Ordú: 46

Freastal finnéithe agus doiciméid a thabhairt ar aird : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — FREASTAL FINNÉITHE

1 Iarratas chun an Chléirigh chun toghairm fhinné a eisiúint

1. Aon pháirtí ar mian leis nó léi go bhfreastalóidh duine (“finné” san Ordú seo) chun fianaise a thabhairt nó chun aon leabhair, páipéir nó doiciméid a thabhairt ar aird don Chúirt, nó d’oifigeach don Chúirt, in aon imeachtaí sibhialta, ní foláir dó nó di iarratas a dhéanamh ar thoghairm fhinné (Foirm 46.01, Sceideal C), agus féadfaidh an Cléireach toghairm fhinné a eisiúint, lena gceanglófar ar an bhfinné a ndíreofar an toghairm chuige nó chuici ceanglais na toghairme finné a chomhlíonadh ag an am agus san áit a bheidh sonraithe sa toghairm fhinné. 

2 Iarratas chun na Cúirte chun toghairm fhinné a eisiúint

2. (1) Maidir le hiarratas chun toghairm fhinné a eisiúint lena gceanglófar ar oifigeach don Stát freastal agus aon leabhair, páipéir nó doiciméid a thabhairt ar aird don Chúirt (toghairm fhinné duces tecum), ní fhéadfar é a eisiúint ach amháin le hordú ón gCúirt ar iarratas ex parte.

(2) In aon chás ina mbainfidh deacracht le haon toghairm fhinné eile a eisiúint, féadfaidh an páirtí a mbeidh freastal finné á lorg aige nó aici iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte chun toghairm fhinné a eisiúint.

(3) Ar iarratas faoi fho-riail (1) nó faoi fho-riail (2), féadfaidh an Chúirt a ordú toghairm fhinné a eisiúint, maille le coinníollacha nó gan choinníollacha de réir mar is cuí léi, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh is cóir léi. 

3 Toghairm fhinné a sheirbheáil

3. (1) Ní foláir toghairm fhinné a sheirbheáil go pearsanta nó leis an bpost cláraithe ar an bhfinné a bheidh ainmnithe sa toghairm fhinné, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(2) Más dealraitheach don Chúirt nár tugadh tréimhse ama réasúnach d’fhinné ar a ndearnadh toghairm fhinné a sheirbheáil chun a chumasú dó nó di láithriú de réir mar a bheidh ordaithe sa toghairm fhinné, nó nár íocadh a chaiteachais nó a caiteachais réasúnacha leis nó léi chun freastal a dhéanamh nó nár tairgeadh dó nó di iad, féadfaidh an Chúirt seirbheáil na toghairme finné a chur ar ceal nó neamhaird a thabhairt uirthi. 

4 Daoine a bheidh ainmnithe i dtoghairm fhinné

4. (1) Féadfar toghairm fhinné lena gceanglófar ar fhinné freastal chun fianaise a thabhairt (toghairm fhinné ad testificandum), agus chuige sin amháin, a dhíriú chun breis agus duine amháin agus a sheirbheáil ar bhreis agus duine amháin.

(2) Féadfar toghairm fhinné lena gceanglófar ar fhinné freastal agus aon leabhair, páipéir nó doiciméid a thabhairt ar aird don Chúirt nó d’oifigeach don Chúirt (toghairm fhinné duces tecum) a dhíriú chun duine amháin, agus chuige nó chuici sin amháin, ach amháin i gcás comhpháirtithe ó tharla go bhféadfar an toghairm fhinné a dhíriú chun comhaltaí uile an ghnólachta, agus i gcás den sórt sin, ní foláir a mheas gur leorchomhlíonadh ar an toghairm fhinné é go bhfreastalóidh aon duine amháin de chomhaltaí an ghnólachta chun an doiciméad nó an ní a thabhairt ar aird, mura n-ordóidh an Chúirt dá éis sin do chomhalta sonrach de chuid an ghnólachta freastal amhlaidh. 

5 Féadfaidh oifigeach don Chúirt a cheangal go n-íocfar caiteachais

5. Más rud é go gceanglófar ar aon oifigeach don Chúirt, trí thoghairm fhinné, freastal le haon taifead nó doiciméad ag aon suí nó in aon áit lasmuigh den dúiche Chúirte ina mbeidh sé nó sí ag fónamh, féadfaidh an t-oifigeach a cheangal nach foláir don pháirtí a éileoidh air nó uirthi freastal (nó d’aturnae an pháirtí sin):

(a) leorshuim airgid a thaisceadh leis an oifigeach chun na muirir agus na caiteachais réasúnacha a bheidh air nó uirthi i leith freastail a ghlanadh, agus

(b) gealltanas a thabhairt aon mhuirir agus caiteachais réasúnacha bhreise, nach nglanfaidh an tsuim sin a taisceadh go hiomlán, a íoc.

6 Iarmhairtí a ghabhann le mainneachtain déanamh de réir toghairm fhinné

6. Más rud é, maidir le finné a bheidh toghairthe go cuí:

(a) go mainneoidh sé nó sí, gan leithscéal dleathach, freastal nó fianaise a thabhairt, nó na leabhair, na páipéir nó na doiciméid a thabhairt ar aird, de réir na toghairme finné, nó

(b) mura saorfar go cuí é nó í ó bheith i láthair, go mainneoidh sé nó sí fanacht i láthair ar feadh na héisteachta,

féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi gur toghaireadh an finné go cuí, agus gur tairgeadh a chaiteachais nó a caiteachais réasúnacha dó nó di, fíneáil a fhorchur ar an bhfinné i ngeall ar a mhainneachtain nó ar a mainneachtain nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh is cóir sna himthosca. 

7 Loghadh ar chúis a shuíomh

7. Féadfaidh an Chúirt, ar chúis a shuíomh, an t-iomlán nó aon chuid d’aon fhíneáil nó príosúnacht arna forchur faoi riail 6 a loghadh, nó féadfaidh sí a ordú go ndéanfar méid aon fhíneála a bheidh forchurtha, nó aon chuid d’aon fhíneáil a bheidh forchurtha, a íoc le páirtí i leith chostais agus chaiteachais aon atráthaithe ba ghá a dhéanamh mar gheall ar mhainneachtain an fhinné.


2 — FIANAISE TRÍ FHÍSCHOMHDHÁIL


8 Iarratas chun nasc teilifíse beo a úsáid

8. Maidir le hiarratas ar ordachán go bhféadfaidh páirtí páirt a ghlacadh in éisteacht sna himeachtaí, nó go bhféadfaidh finné fianaise a thabhairt in aon éisteacht den sórt sin, ó láthair seachas an Chúirt féin, trí nasc teilifíse beo de réir alt 26 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2008:

(a) féadfar é a dhéanamh le foriarratas iar bhfógra chun an pháirtí eile nó chun na bpáirtithe eile;

(b) féadfaidh an Chúirt é a éisteacht agus a chinneadh gan fógra foriarratais a eisiúint roimh ré tráth ar bith a bheidh ordacháin um chásbhainistiú á mbreithniú ag an gCúirt.