Ordú 101

Achomhairc chun na Cúirte Cuarda

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

 

Uim101-I.R. Uimh. 484 De 2003: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Achomhairc Chun Na Cúirte Cuarda) 2003

Uim101-I.R. Uimh. 80 De 2005: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Achomhairc Chun Na Cúirte Cuarda) 2005

Uim101-I.R. Uimh. 41 De 2008: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An Tacht Um Cheartas Coiriúil 2007) 2008

Uim101-I.R. Uimh. 405 De 2017

 

 

Foirm an fhógra, tréimhse ama le seirbheáil a dhéanamh

 

1. Is trí fhógra achomhairc (Foirm 101.1101.2, Sceideal D) a dhéanfar gach achomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne breithe ón gCúirt Dúiche agus seirbheálfar an fógra achomhairc sin ar gach páirtí a mbaineann an t-achomharc go díreach leis nó lé i laistigh de cheithre lá dhéag ón dáta ar tugadh an bhreith a mbeidh achomharc á dhéanamh ina coinne.

 

Fógra a thaisceadh

 

2. Déanfaidh an t-achomharcóir, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag sin, an chóip bhunaidh den fhógra achomhairc, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach don cheantar cúirte inar éisteadh an cás.

 

Iarratais ex parte

 

3. Is fógra dhá lá a bheidh i bhfógra achomhairc i gcoinne diúltú d’iarratas ex parte agus ní gá é a sheirbheáil ar aon duine.

 

Cúirtbhanna faoi rogha na Cúirte

 

4. Faoi réir fhorálacha 0.12, r.20, de na Rialacha seo, beidh cúirtbhanna chun críche achomhairc faoi rogha na Cúirte agus i gcás ina dteastóidh cúirtbhanna socróidh an Chúirt méid an chúirtbhanna ina gceanglófar an t-achomharcóir agus an t-urra nó na hurraí, más ann. Féadfar glacadh le suim airgid, cóimhéid leis an gcúirtbhanna, in ionad urra nó urraí. Is de réir ceann de na Foirmeacha 101.3, 101.4, 101.5, 101.6, Sceideal D, de réir mar a bheidh, a bheidh an cúirtbhanna, agus rachfar ann laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag a shocraítear le riail 1 den Ordú seo.

 

Bac ar fhorghníomhú i gcásanna sibhialta, etc.

 

5. Ach amháin i gcásanna achomharc i gcoinne orduithe ag cimiú chun príosúin faoi na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 agus 1940, nó mura bhforáiltear a mhalairt, ní oibreoidh achomharc mar bhac ar fhorghníomhú in imeachtaí sibhialta nó in imeachtaí Achoimre de chineál sibhialta mura dtabharfaidh an Chúirt ordú amhlaidh agus ansin féin ar cibé téarmaí a shocróidh an Chúirt.

 

Bac ar fhorghníomhú i gcásanna coiriúla, etc.

 

6. Oibreoidh achomharc mar bhac ar fhorghníomhú in imeachtaí coiriúla agus in orduithe ag cimiú chun príosúin faoi na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 agus 1940. I gcás, áfach, ina n-éileoidh an Chúirt cúirtbhanna, ní oibreoidh achomharc mar bhac ar fhorghníomhú mura rachfar sa chúirtbhanna laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag sin. Déanfar an t-achomharcóir, más i gcoimeád dó nó di, a scaoileadh saor ar an bhfógra achomhairc a thabhairt agus nuair a rachfar sa chúirtbhanna, más ann. In aon chás inar forchuireadh pionós airgeadaíochta ar an achomharcóir, féadfaidh an Chúirt, ar an tréimhse ama a ceadaíodh leis an ordú chun an pionós a íoc a bheith imithe in éag, an barántas cimithe d’éagmais íocaíochta a eisiúint, mura mbeidh an t-achomharcóir tar éis dul sa chúirtbhanna.

 

Más rud é go mbeidh páirtí i gcoimeád

 

7. Maidir le haon pháirtí ar mian leis nó léi achomharc a dhéanamh, más i gcoimeád dó nó di, soláthróidh Rialtóir an phríosúin nó na háite coinneála eile nó an Ceannfort nó an Cigire den Gharda Síochána a bhfuil an páirtí sin ina choimeád nó ina coimeád na foirmeacha is gá dó nó di. Nuair a bheidh siad comhlánaithe, déanfaidh an Rialtóir, an Ceannfort nó an Cigire sin, de réir mar a bheidh, na foirmeacha sin a tharchur láithreach chuig an gCléireach agus déanfaidh comhalta den Gharda Síochána an fógra achomhairc a bheidh le seirbheáil a sheirbheaíl ar an bpáirtí freasúrach, agus déanfaidh an comhalta sin den Gharda Síochána an dearbhú reachtúil a cheanglaítear leis an Ordú seo, agus déanfar an dearbhú sin a thaisceadh leis an gCléireach.

