Ordú: 45E

Leasú : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No 45E-S.I. No. 598 Of 2014: District Court (General) Rules 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Cumhacht Cúirte leasú a cheadú

1. (1) Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim d’imeachtaí sibhialta:

(a) a cheadú d’aon pháirtí a ráiteas éilimh nó a phléadáil nó a pléadáil a athrú nó a leasú ar an tslí agus ar na téarmaí a mheasfaidh an Chúirt is cóir;

(b) aon leasú a bheidh déanta cheana féin a dhícheadú; nó

(c) aon locht nó earráid in aon imeacht a leasú.

(2) Ní foláir na leasuithe go léir a cheadú is gá chun a chinneadh cad iad na fíorcheisteanna atá faoi chonspóid idir na páirtithe. 

2 An tslí ina ndéanfar leasú

2. (1) Féadfar pléadáil nó doiciméad eile a leasú trí athruithe i scríbhinn a dhéanamh ar an gcóip a bheidh seirbheáilte, agus ar an gcóip a bheidh comhdaithe. Más gá, féadfar leasuithe forleithne a leagan amach ar bhileoga breise páipéir a bheidh le cur isteach sa phléadáil in áit a shonrófar sa phléadáil.

(2) Nuair a bheidh leasú déanta, ní foláir an doiciméad leasaithe a fhormhuiniú mar seo a leanas: “Arna leasú an ..... lá de ..... 20.... de bhun Ordú arna dhátú an .... lá de ..... 20....”.

(3) Ní foláir líne a chur faoi na leasuithe go léir chun na leasuithe a idirdhealú ón téacs bunaidh. 

3 Earráidí cléireachais

3. Féadfaidh an Chúirt aon dearmad cléireachais i mbreithiúnas nó in ordú, nó aon earráid a tharlóidh de thaisme i mbreithiúnas nó in ordú mar gheall ar aon bhotún nó easnamh, a cheartú tráth ar bith ar iarratas trí fhógra foriarratais ón bpáirtí a mbeidh an ceartú á lorg aige nó aici iar bhfógra chun an pháirtí a mbeifear ag iarraidh go ndéanfaidh an ceartú sin difear dó nó di.