Sula ndéanfar iarratas ar ordú faoi alt 55 (3) d’Acht 1987 i ndáil le costas oibreacha a cheanglaítear a dhéanamh de bhun an Achta sin, déanfar fógra i bhFoirm 96.7, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir.

 

— fógraí ina dtaobh a sheirbheáil

 

(4) Is i slí a fhorordaítear in alt 15 den Acht sin a dhéanfar fógra iarratais a sheirbheáil a cheanglaítear a sheirbheáil leis an riail seo. Déanfar an tseirbheáil seacht lá ar a laghad nó, má tá an tseirbheáil á déanamh leis an bpost cláraithe réamhíoctha, lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

Déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é (agus, más cuí, an deimhniú postá la), a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

 

— orduithe ón gCúirt

 

(5) Is i bhFoirm 96.896.9, Sceideal C, de réir mar a bheidh, fara aon mhodhnuithe is gá i gcásanna áirithe, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar ghéilleadh d’iarratas lena mbaineann an riail seo.

 

 

— faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 (Uimh. 1 de 1977)

 

Mínithe

 

4. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 1977’’ an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 (Uimh. 1 de 1977);

ciallaíonn ‘‘Acht 1990’’ an tAcht Rialtais A´ itiú il (Truailliú Uisce) (Leasú), 1990 (Uimh. 21 de 1990).

 

Iarratas faoi alt 10

— ionad lena aghaidh

 

5. (1) Féadfar iarratas ar ordú faoi alt 10 (1) d’Acht 1977 (arna ionadú le halt 7 d’Acht 1990) a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil na huiscí lena mbaineann nó ina bhfuil an talamh nó an t-áitreabh eile as a ndéantar an dul amach nó an scardadh lena mbaineann.

 

— fógra ina thaobh

 

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 96.10, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an duine a mbeifear ag iarraidh an ordaithe ina choinne nó ina coinne (an freagróir) agus, más rud é nach údarás áitiúil nó bord réigiúnach é nó í an t-iarratasóir, ar an údarás áitiúil nó bord réigiúnach ar ina limistéar feidhme atá na huiscí lena mbaineann.

 

— seirbheáil

 

Déanfar an fógra a sheirbheáil de réir fhorálacha alt 32 d’Acht 1977 seacht lá ar a laghad nó, más rud é go mbeidh an tseirbheáil á déanamh leis an bpost réamhíoctha cláraithe, lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

 

— taisceadh

 

Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta agus dearbhaithe, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é (agus, más cuí, an deimhniú postála), a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

 

Ordú ó n gCúirt

 

(3) Is i bhFoirm 96.11, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar ghéilleadh don iarratas. Déanfar cóipeanna den ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir agus ar an údarás áitiúil nó bord réigiúnach iomchuí.

Iarratas ar bharántas

— ionad lena aghaidh

 

6. (1) Féadfar iarratas ar bharántas faoi alt 28 (7) d’Acht 1977 chun dul isteach in áitreabh nó i soitheach a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an t-áitreabh nó an soitheach.

 

— trí fhaisnéis faoi mhionn

 

(2) Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 96.12, Sceideal C, a dhéanfar an t-iarratas sin.

 

Foirm an bharántais

 

(3) Is i bhFoirm 96.13, Sceideal C, a bheidh aon bharántas a dheonófar de bhun an iarratais sin.

 

 

— faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 (Uimh. 7 de 1992)

 

Iarratas ar bharántas

— ionad lena aghaidh

 

7. (1) Féadfar iarratas faoi alt 13 (6) den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, ar bharántas chun dul isteach in áitreabh a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an t-áitreabh.

 

— trí fhaisnéis faoi mhionn

 

(2) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 96.14, Sceideal C, ó n duine atá ag iarraidh go n-eiseofar an bará ntas, a dhéanfar an t-iarratas sin.

 

Foirm an bharántais

 

(3) Is i bhFoirm 96.15, Sceideal C, a bheidh aon bharántas chun dul isteach in áitreabh a dheonófar de bhun an iarratais sin.

 

Gearán i ndáil le torann

— ionad lena aghaidh

 

8. (1) Féadfar gearán chun na Cúirte faoi alt 108 (1) den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, i ndáil le torann a líomhnaítear a bheith chomh mór, chomh leanú nach, chomh minic, chomh fada sin nó chomh hard sin nó ag tarlú ag tráthanna gur cúis réasúnach crá é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil foinse an torainn suite.

 

— fógra ina thaobh seirbheáil taisceadh

 

(2) Sula ndéanfar gearán den sórt sin, déanfar fógra, san fhoirm a fhorordaítear sna Rialacháin um an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 (Torann), 1994 (I.R. Uimh. 179 de 1994), i dtaobh é a bheith ar intinn an gearán sin a dhéanamh, a eisiúint agus a sheirbheáil, laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, ar an gcosantóir, is é sin le rá, an duine a líomhnaítear gurbh é nó í a rinne an torann nó ba chúis leis nó a bhí freagrach as. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha alt 14 den Acht sin, agus déanfar an chóip bhunaidh den fhógra, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach.

 

Foirm an ordaithe cúirte

 

(3) Más rud é, ar an ngearán sin a éisteacht, go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoin alt sin 108 (1), is i bhFoirm 96.16, Sceideal C, a bheidh an t-ordú.