 

Seirbheáil ar aturnae

 

8. Aon uair a bheidh an páirtí, a mbeidh fógra achomhairc le seirbheaíl air nó uirthi, tar éis láithriú trí aturnae ag an éisteacht, féadfar gach uile fhógra agus gach uile dhoiciméad eile a bheidh le seirbheáil ar an bpáirtí sin a sheirbheáil ar an aturnae ar tríd nó tríthi a láithrigh an páirtí sin amhlaidh, agus féadfar an tseirbheáil sin a dhéanamh trí na doiciméid a fhágáil in oifig an aturnae sin.

 

An modh seirbheála

 

9. Is é an modh chun aon fhógra achomhairc a sheirbheáil ar pháirtí nach mbeidh láithriú déanta aige nó aici trí aturnae mar a dú radh, ná trína sheirbheáil go pearsanta ar an bpáirtí sin, nó trína fhágáil in áit chónaithe, oifig, nó ionad gnó an pháirtí sin, le cléireach, searbhónta, banchéile, fearchéile, leanbh nó le haon duine eile ansin atá os cionn sé bliana déag d’aois, nó trína chur leis an bpost i gclúdach cláraithe a bheidh dírithe chuig an bpáirtí sin san á it chónaithe, oifig nó ionad gnó is deireanaí is eol a bheith aige nó aici, agus is trí dhearbhú reachtúil, a thaiscfear leis an gcléireach, arna dhéanamh, a chruthófar an tseirbheáil sin.

 

Doiciméid a thaisceadh

 

10. Más rud é, faoin Ordú seo, go gceanglófar nó go n-údarófar aon doiciméad a thaisceadh leis an gCléireach, nó go gceanglófar nó go n-údarófar aon fhógra a thabhairt don Chléireach, féadfar an doiciméad nó an fógra sin a thaisceadh nó a thabhairt trína fhágáil leis an gCléireach nó trína chur ar aghaidh leis an bpost réamhíoctha chuig an gCléireach agus, sa chás deiridh sin, is é an lá a bhfaighidh an Cléireach an doiciméad nó an fógra iarbhír dáta an taiscthe nó na fá la.

 

Ní eiseoidh barántas fad a bheidh achomharc ar feitheamh — má eisítear é, é a chur ar ais

 

11. I gcásanna coiriúla agus i gcásanna orduithe chun duine a chimiú chun príosúin faoi na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 agus 1940, más rud é go dtaiscfear achomharc agus go rachfar sa chúirtbhanna, más ann, agus nach mbeidh an barántas eisithe chun an tOrdú a fhorghníomhú, ní eiseofar an barántas sin go dtí go dtabharfar breith ar an achomharc nó go dtí go mainneoidh an t-achomharcóir coinníoll an chúirtbhanna a chomhlíonadh, de réir mar a bheidh. Más rud é go mbeidh an barántas eisithe ach nach mbeidh sé forghníomhaithe, tabharfaidh an Cléireach fógra láithreach don Cheannfort den Gharda Síochána go bhfuiltear tar éis achomharc a thaisceadh agus dul i gcúirtbhanna, más ann, agus cuirfidh an Ceannfort sin an barántas ar ais chun an Chléirigh sin lena chealú ag an gCúirt.

 

An Cléireach do chur deimhnithe chuig an gCláraitheoir Contae

 

12. I ngach achomharc, seachas achomharc i gcás sibhialta, déanfaidh an Cléireach deimhniú a bheidh de réir Fhoirm 101.8, Sceideal D, a shíniú agus a tharchur chuig an gCláraitheoir Contae, mar aon leis na doiciméid a shonraítear in Ordú 43, riail 1, de na Rialacha Cúirte Cuarda, 1950 (I.R. Uimh. 179 de 1950).

 

Forghníomhú orduithe i ndiaidh achomhairc

 

13. Nuair a chuirfear Foirm 101.8, dá dtagraítear i riail 12, ar ais agus deimhniú an Chláraitheora Contae arna chomhlánú go cuí uirthi, agus más rud é nach mbeidh an Breitheamh Cuarda tar éis a chur faoi deara an barántas a eisiúint is gá chun an t-ordú a fhorghníomhú, déanfaidh an Cléireach an barántas nó na barántais is gá a ullmhú láithreach agus eiseoidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche é nó iad agus déanfaidh sé nó sí gach beart breise is gá chun go bhforghníomhó far an ciontú nó an t-ordú arna dhearbhú nó arna athrú agus chun go bhforghníomhó far íoc aon chostas, cúitimh nó caiteachas a bheidh dáfa ag an mBreitheamh Cuarda. I gcásanna coiriúla, cuirfidh an Ceannfort den Gharda Síochána in iúl don Chléireach aon chás nár chuir an Breitheamh Cuarda faoi deara an barántas ba ghá a eisiúint.