Ordú: 49A

Cásbhainistiú : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Ordacháin um chásbhainistiú

1. (1) Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith agus ó am go ham, uaithi féin agus tar éis na páirtithe a éisteacht, cibé ordacháin a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, maidir le seoladh imeachtaí sibhialta, is dealraitheach a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar shlí a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh di costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis na Rialacha seo, féadfaidh an Chúirt:

(a) a chinntiú go ndéanfar na saincheisteanna, cibé acu is saincheisteanna fíorais nó dlí, a mhíniú chomh soiléir, chomh cruinn agus chomh beacht agus is féidir;

(b) ordacháin um chásbhainistiú a thabhairt maidir leis na bearta a bheidh fós le déanamh chun an cás a ullmhú le haghaidh trialach agus maidir leis an gclár ama chun ullmhú an cháis le haghaidh trialach a chríochnú agus chun na críche sin, féadfaidh sí aon chlár ama a mholfaidh na páirtithe a ghlacadh más deimhin léi go mbeidh sé réasúnach;

(c) orduithe a dhéanamh nó ordacháin a thabhairt i leith pléadálacha, ráitis maidir le saincheisteanna a mhalartú idir na páirtithe, saincheisteanna a bheidh faoi dhíospóid idir na páirtithe a shainaithint, sonraí, follasú, doiciméid a iniúchadh, nó eile, is gá nó is fóirsteanach;

(d) fiosrúcháin a dhéanamh de na páirtithe chun fad dóchúil na trialach, agus na socruithe, más ann, le haghaidh finnéithe, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (lena n-áirítear le haghaidh físchomhdhála) agus aon socruithe eile a cheanglófar a dhéanamh le haghaidh na trialach, a fhionnadh;

(e) am agus modh na trialach a shocrú, agus féadfaidh sí dáta a shocrú le haghaidh trialach agus féadfaidh sí freisin ordacháin a thabhairt i dtaobh fógra trialach a sheirbheáil;

(f) aon orduithe a dhéanamh agus aon ordacháin a thabhairt i leith socruithe le haghaidh na trialach is dóigh leis an gCúirt is gá;

(g) a ordú d’aon fhinnéithe saineolacha dul i gcomhairle le chéile laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Chúirt—

(i) chun na saincheisteanna a shainaithint, is saincheisteanna ar ina leith a bhfuil ar intinn acu fianaise a thabhairt,

(ii) chun teacht ar chomhaontú, más féidir, maidir leis an bhfianaise a bhfuil ar intinn acu a thabhairt i leith na saincheisteanna sin, agus

(iii) chun aon ábhar a bhreithniú a n-ordóidh an Chúirt dóibh é a bhreithniú,

agus féadfaidh sí a cheangal ar na finnéithe sin sonraí i dtaobh thoradh a gcomhchomhairliúchán a thaifeadadh i meabhrán a bheidh le cur acu faoi bhráid an Chléirigh i gcomhpháirt agus a dhéanfaidh siad a sheachadadh ar na páirtithe, laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Chúirt, ar choinníoll nach ceadmhach d’aon toradh den sórt sin a bheith ina cheangal ar aon bhealach ar na páirtithe.

(3) Féadfaidh an Chúirt breithniú ordachán um chásbhainistiú a chur ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit de réir mar is cuí chun go bhféadfar aon ordú a dhéanfar nó aon ordachán a thabharfar a chomhlíonadh nó chun go bhféadfar aon ghníomh nó beart a dhéanamh. 

2 Atráthú chun RMD a éascú

2. Nuair a bheidh ordacháin um chásbhainistiú á mbreithniú aici, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon pháirtí de na páirtithe nó uaithi féin, a cumhachtaí a fheidhmiú de réir Ordú 49B chun iarraidh ar na páirtithe próiseas RMD a úsáid chun na himeachtaí nó an tsaincheist a shocrú nó a chinneadh agus chun orduithe iarmhartacha a dhéanamh. 

3 Taifid ar chásbhainistiú

3. (1) Ní foláir don Chléireach taifead a chothabháil, is taifead a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm leictreonach, ar na hordacháin go léir um chásbhainistiú a bheidh tugtha.

(2) Ní foláir cóip de na hordacháin um chásbhainistiú a chur ar an gcomhad Cúirte agus ní foláir cóip bhreise de na hordacháin um chásbhainistiú a chur ar fáil do pháirtí sna himeachtaí sibhialta ar iarraidh ón bpáirtí. 

4 Freastal

4. (1) In aon chás ina gcuirfidh an Chúirt na himeachtaí sibhialta ar atráth go dtí éisteacht chun ordacháin um chásbhainistiú a bhreithniú (“éisteacht ar chásbhainistiú” sa riail seo), ní foláir do na haturnaetha a láithreoidh do gach páirtí de na páirtithe nó, i gcás nach mbeidh aturnae ag feidhmiú ar son páirtí, don pháirtí é féin nó í féin, freastal ar an éisteacht ar chásbhainistiú agus ar aon atráthú di.

(2) I gcás go mbreithneoidh an Chúirt gur gá nó gurb inmhianaithe é, féadfaidh sí a ordú do pháirtí freastal ar éisteacht ar chásbhainistiú d’ainneoin go bhféadfaidh aturnae a bheith ag feidhmiú ar son an pháirtí.

(3) Ní foláir do gach ionadaí de chuid páirtí a fhreastalóidh ar éisteacht ar chásbhainistiú a chinntiú go mbeidh sé nó sí sách eolach ar na himeachtaí sibhialta agus go mbeidh údarás aige nó aici ón bpáirtí a mbeidh sé nó sí ag feidhmiú ar a shon nó ar a son chun déileáil le haon ábhair ar dóigh go ndéileálfar leo.

(4) I gcás go mbeidh abhcóide ag feidhmiú ar son páirtí, féadfaidh an t-abhcóide sin freastal ar éisteacht ar chásbhainistiú, ach maidir leis na táillí abhcóidí a bhainfidh le ceachtar páirtí as freastal ar éisteacht ar chásbhainistiú, lamhálfar iad nuair a dhéanfar na costais a thomhas ach sin i gcás go ndeimhneoidh an Chúirt amhlaidh, agus sa chás sin amháin. 

5 Féadfaidh Breitheamh a ghlacfaidh éisteacht ar chásbhainistiú diúltú triail a éisteacht

5. Féadfaidh Breitheamh a mbeidh éisteacht ar chásbhainistiú seolta os a chomhair nó os a comhair a chinneadh gur chóir an t-imeacht sibhialta a thriail os comhair Breitheamh eile.