Ordú 93

Tithíocht (teaghaisí príobháideacha ar cíos)

Míniú

1. San Ordú seo— ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 (Uimh. 6 de 1982), arna leasú le hAcht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) (Leasú), 1983 (Uimh. 22 de 1983).

Ionad

2. Féadfar imeachtaí faoin Acht a thionscnamh, a éisteacht nó a chinneadh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an teaghais a dtionscnaítear na himeachtaí maidir léi.

Fógraí agus orduithe ón gCúirt

3. (1) Sula ndéanfar iarratas chun na Cúirte faoi alt 9 (5) den Acht ar ordú á chinneadh cé bheidh ina thionónta nó ina tionónta, déanfar fógra i bhFoirm 93.1, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar gach duine de theaghlach an tionónta bhunaidh a bhí bona fide ina chónaí nó ina cónaí sa teaghais tráth an bháis iomchuí, agus ar thiarna talún na teaghaise. Is i bhFoirm 93.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt.

 

(2) Má tharlaíonn díospóid, faillí nó ceist i gcomhlíonadh ordaithe ón gCúirt, sula ndéanfar an t-iarratas chun na Cúirte faoi alt 12 (4) den Acht déanfar fógra i bhFoirm 93.3, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpáirtí eile. Is i bhFoirm 93.4, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt.

 

(3) Sula ndéanfar iarratas chun na Cúirte faoi alt 15 den Acht ag lorg cúitimh i leith feabhsúchán, déanfar fógra i bhFoirm 93.5, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an tiarna talún. Is i bhFoirm 93.6, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt.

 

(4) I gcás ina bhféachfar le seilbh a aisghabháil ar theaghais faoi alt 16 den Acht, sula ndéanfar iarratas chun na Cúirte déanfar fógra i bhFoirm 93.7, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an tionónta. Is i bhFoirm 93.8, Sceideal C, a bheidh an barántas chun seilbh a sheachadadh.

 

(5) Sula ndéanfar iarratas chun na Cúirte faoi alt 18 den Acht chun bac a chur ar fhorghníomhú nó chun dá ta an tsealbhaithe a chur siar, déanfar fógra i bhFoirm 93.9, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sna himeachtaí. I gcás práinne, áfach, féadfar an t-iarratas a dhéanamh ex parte ar fhógra a thaisceadh leis an gCléireach agus, más rud é go ngéillfidh an Chúirt don iarratas sin, déanfaidh an Cléireach fógra dá réir a thabhairt láithreach don fhreagróir.

 

(6) Más rud é go lorgófar cúiteamh faoi alt 19 den Acht, sula ndéanfar an t-iarratas chun na Cúirte déanfar fógra i bhFoirm 93.10, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an tiarna talún. Is i bhFoirm 93.11, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt.

 

(7) Sula ndéanfar achomharc chun na Cúirte faoi alt 26 (5) den Acht, déanfar fógra i bhFoirm 93.12, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an údarás tithíochta agus ar an tionónta. Is i bhFoirm 93.13, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt.

Fógraí a sheirbheáil

4. (1) Maidir le fógraí a cheanglaítear leis an Ordú seo a sheirbheáil, déanfar iad a sheirbheáil de réir fhorálacha alt 4 den Acht, agus i gcás ar leis an bpost réamhíoctha cláraithe a dhéantar an tseirbheáil beidh feidhm ag forálacha alt 7 d’Acht na gCúirteanna, 1964, arna leasú.

 

(2) Seirbheálfar gach fógra den sórt sin mí ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte a mbeidh freagra ar an bhfógra le tabhairt di. Is trí dhearbhú reachtúil a chruthófar go ndearnadh an tseirbheáil. Déanfar an chóip bhunaidh de gach fógra den sórt sin, agus an dearbhú reachtúil formhuinithe uirthi, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta suí na Cúirte.

Taiscí

5. Más rud é go mbeidh fógra faoi iarratas faoi alt 15 den Acht ag lorg cúitimh i leith feabhsúchán seirbheáilte, féadfaidh an tiarna talún, tráth nach déanaí na seacht lá tar éis na seirbheála, suim airgid a deir sé nó sí a bheith leordhóthanach chun an t-éileamh a shásamh, mar aon leis na costais chuí de réir an scála do chásanna neamhchosanta, a thaisceadh sa chúirt, agus déanfaidh sé nó sí an tráth céanna fógra i scríbhinn faoin taisceadh a thabhairt don iarratasóir, agus beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Ordú 41 de na Rialacha seo a bhaineann le taiscí maidir le haon taisceadh den sórt sin, ach amhá in nach gá fógra go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh.

Costais

6. Is de réir na scálaí cuí a leagtar amach i Sceideal na gCostas a ghabhann leis na Rialacha seo nó le haon scálaí dá samhail in aon sceideal eile den sórt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a bheidh costais imeachtaí faoi ailt 15 agus 16 den Acht, má cheadaítear iad. Beidh costais aon imeachtaí eile faoin Acht faoi rogha na Cúirte agus féadfar iad a thomhas faoi Ordú 51, r.14, de na Rialacha seo.